19 1946


Uimhir 19 de 1946.


AN tACHT BUANUITHE SCÉIMEANNA CÚITIMH, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE, AR SHLÍ THEORANTA, AR SCÉIMEANNA ÁIRITHE CÚITIMH FAOIN ACHT CUMHACHTA PRÁINNE, 1939, I LEITH DÍOBHÁLA AGUS CAILLTEANAIS PEARSANTA. [16ú Iúil, 1946].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na scéimeanna cúitimh do shíbhialtaigh a bhuanú.

1. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Phríomh-Scéim” an Scéim Chumhachta Práinne (Cúitimh i nDíobhála Pearsanta) (Síbhialtaigh), 1942 (R. & O. R., Uimh. 229 de 1942);

ciallaíonn an abairt “an chéad Scéim leasaitheach” an Scéim um an Scéim Chumhachta Práinne (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta) (Síbhialtaigh), 1942 (An Chéad Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 7 de 1943 );

ciallaíonn an abairt “an dara Scéim leasaitheach” an Scéim um an Scéim Chumhachta Práinne (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta) (Síbhialtaigh), 1942 (An Dara Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 231 de 1943);

ciallaíonn an abairt “na Scéimeanna” an Phríomh-Scéim, an chéad Scéim leasaitheach agus an dara Scéim leasaitheach.

(2) Leanfaidh na Scéimeanna i bhfeidhm tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, faoi réir an mhodhnuithe go gciallóidh ar abairt “díobháil cháilitheach” iontú aon díobháil phearsanta a fulaingeadh ar an dáta sin nó roimhe agus lenar bhain, nuair a fulaingeadh í, an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 98), 1941 (R. & O. R., Uimh. 354 de 1941).

(3) Má dhéanann duine ar bith, tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, sárú ar mhír (1) d'Airteagal 37 den Phríomh-Scéim, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine ar bith a bheith ag fáil aon chúitimh faoi na Scéimeanna i bhfoirm liúntais leanúnaigh a fuarthas de dhruim ráitis bhréagaigh agus an duine sin a chiontú i gcion (arb é is foras dó aon ráiteas i scríbhinn a thabhairt, a shíniú nó a úsáid contrártha do mhír (1) d'Airteagal 37 den Phríomh-Scéim) faoin alt seo, urghéillfidh sé an cúiteamh sín amhail ar dháta agus ó dháta an chiontuithe sin.

Na scéimeanna cúitimh don Fhórsa Chosanta Áitiúil a bhuanú.

2. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Phríomh-Scéim” an Scéim Chumhachta Práinne (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta) (An Fórsa Cosanta Áitiúil), 1942 (R. & O. R., Uimh. 451 de 1942);

ciallaíonn an abairt “an Scéim leasaitheach” an Scéim um an Scéim Chumhachta Práinne (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta) (An Fórsa Cosanta Áitiúil), 1942 (An Chéad Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 433 de 1943);

ciallaíonn an abairt “na Scéimeanna” an Phríomh-Scéim agus an Scéim leasaitheach.

(2) Leanfaidh na Scéimeanna i bhfeidhm tar éis an lú lá de Mheán Fómhair, 1946, faoi réir an mhodhnuithe go gciallóidh an abairt “díobháil cháilitheach” iontu aon díobháil phearsanta, do réir bhrí na Scéimeanna, a fulaingeadh an 31ú lá de Mhárta, 1946, nó roimhe sin agus lenar bhain, nuair a fulaingeadh í, Airteagal 17 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 61), 1940 (R. & O. R., Uimh. 391 de 1940).

(3) Má dhéanann duine ar bith, tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, sárú ar mhír (1) d'Airteagal 35 den Phríomh-Scéim, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine ar bith a bheith ag fáil aon chúitimh faoi na Scéimeanna i bhfoirm liúntais leanúnaigh agus an duine sin a chiontú i gcion (arb é is foras dó aon ráiteas i scríbhinn a thabhairt, a shíniú nó a úsáid contrártha do mhír (1) d'Airteagal 35 den Phríomh-Scéim) faoin alt seo, urghéillfidh sé an cúiteamh sin amhail ar dháta agus ó dháta an chiontuithe sin.

Na scéimeanna cúitimh do na Caomhnóirí Áitiúla a bhuanú.

3. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an Phríomh-Scéim” an Scéim um na Caomhnóirí Áitiúla (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1943 (R. & O. R., Uimh. 135 de 1943);

ciallaíonn an abairt “an Scéim leasaitheach” an Scéim um an Scéim um na Caomhnóirí Áitiúla (Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta), 1943 (Leasú), 1943 (R. & O. R., Uimh. 271 de 1943);

ciallaíonn an abairt “na Scéimeanna” an Phríomh-Scéim agus an Scéim leasaitheach.

(2) Leanfaidh na Scéimeanna i bhfeidhm tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, faoi réir an mhodhnuithe go gciallóidh an abairt “díobháil cháilitheach” iontu aon díobháil cháilitheach, do réir bhrí na Scéimeanna, a fulaingeadh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1945, nó roimhe sin.

(3) Má dhéanann duine ar bith, tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, sárú ar mhír (1) d'Airteagal 34 den Phríomh-Scéim, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(4) I gcás duine ar bith a bheith ag fáil aon chúitimh faoi na Scéimeanna i bhfoirm liúntais leanúnaigh agus an duine sin a chiontú i gcion (arb é is foras dó aon ráiteas i scríbhinn a thabhairt, a shíniú nó a úsáid contrártha do mhír (1) d'Airteagal 34 den Phríomh-Scéim) faoin alt seo, urghéillfidh sé an cúiteamh sin amhail ar dháta agus ó dháta an chiontuithe sin.

An scéim chúitimh do mharaithe a bhuanú.

4. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “an tOrdú” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 263), 1943 (R. & O. R., Uimh. 86 de 1943).

(2) Leanfaidh an tOrdú i bhfeidhm tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, faoi réir an mhodhnuithe ná bainfidh sé le díobháil ná coinneáil, do réir bhrí an Orduithe, a fhulaingeos duine tar éis an dáta sin, ná le cailliúint nó cailliúint toimhdean duine, ná le cailliúint nó damáistiú éifeachtaí dhuine, ná le cailliúint, cailliúint toimhdean nó briseadh loinge, a thárlós tar éis an dáta sin.

(3) Má dhéanann duine ar bith, tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1946, sárú ar Airteagal 17 den Ordú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí.

(4) Ní bhainfidh an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 , leis an Ordú.

Teorannú ar bhrí na habairte “airgead poiblí” in Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945.

5. —Léireofar an abairt “airgead poiblí” i ngach áit a bhfuil sí in Achta na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1945, mar abairt ná folaíonn aon airgead is iníoctha faoi aon Scéim lena mbaineann alt 1, alt 2, alt 3, nó alt 4 den Acht seo.

Costais.

6. —Na costais uile faoina raghfar chun an tAcht seo a chur i ngníomh, íocfar iad as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 , a ghairm den Acht seo.