|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1947) | Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1947
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cain Ioncaim. | |
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1947-48. |
1. —(1) Muirearófar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, do réir sé scillinge agus sé pingne faoin bpunt. |
[EN] | (2) Muirearófar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, a muirearófar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Na forála, reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1947, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin a muirearófar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947. | |
[EN] |
Lamháltais phearsanta a athrú. |
2. —Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ), a léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí na focail “two hundred and sixty pounds” a chur ann in ionad na bhfocal “two hundred and twenty pounds” agus na focail “one hundred and forty pounds” a chur ann in ionad na bhfocal “one hundred and twenty pounds”. |
[EN] |
Leasuithe maidir le dliteanas cuideachtan árachais. |
3. —(1) I gcás ina ndéantar brabúis chuideachtan árachais i leith a gnótha árachais saoil a áireamh, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, do réir na rialacha a bhaineas le Cás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:— |
[EN] | (a) eisiafar ón áireamh an chuid de na brabúis sin is le sealbhóirí polasaithe nó le blianachtóirí nó a dáileofar dóibh nó a caitear thar a gceann; | |
[EN] | (b) eisiafar freisin ón áireamh an chuid de na brabúis sin a bheas ar forcoimeád do shealbhóirí polasaithe nó do bhlianachtóirí, ach má tharlann i gcás aon bhrabús a heisiafar amhlaidh mar bhrabúis a bheas ar forcoimeád amhlaidh go scoirfid aon tráth de bheith ar forcoimeád amhlaidh agus ná dáileofar iad do shealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí nó ná caithfear thar a gceann sin iad, ansin, deighleálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachtan don bhliain inar scoireadar de bheith ar forcoimeád amhlaidh. | |
[EN] | (2) I gcás gnó árachais saoil gnáthach agus gnó árachais saoil tionsclach a bheith á seoladh ag cuideachtain árachais, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, deighlealfar, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, le gnó gach aicme acu sin amhail is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 33 den Income Tax Act, 1918, maidir le gach aicme ghnótha ar leithligh den tsórt sin. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo le cuideachtain árachais i leith aon bhliana meisiúnachta mura roghnóidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin, go mbainfidh an dá fho-alt sin (1) agus (2) leis an gcuideachtain sin i leith na bliana sin. | |
[EN] |
Riail 6 de na Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineas le Sceideal D a leasú. |
4. —I gcás— |
[EN] | (a) ina bhféadfar, de bhun Rialach 6 de na Rialacha Ilghneitheacha a bhaineas le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, cáin d'aon bhliain mheisiúnachta a mhuirearú ar an oifigeach cuí ag á mbeidh bainistí cuntas comhluchta, agus | |
[EN] | (b) ina mbeidh an comhlucht sin, an bhliain sin, ag áitiú aon mhaoine a mbeadh aon cháin ina leith faoi Sceideal A den Acht sin don bhliain sin le fulaing, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlucht sin mura mbeadh an t-alt seo | |
[EN] | ansin, nuair a beifear ag áireamh an mhéid a bhféadfar an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú ina leith amhlaidh don bhliain sin, bainfear as suim is comhionann le pé méid acu seo a leanas is lú— | |
[EN] | (i) an méid a bhféadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú amhlaidh ina leith, | |
[EN] | (ii) an méid glan a mbeadh an cháin ina leith, a dtagartar di i mír (b) den alt seo, le fulaing, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlucht sin mura mbeadh an t-alt seo. |