|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Aighnis Cheirde.) | Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Forala Sealadacha maidir le hOrduithe Paighe (Rata Caighdeanach agus Orduithe Bonais faoin Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 166), 1942, agus faoin Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 260), 1943. | |
[EN] |
Mínithe chun críocha Coda VII. |
73. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ordú bónais. |
ciallaíonn an abairt “ordú bónais” ordú arna dhéanamh faoi Airteagal 11 nó Airteagal 11A nó Airteagal 11AA d'Ordú 166 nó faoi Airteagal 11 den Ordú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 166), 1942 (An Cúigiú Leasú), 1942 (R. & O. R., Uimh. 444 de 1942), nó faoi Airteagal 18 nó Airteagal 19 nó Airteagal 20 nó mír (4) d'Airteagal 21 d'Ordú 260 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo; |
[EN] | ordú 166. |
ciallaíonn an abairt “Ordú 166” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 166), 1942 (R. & O. R., Uimh. 21 de 1942 ); |
[EN] | ordú 260. |
ciallaíonn an abairt “Ordú 260” an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 260), 1943 (R. & O. R., Uimh. 50 de 1943); |
oireasú. |
ciallaíonn an briathar “oireasú”, maidir le hordú páighe (ráta caighdeánach) nó le hordú bónais, oireasú faoi alt 76 den Acht seo; | |
ordú páighe (ráta caighdeánach). |
ciallaíonn an abairt “ordú páighe (ráta caighdeánach)” ordú arna dhéanamh faoi Airteagal 10 nó Airteagal 10A d'Ordú 166 nó faoi Airteagal 16 nó Airteagal 17 nó mír (3) d'Airteagal 21 d'Ordú 260 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo. | |
[EN] |
Ré feidhme Coda VII. |
74. —(1) Leanfaidh an Chuid seo i bhfeidhm go ceann bliana ó thosach feidhme an Achta seo agus raghaidh in éag ansin mura gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia í le rialacháin ón Aire faoi fho-alt (2) den alt seo. |
[EN] | (2) Tar éis dó dul i gcomhairle le comheagrais a bheas ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe agus le ceardchumainn a bheas ionadaitheach d'fhostóirí, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an Chuid seo a choimeád i bhfeidhm, trí rialacháin arna ndéanamh roimh dheireadh bliana ó thosach feidhme an Achta seo, go ceann pé tréimhse eile is oiriúnach leis agus a shonrós sé san ordú, agus sa chás sin leanfaidh an Chuid seo i bhfeidhm go ceann na tréimhse a bheas sonraithe amhlaidh agus raghaidh in éag ansin. | |
[EN] |
Srian le hoibriú Coda VII. |
75. —Ní bhaineann an Chuid seo le hoibrithe a ndéanfaidh Aire Stáit a luach saothair a shocrú faoi aon achtachán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire. |
[EN] |
Orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a oireasú. |
76. —(1) I gcás ceardchumann nó aon chomhlacht daoine, a chífear don Chúirt a bheith ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais, dá iarraidh ar an gCúirt na horduithe sin a oireasú faoin alt seo, bhéarfaidh an Chúirt, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, go ndéanfar na horduithe sin a oireasú. |
[EN] | (2) Ní thabharfaidh an Chúirt go ndéanfar ordú páighe (ráta caighdeánach) ná ordú bónais a oireasú faoin alt seo mura n-iarrtar, laistigh den tréimhse de cheithre mhí ó thosach feidhme an Achta seo, an t-ordú a oireasú. | |
[EN] | (3) Aon iarratas faoin alt seo á iarraidh ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú féadfar é a dhéanamh leis an bpost cláraithe agus beidh cóipeanna de na horduithe ag gabháil leis. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an Chúirt duine dá hoifigigh a cheapadh chun iarratais faoin alt seo a ghlacadh agus chun orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a oireasú. | |
[EN] |
Ordú páighe ón gCúirt. |
77. —(1) Féadfaidh ceardchumann nó comhlacht eile a iarraidh ar an gCúirt ordú a dhéanamh ag socrú rátaí luach saothair d'aicme oibrithe nár bhain aon ordú páighe (ráta caighdeánach) leo díreach roimh thosach feidhme an Achta seo. |
[EN] | (2) I gcás iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin alt seo i leith aicme oibrithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— | |
[EN] | (a) má chítear don Chúirt go bhfuil an t-iarratasóir ionadaitheach d'oibrithe den aicme sin, foilseoidh an Chúirt fógra i dtaobh an iarratais i pé slí is dóigh leis an gCúirt is fearr a chuirfeadh an t-iarratas in iúl do gach duine lena mbaineann sé; | |
[EN] | (b) breithneoidh an Chúirt an t-iarratas agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt baint a bheith aige leis agus ar mian leis éisteacht a fháil; | |
[EN] | (c) féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, diúltú don iarratas nó ordú a dhéanamh ag foráil pé rátaí luach saothair is oiriúnach leis an gCúirt don aicme oibrithe sin; | |
[EN] | (d) i gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú den tsórt sin— | |
[EN] | (i) má chuireann an t-iarratasóir in iúl don Chúirt, laistigh de shé lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, ná fuil an t-ordú inghlactha, déanfaidh an Chúirt air sin an t-ordú a chúlghairm, | |
[EN] | (ii) mura gcuire an t-iarratasóir é sin in iúl don Chúirt, beidh ag an ordú, amhail ar chríoch agus ó chríoch an sé lá déag sin, an éifeacht chéanna a bheadh aige dá mba ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a hoireasaíodh é, agus | |
[EN] | (iii) déanfar tagairtí sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo d'orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'orduithe faoin alt seo, fara na modhnuithe go mbeidh éifeacht ag tagairtí d'oireasú, maidir le hordú faoin alt seo, mar thagairtí do dhéanamh an orduithe, agus go mbeidh éifeacht ag tagairtí do chealú oireasuithe mar thagairtí do chúlghairm an orduithe. | |
[EN] |
An éifeacht a bheas ag oireasú orduithe. |
78. —(1) I gcás ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú, beidh éifeacht, ar feadh na tréimhse a leanfas na horduithe sin de bheith oireasaithe, ag na forála seo a leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) déanfaidh fostóir aon oibrí lena mbainfidh na horduithe sin luach saothair a íoc leis an oibrí sin do réir ráta nach ísle ná an ráta iomchuibhe a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach), maille leis an mbónas a bheas sonraithe san ordú bónais; | |
[EN] | (b) má fhorálann conradh idir aon oibrí lena mbainfidh na horduithe sin agus a fhostóir luach saothair a íoc do réir ráta (dá ngairmtear ráta an chonartha sa mhír seo) is ísle ná an ráta a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach), maille leis an mbónas a bheas sonraithe san ordú bónais, beidh éifeacht ag an gconradh, i leith na tréimhse sin, amhail is dá bhforáladh sé luach saothair a íoc do réir an ráta a bheas sonraithe san ordú páighe (ráta caighdeánach) maille leis an mbónas sin in ionad ráta an chonartha; | |
[EN] | (c) má dhéanann ceardchumann oibrithe gearán leis an gCúirt go ndearna fostóir, maidir le haon oibrí lena mbaineann na horduithe sin, faillí nó mainneachtain i mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh— | |
[EN] | (i) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil, | |
[EN] | (ii) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú, go n-íocfaidh an fostóir sin aon tsuim a bheas ag dul don oibrí i leith luach saothair do réir na n-orduithe; | |
[EN] | (d) má dhéanann fostóir lena mbaineann na horduithe sin, nó ceardchumann a bheas ionadaitheach d'fhostóirí den tsórt sin, gearán leis an gCúirt go bhfuil ceardchumann oibrithe ag cur stailce chun cinn, nó ag cabhrú as a chistí le cothabháil stailce, arb eol d'ard-choiste bainistí an cheardchumainn oibrithe gurb é is chuspóir di a thabhairt ar fhostóir géilleadh d'éileamh go n-íocfadh sé le hoibrí lena mbaineann na horduithe luach saothair is mó ná an luach saothair a foráltar leis na horduithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— | |
[EN] | (i) breithneoidh an Chúirt an gearán agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt leas a bheith aige ann agus ar mian leis éisteacht a fháil; | |
[EN] | (ii) más deimhin leis an gCúirt, tar éis an bhreithnithe sin, go bhfuil bunús maith leis an ngearán— | |
[EN] | (I) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú don cheardchumann oibrithe sin gan cabhrú as a chistí le cothabháil na stailce sin; | |
[EN] | (II) féadfaidh an Chúirt oireasú na n-orduithe a chealú. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go leanfaidh stailc tar éis don Chúirt ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an stailc, agus | |
[EN] | (b) ná féadfaidh nó go ndiúltóidh comhaltaí de cheardchumann oibrithe, nach é a rátaí luach saothair is abhar don stailc, obair a dhéanamh faid a leanfas an stailc, | |
[EN] | ansin, má híoctar sochar stailce leis na comhaltaí sin do réir rialacha an cheardchumainn, ní tuigthe, chun críocha an ailt seo, gurb ionann sin agus cabhrú, le cothabháil na stailce. | |
[EN] | (3) Más rud é, i gcás an Chúirt do dhéanamh orduithe faoi fhomhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo nó faoi chlásal (I) d'fho-mhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, ná comhlíonfar an t-ordachán a bheas san ordú, beidh an duine dar tugadh an t-ordachán ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] |
Iarratais á iarraidh orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a hoireasaíodh a athrú. |
79. —I gcás ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— |
[EN] | (a) féadfaidh ceardchumainn agus comhlachta eile iarratas a dhéanamh ó am go ham á iarraidh na rátaí luach saothair a bheas sonraithe sna horduithe a mhéadú; | |
[EN] | (b) má chítear don Chúirt go bhfuil aon iarratasóir den tsórt sin ionadaitheach d'oibrithe lena mbaineann na horduithe, foilseoidh an Chúirt fógra i dtaobh an iarratais i pé slí is dóigh leis an gCúirt is fearr a chuirfeadh an t-iarratas in iúl do gach duine lena mbaineann; | |
[EN] | (c) breithneoidh an Chúirt an t-iarratas agus bhéarfaidh éisteacht do gach duine a bhfeicfear don Chúirt baint a bheith aige leis agus ar mian leis éisteacht a fháil; | |
[EN] | (d) féadfaidh an Chúirt, mar is oiriúnach léi, diúltú don iarratas nó ordú a dhéanamh ag foráil pé rátaí méadaithe luach saothair is oiriúnach léi; | |
[EN] | (e) má dhéanann an Chúirt ordú den tsórt sin, sonróidh sí san ordú na ceardchumainn oibrithe nó na comhlachta atá ionadaitheach d'oibrithe (dá ngairmtear páirtithe leasmhara san alt seo) a bheas i dteideal a fhoréileamh go gcúlghairmfí an t-ordú nó go gcealófaí oireasú an orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus an orduithe bhónais do réir an ailt seo; | |
[EN] | (f) má dhéanann aon pháirtí leasmhar, laistigh de shé lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, fógra a thabhairt don Chúirt— | |
[EN] | (i) go bhfuil sé á fhoréileamh go gcúlghairmfí an t-ordú, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé á fhoréileamh go ndéanfaí an t-ordú a chúlghairm agus an t-oireasú a chealú, | |
[EN] | déanfaidh an Chúirt do réir an fhoréilimh; | |
[EN] | (g) mura dtuga páirtí leasmhar fógra amhlaidh don Chúirt, beidh ag an ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ag an ordú bónais, amhail ar chríoch agus ó chríoch an sé lá déag sin, éifeacht, chun críocha ailt 78 den Acht seo, amhail is dá leasaítí iad do réir téarmaí an orduithe a rinne an Chúirt amhlaidh; | |
[EN] | (h) má dhiúltaíonn an Chúirt don iarratas, sonróidh sí na ceardchumainn nó na comhlachta a bheas i dteideal obadh don diúltú, agus má thugann aon cheardchumann nó comhlacht den tsórt sin fógra don Chúirt, laistigh de shé lá déag tar éis an diúltuithe, go bhfuil sé ag obadh don diúltú, ansin cealóidh an Chúirt oireasú an orduithe pháige (ráta caighdeánach) agus an orduithe bhónais. | |
[EN] |
Oireasú orduithe páighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bónais a chealú. |
80. —(1) I gcás comhaontú fostaíochta, do réir bhrí Coda III den Acht seo, a bhaineas le luach saothair, a chlárú faoin gCuid sin III, cealóidh an Chúirt air sin oireasú aon orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus aon orduithe bhónais is dóigh leis an gCúirt a bhaineas leis an aicme chéanna oibrithe lena mbaineann an comhaontú sin. |
[EN] | (2) Más deimhin leis an gCúirt, ar ghearán ó dhuine ar bith, go ndearnadh ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a oireasú ar iarratas ceardchumainn nó comhlachta ná raibh ionadaitheach do thromlach na n-oibrithe lena mbaineann na horduithe sin, féadfaidh sí an t-oireasú a chealú. | |
[EN] |
Sonraí a fhoilsiú. |
81. —(1) Nuair a hoireasófar ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an oireasuithe maraon le pé sonraí i dtaobh na n-orduithe a mheasfas an Chúirt is gá. |
[EN] | (2) Nuair a déanfar ordú páighe (ráta caighdeánach) agus ordú bónais a athrú le hordú faoi alt 79 den Acht seo, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an athruithe maraon le pé sonraí i dtaobh an athruithe a mheasfas an Chúirt is gá. | |
[EN] | (3) Nuair a cealófar oireasú orduithe pháige (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais, foilseoidh an Chúirt i pé slí is oiriúnach léi fógra i dtaobh an chealuithe. | |
[EN] |
Ceisteanna áirithe a chinneadh. |
82. —(1) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin, a breith a thabhairt ar aon cheist i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe. |
[EN] | (2) Déanfaidh cúirt dlí, nuair a bheas aon cheist á cinneadh aici a éireos in imeachta ina láthair i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe, aird a thabhairt ar aon bhreith a thug an Chúirt ar na horduithe sin agus a cuirfear faoina bráid i gcúrsa na n-imeacht. | |
[EN] | (3) Má éiríonn aon cheist in imeachta i láthair cúirte dlí i dtaobh léiriú orduithe pháighe (ráta caighdeánach) agus orduithe bhónais nó i dtaobh a bhfeidhme maidir le duine áirithe, féadfaidh an chúirt dlí, más cuibhe léi, an cheist a chur faoi bhráid na Cúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus beidh breith na Cúirte ar an gceist sin ina breith chríochnaitheach. |