An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Airneis-Mhorgaisti.) Ar Aghaidh (CAIBIDIL II. Talamh Cláraithe.)

14 1947

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947

CUID IV.

Muirir ar Thalamh I bhFabhar na Corparaide.

Caibidil I.

Réamhráiteach.

Mínithe chun críocha Coda IV.

37. —Sa Chuid seo—

Acht 1891.

ciallaíonn an abairt “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891, arna leasú leis an Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942) ;

éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe.

déanfar tagairtí d'éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe a léiriú mar thagairtí d'eastáit agus do leasa sa talamh sin, agus d'eirí air agus d'éilimh ina choinne, ná beidh, ar dháta cláruithe éilimh thosaíochta i gcoinne an tailimh sin, iontrálta sa chlár de ruílseoirí ach a bheas arna gcaomhaint de bhuaidh an talamh sin a bheith cláraithe faoi chothromais;

éilitheoir cothromais i gcoinne tailimh chláraithe.

déanfar tagairtí d'éilitheoir cothromais a léiriú mar thagairtí do dhuine ag á bhfuil teideal chun éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe;

Coimisiún na Talún.

ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

morgáisteoir.

ciallaíonn an focal “morgáisteoir” duine a bheas tar éis éileamh tosaíochta a thabhairt agus oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an duine sin;

suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún).

ciallaíonn an abairt “suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún)” aon tsuim is iníoctha de thuras na huaire le Coimisiún na Talún agus is—

(a) cíos, nó

(b) ús in ionad cíosa, nó

(c) íocaíocht in ionad cíosa, nó

(d) ús ar airgead ceannaigh, nó

(e) aon íocaíocht bhliantúil nó aon íocaíocht tréimhsiúil eile de shaghas ar bith;

muirear buanfheabhsuithe.

ciallaíonn an abairt “muirear buanfheabhsuithe,” maidir le haon talamh, muirear tosaíochta ar an talamh sin a gcruthóidh an morgáisteoir ina thaobh—

(a) gur chun críocha buanfheabhsuithe amháin a rinne an Chorparáid an bhuntsuim a bheas urraithe leis an muirear sin a airleacan, agus

(b) gur chun críche nó críocha acu sin a caitheadh an bhuntsuim sin;

críocha buanfheabhsuithe.

ciallaíonn an abairt “críocha buanfheabhsuithe,” maidir le muirear ar thalamh, aon chríoch nó críocha acu seo a leanas—

(a) foirgintí a thógáil, a athrú, a fheabhsú nó a dheisiú ar an talamh sin,

(b) buan-fheabhsuithe a dhéanamh ar an talamh sin a raghadh chun táirgíulacht an tailimh sin a mhéadú nó chun an méadú sin a urasú nó chun cabhruithe leis,

(c) na costais agus an caiteachas a íoc a bhainfeas leis an airgead a fháil ar iasacht a bheas urraithe leis an muirear sin agus a bhainfeas le hurrús a aisíoctha a thabhairt;

muirear tosaíochta ar thalamh.

ciallaíonn an abairt “muirear tosaíochta”—

(a) maidir le talamh cláraithe, muirear ar an talamh cláraithe sin a dtugtar tosaíocht dó le halt 39 den Acht seo,

(b) maidir le talamh neamchláraithe, muirear ar an talamh neamhchláraithe sin a dtugtar tosaíocht dó le halt 42 den Acht seo;

éilimh íochtaracha i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “éileamh íochtarach,” maidir le talamh neamhchláraithe, aon eastát nó leas i dtalamh den tsórt sin nó aon eire air nó aon éileamh ina choinne a ndéanfar, de bhuaidh ailt 42 den Acht seo, a thosaíocht a chur ar gcúl chun go dtiocfaidh i ndiaidh muirir thosaíochta ar an talamh sin;

éilitheoir íochtarach i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “éilitheoir íochtarach,” maidir le talamh neamhchláraithe, duine ag á mbeidh teideal chun éilimh íochtaraigh;

clár de ruílseoirí.

ciallaíonn an abairt “clár de ruílseoirí” clár de ruílseoirí a cothabháltar faoi Acht 1891;

talamh cláraithe.

ciallaíonn an abairt “talamh cláraithe” talamh arna chlárú i gclár de ruílseoirí;

cláraithe faoi réir cothromas.

ciallaíonn an abairt “cláraithe faoi réir cothromas,” maidir le talamh cláraithe, cláraithe faoi réir nóta go bhfuil an talamh sin cláraithe faoi réir a bheith tuigthe na cearta nó na cothromais (más ann) a bheas ag éirí as an leas a bheas dílsithe i nduine a cheannaigh an céanna faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh a bheith ina ngreamacht ar an leas a bhí roimhe sin ag an gceannaitheoir sin nó a bheas ag éirí in aon tslí eile de dhroim an leas sin roimhe sin a bheith ann;

an t-údarás clárúcháin.

ciallaíonn an abairt “an t-údarás clárúcháin” an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891;

clárú.

ciallaíonn an briathar “clárú” clárú i gclár de ruílseoirí, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

Clarlann na nDintiúirí.

ciallaíonn an abairt “Clarlann na nDintiúirí” an oifig chun ghíomhais, tíolacais agus uachta a chlárú in Éirinn;

talamh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “talamh neamchláraithe” talamh atá, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime muirir iomchuí i bhfábhar na Corparáide, faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún) agus nach talamh cláraithe.

Feidhm ag Cuid IV maidir le muirir láithreacha ar thalamh i bhfábhar na Corparáide.

38. —Baineann an Chuid seo le gach muirear ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith i bhfábhar na Corparáide agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta sin agus lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh sé i bhfeidhm nuair a tugadh an muirear sin, agus is tuigthe aon imeachta a bunaíodh nó aon ní a rinneadh roimh an dáta sin maidir leis an muirear sin faoi aon fhoráil de na hAchta a hathghairmtear leis an Acht seo a bheith arna mbunú nó arna dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo.