An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Dleachta Custam Airithe.)

15 1947

AN tACHT AIRGEADAIS, 1947

CUID V

Ilghneitheach agus Ginearalta.

An Revenue (No. 1) Act, 1861, a athghairm.

20. —Athghairmtear leis seo, amhail ar an 6ú lá d'Iúil, 1947, agus uaidh sin amach, an Revenue (No. 1) Act, 1861.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

21. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal léiriú agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a léiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, a léiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, léireofar í i dteannta na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1947, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.