An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Athachtu, fara mohdnuithe, ar Chuid IV (Forala maidir le daoine arachaithe ata i dteideal pinsean dichumais airithe is inioctha ag an Rialtas Breataineach) den Ordu Cumhachta Prainne (Uimh. 381), 1946.)

9 1947

AN tACHT UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1947

CUID V.

Leasuithe eile ar Acht 1911.

Deontas Stáit i leith caiteachais ar shochair agus riarachán.

17. —(1) In ionad an deontais is iníoctha, faoi alt 3 d'Acht 1911 arna leasú le fo-alt (4) d'alt 1 den National Health Insurance Act, 1920, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, íocfar, in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1947, agus in aghaidh gach bliana airgeadais dá éis sin, isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais dob iníoctha in aghaidh na bliana sin faoin alt sin 3 arna leasú amhlaidh, dá mba ná hachtófaí an fo-alt seo.

(2) An tsuim is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta in aghaidh aon bhliana airgeadais, íocfar amhlaidh í i pé méideanna agus pé trátha i rith na bliana airgeadais sin a chinnfeas an tAire Airgeadais.

Alt 54 d'Acht 1911 a leasú.

18. —Déantar leis seo fo-alt (3) d'alt 54 d'Acht 1911, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 28 d'Acht 1923, a leasú trí na focail “or in any of the stocks, funds and securities which are for the time being authorised by law as investments for Post Office Savings Bank funds” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “trust moneys”.

An Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1911 a leasú.

19. —(1) Déantar leis seo mír (g) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1911, arna leasú le halt 1 den National Health Insurance Act, 1919, a leasú trí na focail “five hundred pounds” a chur in ionad na bhfocal “two hundred and fifty pounds” mar a bhfuil na focail deiridh sin.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú chuige sin.