|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1946) | Ar Aghaidh (CUID II. Sochar Speisialta.) |
AN tACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus comhluadh. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1946, a ghairm de na hAchta Éireannacha agus den Acht seo le chéile.. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | Acht 1920. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1920” an Unemployment Insurance Act, 1920; |
[EN] | Acht 1926. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an t Acht um Arachas Díomhaointis, 1926 (Uimh. 21 de 1926) ; |
[EN] | Acht 1945. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an t Acht Arachais Dífhostaíochta, 1945 (Uimh. 23 de 1945) ; |
[EN] | na socruithe. |
ciallaíonn an abairt “na socruithe” na socruithe dá dtagartar in alt 3 den Acht seo; |
[EN] | na hAchta Breataineacha. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta Breataineacha” na hAchta ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe dá ngairmtear the Unemployment Insurance Acts, 1935 to 1944; |
[EN] | an Ciste Dífhostaíochta Breataineach. |
ciallaíonn an abairt “an Ciste Dífhostaíochta Breataineach” an Ciste Dífhostaíochta a bunaíodh faoi na hAchta Breataineacha; |
na hAchta Eireannacha. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta Éireannacha” na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1945; | |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
ordaithe. |
ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |
an Scéim. |
ciallaíonn an abairt “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais, a bunaíodh faoi na hAchta Éireannacha; | |
sochar speisialta. |
ciallaíonn an abairt “sochar speisialta” an sochar is iníoctha faoi alt 4 den Acht seo; | |
na coinníollacha reachtúla. |
ciallaíonn an abairt “na coinníolla reachtúla” na coinníollacha atá leagtha amach in alt 5 den Acht seo. | |
[EN] |
Tosach feidhme Coda II den Acht seo. |
3. —(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás, agus amháin i gcás, socruithe a dhéanamh idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe trína ngabhann Rialtas na Ríochta Aontaithe orthu féin an costas a ghlanadh a bhainfeas le sochar a íoc le daoine sa Stát i leith tréimhsí a gcomhlíonfaidh na daoine sin na coinníollacha reachtúla ar a bhfeadh, féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, go dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar pé dáta a shonrós sé san ordú, agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh ar an dáta a sonrófar amhlaidh. |