An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tACHT AIRGEADAIS, 1946) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

15 1946

An tACHT AIRGEADAIS, 1946

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1946-47.

1. —(1) Eileofar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, do réir sé scillinge agus sé pingne faoin bpunt.

(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1945, a héileofar amhlaidh í.

(3) I gcás ioncam iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, a bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaitear san alt sin 5 a bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt seo) a éileamh in aghaidh na bliana sin dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, do réir seacht scillinge agus sé pingne faoin bpunt i leith an oiread den ioncam sin agus is inchurtha faoi de bhuaidh fo-ailt (1) den alt sin 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(4) Na forála, reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán 1946, maidir le cáin ioncaim agus forcháin (lena n-áirítear forcháin bhreise), beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin (lena n-áirítear forcháin bhreise) a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946.

(5) Nuair a bheas Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) á tonasc (de bhuaidh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteannta agus faoi réir na modhnuithe seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an abairt “an 6ú lá d'Aibreán 1946” in ionad na habairte “an 6ú lá d'Aibreán, 1941,” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht sin, cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1947,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1942,” agus cuirfear na focail “deich mbliana” in ionad na bhfocal “cúig bliana” agus cuirfear an abairt “an 5ú lá d'Aibreán, 1946,” in ionad na habairte “an 5ú lá d'Aibreán, 1941,”.

Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal E den Income Tax Act, 1918, a athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal E den Income Tax Act, 1918.

Alt 3 den Acht Airgid, 1925 , a leasú.

3. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le heisceadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) ) san alt sin 3, sé sin le rá:—

“(2) Folóidh na pinsin chréachta agus mhíchumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus is tuigthe gur fholaíodar riamh gach pinsean créachta agus míchumais a deonadh faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1946, agus gach aisce i leith créacht nó míchumas a deonadh amhlaidh, agus léireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”.

Forála maidir le caillteanais a thabhairt ar aghaidh faoi alt 14 den Acht Airgid, 1929 .

4. —(1) Bainfidh an t-alt seo le haon chás—

(a) ina n-údaraíonn alt 14 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), caillteanas nó aon chuid de chaillteanas a tharla do dhuine ar bith in aon trádáil, gairm nó slí bheatha a bhí ar siúl aige a thabhairt ar aghaidh agus, an oiread is oircheas, a bhaint de mhéid, nó a chur i gcoinne méid an bhrabúis nó an ghnóthachain ar a meisiúnófar é faoi Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála, na gairme nó na slí beatha sin do na sé bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin (dá ngairmtear an tréimhse sé mblian san alt seo), agus

(b) ina bhfolaíonn an tréimhse sé mblian aon bhliain nó blianta áirithe de na blianta meisiúnachta sa tréimhse a thosnaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1939, agus a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1946.

(2) Déanfar in aon chás lena mbaineann an t-alt seo an tréimhse sé mblian a fhaidiú, agus is tuigthe í a bheith arna faidiú riamh, trí pé uimhir de bhlianta meisiúnachta, díreach i ndiaidh na tréimhse sé mblian, a chur léi is comhionann leis an uimhir de bhlianta meisiúnachta—

(a) a tháinig laistigh den tréimhse a thosnaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1939, agus a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1946, agus

(b) a tháinig i ndiaidh na bliana meisiúnachta inar tharla an caillteanas.

Lamháltas i leith taighde eolaíochta.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “taighde eolaíochta” aon obair i réim na heolaíochta nádúrtha nó feidhmiúla d'fhonn eolas a mhéadú;

folaíonn an focal “sócmhainn” cuid de shócmhainn;

ní fholaíonn an abairt “caiteachas ar thaighde eolaíochta” aon chaiteachas faoina ndeachthas ag fáil chearta i dtaighde eolaíochta nó cearta a d'éirigh as taighde eolaíochta.

(2) I gcás duine a mbeidh trádáil ar siúl aige—

(a) do dhul, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, faoi chaiteachas neamhchaipitiúil ar thaighde eolaíochta maidir leis an trádáil, nó

(b) d'íoc aon tsuime, ar an dáta sin nó dá éis, le comhlacht a mbeidh taighde eolaíochta ar siúl acu agus a bheas ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais nó le hollscoil Éireannach, ionas go bhféadfadh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta maidir leis an trádáil a ghabháil de láimh,

ansin, déanfar an caiteachas faoina ndeachthas amhlaidh nó an tsuim a híocadh amhlaidh asbhaint mar chostas nuair a bheas áireamh á dhéanamh ar bhrabús nó gnóthachan na trádála.

(3) Más rud é—

(a) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, go raghaidh duine faoi chaiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, agus

(b) (i) go mbeidh trádáil lena mbainfidh an caiteachas sin ar siúl aige an uair sin, nó

(ii) go dtionscnóidh agus go dtosnóidh sé ina dhiaidh sin trádáil a bhainfeas leis an taighde sin, agus

(c) go n-iarrfaidh sé ar an gcigire cánach lamháltas faoin bhfo-alt seo i leith an chaiteachais sin, agus

(d) go n-iarrfaidh sé sin amhlaidh—

(i) i gcás é do dhul faoin gcaiteachas le linn an trádáil a bheith ar siúl aige, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana meisiúnachta ina ndeachthas faoi, nó

(ii) i gcás é do dhul faoin gcaiteachas roimh an trádáil a thionscnamh agus a thosnú laistigh de dhá mhí déag tar éis deireadh na bliana meisiúnachta ina ndearnadh an trádáil a thionscnamh agus a thosnú,

ansin, faoi réir forál an ailt seo, lamhálfar mar ashbhaint nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na trádála don bhliain mheisiúnachta a luaitear i pé fo-mhír is infheidhme d'fho-mhíreanna (i) agus (ii) de mhír (d) den fho-alt seo, agus do gach bliain de na ceithre bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin, suim is comhionann leis na gcúigiú cuid de mhéid an chaiteachais.

(4) Más rud é go scoirfear tráth ar bith ar chúis ar bith de shócmhainn, is ionann agus caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, a úsáid don taighde sin a bhainfeas leis an trádáil a bheas ar siúl ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas, ansin—

(a) ní tabharfar aon lamháltas faoin alt seo, i leith an chaiteachais sin, d'aon bhliain mheisiúnachta i ndiaidh na bliana inar tharla an seor;

(b) i gcás a n-iomlán seo a leanas, eadhon, na lamháltais a tugadh cheana faoin alt seo i leith an chaiteachais sin agus luach na sócmhainne díreach roimh an scor, a bheith níos lú ná an caiteachas adúradh, lamhálfar mar asbhaint, nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na trádála don bhliain mheisiúnachta inar thárla an scor lamháltas breise is comhionann le méid an easnaimh;

(c) i gcás an t-iomlán sin a bheith níos mó ná an caiteachas sin, deighleálfar le méid na breise nó le hiomlán na lamháltas a tugadh amhlaidh, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag an trádáil a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor;

(d) nuair a beifear ag tabhairt feidhme do Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le héileamh i leith na sócmhainne d'aon bhliain mheisiúnachta i ndiaidh na bliana inar tharla an scor, deighleálfar le costas iarbhír na sócmhainne amhail is dá mbeadh sé arna laghdú trí iomlán na lamháltas a deonadh i leith na sócmhainne faoin alt seo a bhaint de; agus

(e) nuair a beifear ag tabhairt feidhme do Riail 7 de na Rialacha sin maidir le haon éileamh den tsórt sin, deighleálfar le costas na sócmhainne amhail is dá mbeadh sé arna laghdú tríd an t-iomlán sin a bhaint de.

(5) I gcás lamháltas faoin alt seo a dheonadh do dhuine in aghaidh aon bhliana meisiúnachta i leith caiteachais is ionann, ar fad nó i bpáirt, agus sócmhainní, ansin, in aghaidh na bliana meisiúnachta sin—

(a) ní déanfar aon asbhaint i leith na sócmhainní sin a lamháil don duine sin faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná faoi alt 18 den Finance Act, 1919, ná faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), ná faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), agus

(b) beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 5 de na Rialacha sin maidir leis na sócmhainní sin amhail is dá mbeadh an chuing a ghabhas leis an mír sin fágtha ar lár.

(6) Beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir le lamháltas faoi fho-alt (3) den alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus comailt ghléasra agus sásra.

(7) Chun críocha an ailt seo ní tuigthe duine do dhul faoi chaiteachas sa mhéid go nglantar an caiteachas sin nó go mbeidh sé le glanadh go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile seachas an duine a céadluaitear.

(8) Ní cuirfear an caiteachas céanna san áireamh chun críche ar bith de chríocha an ailt seo maidir le níos mó ná aon trádáil amháin.

Lamháltas i leith forbartha mianadóireachta.

6. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an focal “mianach” tochailt faoi thalamh arna déanamh chun mianraí a fháil;

déanfar tagairtí do chaiteachas caipitiúil, faoina ndeachthas i dtaobh mianaigh, a léiriú mar thagairtí do chaiteachas caipitiúil faoina ndeachthas—

(a) chun an mianach a fhorbairt, maidir le cuardach nó fionnachtain agus tástáil foslach mianraí nó maidir le rochtain chucu, nó

(b) maidir le déanamh aon oibreacha is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh laghdú chomh mór sin imithe ar a luach gur beag is fiú iad, más fiú dada iad,

ach léireofar iad mar thagairtí ná folaíonn tagairtí—

(c) d'aon chaiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den tsórt sin nó cearta in aon láithreán nó ar aon láithreán den tsórt sin a fháil, nó

(d) d'aon chaiteachas chun na foslaigh, nó cearta i leith na bhfoslach, a fháil, nó

(e) d'aon chaiteachas maidir le hoibreacha arna ndéanamh go hiomlán nó go formhór chun amh-tháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróiseas seachas próiseas a ceapadh chun an t-amh-tháirge a ullmhú chun a úsáite sa cháil sin;

déanfar tagairtí do shócmhainní is ionann agus caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas i dtaobh mianaigh—

(a) a léiriú mar thagairtí a fholaíos, maidir le caiteachas ar chuardach, fionnachtain agus tástáil foslach, tagairtí d'aon eolas nó torthaí eile as aon chuardach, lorg nó fiosrú a ndeachthas faoin gcaiteachas á dhéanamh, agus

(b) a léiriú mar thagairtí a fholaíos freisin tagairtí d'aon chuid de shócmhainní den tsórt sin, agus

(c) a léiriú mar thagairtí a fholaíos fós, i gcás aon tsócmhainní den tsórt sin a díthíodh nó a damáistíodh, tagairtí d'aon airgead árachais nó airgead cúitimh eile i leith an díthithe nó an damáistithe sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, ní tuigthe caiteachas a bheith arna dhéanamh ag duine a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil, sa mhéid gur glanadh an caiteachas sin nó go mbeidh sé le glanadh go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag duine ar bith eile (nach duine a raibh oibriú an mhianaigh sin ar siúl aige mar thrádáil).

(3) Duine ar bith a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil agus a bheas, ar an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, tar éis dul faoi aon chaiteachas caipitiúil i dtaobh an mhianaigh sin, féadfaidh sé lamháltas (dá ngairmtear lamháltas forbartha mianaigh san alt seo) a iarraidh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin.

(4) Féadfar lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta a iarraidh ar an gcigire cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin.

(5) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an méid a bheas i lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta i leith aon chaiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach—

(a) measfaidh an cigire cánach, go feadh a bhreithiúnais, marthanacht (dá ngairmtear an mharthanacht mheasta san alt seo) na bhfoslach, ach ní mheasfaidh marthanacht is sia ná fiche bliain dóibh,

(b) measfaidh an cigire cánach ansin méid na difríochta (dá ngairmtear an difríocht mheasta sa bhfo-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid is dóigh leis dob fhiú na sócmhainní, is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin, i ndeireadh na marthanachta measta,

(c) faoi réir forál an ailt seo, lamhálfaidh an cigire sin mar lamháltas forbartha mianaigh don bhliain mheisiúnachta sin, méid is comhionann le suim a mbeidh idir í agus an difríocht mheasta an cothrom céanna a bheas idir faid na bliana meisiúnachta sin agus faid na marthanachta measta,

(d) más sa bhliain mheisiúnachta sin a chuathas faoin gcaiteachas caipitiúil sin, ansin is tuigthe, chun críocha míre (c) den fho-alt seo, gurb ionann an bhliain mheisiúnachta sin agus an oiread sin amháin den bhliain mheisiúnachta sin a thiocfas i ndiaidh an dáta ar a ndeachthas faoin gcaiteachas caipitiúil sin.

(6) Aon lamháltas forbartha mianaigh a bhéarfar do dhuine ar bith a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil is amhlaidh a bhéarfar í mar asbhaint nuair a beifear ag muirearú brabúis nó gnóthachain na ceirde sin agus beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir leis an lamháltas amhail mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí i leith caitheamh agus comailt ghléasra agus sásra.

(7) Ní deonfar lamháltas forbartha mianaigh i leith aon chaiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach in aon chás ina mbeidh an tsócmhainn is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin ina sócmhainn a bhféadfaí asbhaint a éileamh ina leith faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó a lamháil faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), nó faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ).

(8) Más rud é go mbeifear tar éis lamháltas forbartha mianaigh d'aon bhliain mheisiúnachta a dheonadh i leith caiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach, ansin, in aghaidh na bliana meisiúnachta sin—

(a) beidh éifeacht ag mír (2) de Riail 5 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, maidir le haon tsócmhainn is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin amhail is dá mbeadh an chuing a ghabhas leis an mír sin (2) fágtha ar lár, agus

(b) ní bheidh feidhm ag alt 18 den Finance Act, 1919, maidir le haon tsócmhainn den tsórt sin.

(9) I gcás duine a mbeidh oibriú mianaigh chun bheith ar siúl aige mar thrádáil do dhul faoi aon chaiteachas caipitiúil maidir leis an mianach sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, ach roimh é do thosnú ar an trádáil sin, déanfar, chun críocha an ailt seo, an caiteachas sin a áireamh mar chaiteachas caipitiúil a ndeachthas faoi an chéad lá a tosnaíodh ar an trádáil sin.

(10) I gcás ina mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh i leith caiteachais chaipitiúil a ndeachthas faoi maidir le mianach agus ina mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú—

(a) athscrúdóidh an cigire cánach na lamháltais forbartha mianaigh sin,

(b) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur léir breis a bheith ag méid na difríochta (dá ngairmtear an difríocht sin sa bhfo-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid dob fhiú, tráth an scoir sin, na sócmhainní is ionann agus an caiteachas caipitiúil sin tráth an scoir sin ar iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, ansin féadfar lamháltais forbartha mianaigh eile a mbeidh a n-iomlán comhionann leis an mbreis a dheonadh d'aon bhliain mheisiúnachta (arb í an bhliain í ina mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach sin a oibriú nó aon bhliain roimhe sin) ach sin i dtreo ná raghaidh iomlán na lamháltas forbartha mianaigh eile sin thar an mbreis sin, agus más gá féadfar éifeacht a thabhairt don mhír seo trí aisíocaíocht a dhéanamh,

(c) más rud é, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur léir an difríocht sin a bheith níos lú ná iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, ansin, deighleálfar leis an easnamh nó le hiomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag trádáil oibrithe an mhianaigh sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor sin.

(11) I gcás an duine (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt seo) a mbeidh oibriú mianaigh ar siúl aige mar thrádáil do dhíol aon tsócmhainne le haon duine eile (nach duine is comharba don díoltóir sa cheird sin) is sócmhainn is ionann agus caiteachas caipitiúil a ndeachthas faoi maidir leis an mianach sin agus ar tugadh lamháltais forbartha mianaigh dá réir, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) má bhíonn iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime a gheobhfar as an sócmhainn sin a dhíol, níos lú de mhéid ar bith (dá ngairmtear an lamháltas neamh-ídithe sa bhfo-alt seo) ná an caiteachas caipitiúil sin, ansin, féadfar lamháltais forbartha mianaigh eile a dheonadh don díoltóir in aghaidh aon bhliana meisiúnachta (arb í bliain an díola sin í nó aon bhliain roimhe sin), ach sin i dtreo ná raghaidh iomlán na lamháltas forbartha mianaigh eile sin thar an lamháltas neamh-ídithe,

(b) má bhíonn breis ag iomlán na lamháltas forbartha mianaigh sin i dteannta na suime a gheobhfar as an sócmhainn sin a dhíol, ar an gcaiteachas caipitiúil sin, ansin, deighleálfar le méid na breise sin nó le hiomlán sin na lamháltas forbartha mianaigh, pé acu sin is lú, mar fháltas trádála ag an trádáil sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an díol sin.

(12) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh i leith caiteachais chaipitiúil faoina ndeachthas maidir le mianach a dheonadh do dhuine (dá ngairmtear an trádálaí bunaidh sa bhfo-alt seo) a raibh oibriú an mhianaigh ar siúl aige mar thrádáil, agus

(b) go dtiocfaidh duine eile (dá ngairmtear an comharba sa bhfo-alt seo) i gcomharbas na trádála sin,

féadfar leanúint de lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin don chomharba, ach i gcás ar bith ní raghaidh méid na lamháltas sin thar an méid a mbeadh teideal ag an trádálaí bunaidh chuige dá leanadh sé den trádáil sin.

(13) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis asbhaintí i leith caitheamh agus comailt a lamháil faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith aon ghléasra nó sásra a húsáitear chun críocha mianaigh a mbeifear tar éis lamháltais forbartha mianaigh a dheonadh maidir leis, agus

(b) go mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú,

beidh feidhm ag forála fo-ailt (10) den alt seo amhail is dá mba shócmhainní, dob ionann agus caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas maidir leis an mianach, an gléasra agus an sásra sin agus amhail is dá mba lamháltas forbartha mianaigh aon lamháltas a tugadh nó aon asbhaint a rinneadh faoi na hAchta Cánach Ioncaim i leith an ghléasra nó an tsásra sin.

(14) Luífidh achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a éireos faoin alt seo sa tslí chéanna ina luífeadh achomharc i gcoinne meisiúnachta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hachomhairc.