An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946) Ar Aghaidh (CUID II. Foraoiseacht a chur ar Aghaidh agus Foraoisiu a Fhorbairt, agus Adhmad a Thairgeadh agus a Sholathar.)

13 1946

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1946

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire chuige sin le hordú.

Mínithe go ginearálta.

2. —San Acht seo—

Acht 1891.

ciallaíonn an abairt “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891, arna leasú leis an Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942) ;

Acht 1928.

ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an t Acht Foraoiseachta, 1928 (Uimh. 34 de 1928) ;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an dáta ar a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

adhmad.

ciallaíonn an focal “adhmad” adhmad aon chrainn;

crann.

ní fholaíonn an focal “crann” aon chrann coill, úll, plumaí daimsíní, péiríní, ná silíní a fástar ar son a thorthaí ná aon chrann sailí, ach, lasmuigh de na heisceachta sin, folaíonn sé gach crann d'aois nó de chéim fáis ar bith;

coill.

folaíonn an focal “coill” fáschoill.

Scríbhní áirithe a sheirbheáil

3. —(1) I gcás inar cead nó inar gá do réir an Achta seo don Aire nó do Choimisiún Talún na hÉireann aon doiciméid (seachas ordú toirmisc arna dhéanamh faoi fho-alt (1) d'alt 39 den Acht seo) a sheirbheáil ar dhuine ar bith, beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le seirbheáil na scríbhne sin, is é sin le rá:—

(a) féadfar an doiciméid a sheirbheáil—

(i) trína seachadadh don duine sin, nó

(ii) trína cur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag seoladh sa Stát ag a mbíonn comhnaí air nó gnó ar siúl aige de ghnáth, nó

(iii) trína cur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun gníomhaire don duine sin ag seoladh sa Stát ag a mbíonn comhnaí ar an ngníomhaire sin nó gnó ar siúl aige de ghnáth,

(b) má dheimhníonn an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann nach féidir do réir réasúin an doiciméid a sheirbheáil do réir míre (a) den fho-alt seo, is tuigthe an doiciméid a bheith arna seirbheáil go cuibhe ar an duine sin má foilsítear cóip di san Iris Oifigiúil agus is tuigthe gurb é dáta an fhoilsithe sin dáta na seirbheála.

(2) Má dhéanann an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann, faoi fho-alt (1) den alt seo, cóip de dhoiciméid, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, foilseoidh an tAire nó Coimisiún Talún na hÉireann cóip den doiciméid sin freisin i nuachtán nó nuachtáin a léitear sa cheantar ina bhfuil an talamh lena mbaineann an doiciméid sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta a cláraíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-ait ghnótha sa Stát ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe.

Ionchúiseamh i gcionta.

4. —(1) Ní déanfar imeachta mar gheall ar chion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a bhunú ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó oifigigh don Roinn Tailte, nach ísle céim ná Rúnaí Cúnta, a bheas ainmnithe ag an Aire chuige sin.

(2) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar ionchúisitheoir, gach cion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a ionchúiseamh.

(3) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta mar gheall ar chion faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo a bhunú tráth ar bith laistigh de bhliain tar éis an ama a d'éirigh an chúis ghearáin.

Rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe.

(2) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , le haon rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe, ach amháin nithe a bhaineas le cleacht agus nós imeachta an Bhínse Achomairc, amhail is dá mbeadh an ní nó an rud sin á ordú chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh le rialacha arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin (1).

(3) Bainfidh fo-alt (7) d'alt 7 den Acht Talún, 1933, le haon rialacháin a dhéanfas an tAire faoin alt seo ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar i gCuid III den Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe, i gcás baint a bheith ag an ní nó an rud sin le cleacht nó nós imeachta an Bhínse Achomhairc, amhail is dá mbeadh an ní nó an rud sin á ordú chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh le rialacha arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin (7).

Athghairm.

6. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne luadh an Achtacháin sin.

Costais.

7. —Na costais uile faoina raghfar chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

An chríoch chun a gcuirfear airgead a gheobhas an tAire.

8. —An t-airgead go léir a gheobhas an tAire faoin Acht seo, déanfar é a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.