An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach agus Ginearalta.)

15 1946

An tACHT AIRGEADAIS, 1946

CUID III.

Cain Bhrabuis Chorpraide.

Cáin bhrabúis chorpráide a mheisiúnú i leith tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú Eanair, 1941, nó dáta dá éis sin.

24. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanair, 1941, nó dáta dá éis sin, sé sin le rá, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meisiúnacht chun cánach brabúis corpráide a dhéanamh tráth ar bith tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta nó na coda de thréimhse chuntasaíochta ar i leith a brabúis a déanfar an mheisiúnacht, agus mura dtugtar tuairisceán sásúil nó eolas eile chun meisiúnacht a dhéanamh dá réir, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim meisiúnacht a dhéanamh go feadh a mbreithiúnais.

(2) Scoirfidh fo-alt (4) d'alt 56 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (2) d'alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'éifeacht a bheith aige maidir le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanair, 1941, nó dáta dá éis.

(3) San alt seo, déanfar tagairt do cháin bhrabúis chorpráide a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do cháin ró-bhrabúis chorpráide agus déanfar tagairt do mheisiúnacht a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do mheisiúnacht bhreise.

Alt 37 den Acht Airgeadais, 1941 , agus alt 14 den Acht Airgeadais, 1942 , a leasú.

25. —(1) Déantar leis seo alt 37 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), a leasú mar a leanas—

(a) trí na focail agus na figiúirí “agus a chríochnós an 31ú lá de Nollaig, 1946, nó roimhe sin” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, nó dá éis sin,”;

(b) tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2)—

“(c) an bhreis a bheas ag an mbrabús (is brabús lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin iardain) a éireos nó d'éirigh sa chuid a thiocfas roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, d'aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, ar an mbrabús caighdeánach arna mhíniú mar adúradh.”;

(c) tríd an mír nua seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3)—

“(c) déanfar an brabús d'éirigh in aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, a chionroinnt idir an chuid den tréimhse chuntasaíochta sin a thiocfas roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus an chuid di a thiocfas i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1946, do réir faideanna faoi seach na gcoda sin.”

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1942 ( Uimh. 14 de 1942 ), a leasú mar a leanas—

(a) trí na focail agus na figiúirí “agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1946, nó dáta roimhe sin” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, nó dáta dá éis sin,”; agus

(b) trí na focail agus na figiúirí “agus fós an chuid roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, de thréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanair, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal agus na bhfigiúirí “1941, agus a chríochnaigh an lá sin nó dá éis,”.

Léiriú Coda III.

26. —Léifear agus léireofar an Chuid seo den Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain, agus go háirithe léifear agus léireofar í i dteannta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942) , Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943) , agus Coda II den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) .