An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Athachtu, fara modhnuithe, ar fhorala airithe de Chuid III (Ciste Arachais na bhForsai Mileata (Comhshocraiochta Eadarnaisiunta)) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.)

9 1947

AN tACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1947

CUID II.

Athachtu, fara modhnuithe, ar Chuid II (Leasuithe Ilghneitheacha ar na hAchta) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.

Forála maidir le daoine ar fostú i bhfostaíocht neamhinárachuithe ach ar híocadh ranníocaíochta ina leith de mheoin mhacánta.

3. —(1) I gcás inar tharla ar dháta an Achta seo a rith nó ina dtarlóidh dá éis sin—

(a) duine a bheith ina chomhalta nó é a áireamh mar chomhalta den Chumann nó den Chiste nó den Chumann agus den Chiste ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná cúig bliana a ndearnadh lena linn dhá chéad agus a hocht ar a laghad de ranníocaíochta, nó de shuimeanna d'airbheartaigh a bheith ina ranníocaíochta, a íoc ag an duine sin nó ina leith, agus

(b) nach de dhroim calaoise ná mífhaisnéise a fuair an duine sin a bheith ina chomhalta den Chumann nó den Chiste, agus

(c) an duine sin a bheith ar fostú in aon fhostaíocht nach fostaíocht inárachuithe nó nárbh fhostaíocht inárachuithe do réir bhrí na nAcht, ach a ndearna an fostóir suimeanna d'airbheartaigh a bheith ina ranníocaíochta a íoc ina leith agus é á chreidiúint gurbh fhostaíocht inárachuithe í do réir bhrí na nAcht, agus

(d) an duine sin a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus seachtó bliain d'aois ar a mhéid,

beidh feidhm ag na forála seo a leanas—

(i) is tuigthe gur ranníocaíochta is iníoctha go cuí faoi na hAchta na suimeanna dá dtagartar i mír (c) den fho-alt seo,

(ii) is tuigthe é a bheith, ar feadh tréimhsí ar híocadh na suimeanna sin ina leith, ina dhuine árachaithe faoi na hAchta,

(iii) beidh feidhm ag ailt 7 agus 13 d'Acht 1918 maidir leis amhail is dá mba rud é go raibh sé, ar feadh na dtréimhsí ar ina leith a híocadh na suimeanna sin, ar fostú do réir bhrí na nAcht agus ina ranníocóir fostaithe.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

Atl 13 d'Acht 1918 a leasú.

4. —(1) Déantar leis seo alt 13 d'Acht 1918 a leasú trí na focail “eighteen months” a chur in ionad na bhfocal “twelve months” mar a bhfuil na focail deiridh sin san alt sin.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946.

Alt 15 d'Acht 1936 a leasú.

5. —(1) Beidh éifeacht ag alt 15 d'Acht 1936 amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo leanas in ionad fo-ailt (3), is é sin le rá:—

“(3) An ranníocaíocht sheachtainiúil is iníoctha faoin alt seo i leith duine ar bith, ní bheidh sí iníoctha ach amháin i leith aon tseachtaine ranníoca nó aon choda de sheachtain ranníoca dá bhfaighidh an duine sin páigh, agus ní ar aon tslí eile.”

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

Saighdiúirí a liostáladh sa Bhuan-Fhórsa le haghaidh éigeandála agus oifigigh áirithe den Fhórsa Cúltaca agus comhaltaí den Chór Déantais a árachú.

6. —(1) I gcás duine ar bith a liostáil chun fónamh sa Bhuan-Fhórsa ar feadh tréimhse éigeandála faoi alt 24 den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) , ansin, ar feadh a sheirbhíse sa Bhuan-Fhórsa faoin liostáil sin agus (faoi réir ailt 7 den Acht seo) má déantar, i rith na tréimhse éigeandála sin, é a choimisiúnú mar oifigeach den Fhórsa Cúltaca, ar feadh na dtrí mhí tosaigh dá chomhaltas sa bhFórsa Cúltaca, beidh sé, chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm.

(2) I gcás duine ar bith a liostáil chun fónamh sa Chór Déantais ar feadh tréimhse is lú ná dhá bhliain in arm-sheirbhís, ansin, ar feadh a sheirbhíse sa Chór Déantais, beidh sé, chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 13 d'Acht 1936 maidir le daoine arna liostáil chun fónamh sa Chór Déantais, ar feadh a seirbhíse sa Chór sin.

(4) Má éiríonn aon cheist i dtaobh duine a bheas nó a bhí ag fónamh sa Bhuan-Fhórsa nó sa bhFórsa Cúltaca nó sa Chór Déantais a bheith nó gan bheith, de bhuaidh an ailt seo agus chun críocha Coda II d'Acht 1936, ina dhuine is inárachuithe do réir ráta an Airm, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire Chosanta agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(5) Is tuigthe fo-ailt (1), (2), (3), agus (4) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

Gan oifigigh den Fhórsa Cúltaca a bheith inárachuithe.

7. —(1) Ní bheidh oifigeach den Fhórsa Cúltaca inárachuithe chun críocha Coda II d'Acht 1936 i rith aon tréimhshe ar mó ná dhá chéad agus caoga punt sa bhliain a luach saothair i leith a sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca.

(2) Má éiríonn aon cheist faoi fho-alt (1) den alt seo i dtaobh luach saothair oifigigh den Fhórsa Cúltaca i leith a sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca i rith aon tréimhse a bheith nó gan bheith níos mó ná dhá chéad go leith punt sa bhliain, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire Chosanta agus beidh a bhreith sin ina breith chríochnaitheach.

(3) Is tuigthe fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh an 7ú lá de Mheitheamh, 1940.

(4) Maidir le haon tréimhse sheirbhíse sa bhFórsa Cúltaca ag oifigeach den Fhórsa Cúltaca ar dháta thosach feidhme ailt 19 den Acht seo nó dá éis sin, léireofar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí ná focail “cúig chéad punt” in ionad na bhfocal “dhá chéad agus caoga punt”.