Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

18 1947


Uimhir 18 de 1947.


AN tACHT TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH (ONNMHUIRIÚ A RIALÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH RIALUITHE AR ONNMHUIRIÚ TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A ÉILEAMH AR CHEADÚNAIS) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15ú Iúil, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “táirge talmhaíochta”—

(a) aon táirge talmhaíochta, gairneoireachta nó crannadóireachta,

(b) aon ainmhí, beo nó marbh, nó aon chuid d'aon ainmhí,

(c) bainne, nó aon táirge bainne,

(d) uibheacha,

(e) mil,

(f) aon bhia nó deoch a rinneadh nó a díorthaíodh, go hiomlán nó go páirteach, as aon táirge talmhaíochta, gairneoireachta nó crannadóireachta, nó ó aon ainmhí nó as bainne, uachtar nó uibheacha,

(g) clúmh, olann, seithí agus craicne ainmhithe,

ach ní fholaíonn sí deocha meisciúla;

ciallaíonn an abairt “táirge iascaigh”—

(a) aon iasc nó aon chuid d'iasc,

(b) aon táirge éisc,

(c) aon bhia nó deoch a rinneadh nó a díorthaíodh, go hiomlán nó go páirteach, as iasc nó as aon táirge éisc;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Onnmhuiriú táirgí talmhaíochta agus táirgí iascaigh a rialú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, ordú a dhéanamh chun onnmhuiriú aon táirge thalmhaíochta nó aon táirge iascaigh nó aon chineál shonraithe (a míneofar i pé slí agus faoi threoir pé nithe is oiriúnach leis an Aire) d'aon táirge talmhaíochta nó d'aon táirge iascaigh a rialú i pé slí agus le pé meáin is cuí leis, agus féadfaidh, gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo, socrú a dhéanamh leis an ordú sin i gcóir aon ní nó nithe acu seo a leanas:—

(a) chun onnmhuiriú an táirge sin nó an chineál sin den táirge sin, ach amháin faoi réim agus do réir ceadúnais chuige sin arna thabhairt faoin Acht seo, a thoirmeasc, ar fad nó faoi réir pé coinníoll (lena n-áirítear coinníollacha a bhaineas le tuairisc) is cuí leis an Aire agus a shonrós sé san ordú,

(b) i gcóir pé nithe (lena n-áirítear toirmeasc ar stóráil) is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go ndéanfar an scéim rialuithe san ordú a oibriú agus a fhorfheidhmiú go cuí.

(2) Féadfaidh an tAire aon ordú a rinneadh faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(3) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin beidh an t-ordú sin neamhnithe dá réir sin, ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Ceadúnais.

3. —(1) Ar dhuine ar bith do dhéanamh iarratais i pé foirm, agus ina mbeidh pé sonraí, a ordós an tAire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas a thabhairt don duine sin chun aon táirge talmhaíochta nó aon táirge iascaigh nó aon chineál sonraithe d'aon táirge talmhaíochta nó d'aon táirge iascaigh a onnmhuiriú a mbeidh ordú faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm ina leith.

(2) Aon uair a bhéarfas an tAire ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé pé coinníollacha is cuí leis, agus a shonrós sé sa cheadúnas, a chur leis an gceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas a tugadh faoin alt seo a chúlghairm.

(4) Gach duine a dhéanfas, d'fhonn ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó do dhuine ar bith eile, aon ráiteas nó cúis-aithris is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

Táillí i leith ceadúnas.

4. —(1) Beidh iníoctha leis an Aire, i leith ceadúnais faoin Acht seo, pé táille (más ann) a cheapfas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham i leith an cheadúnais sin.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le gach táille a híocfar leis an Aire faoin alt seo—

(a) is in airgead a baileofar na táillí sin agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire Airgeadais;

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Cumhachta an Aire a aistriú chun an Aire Thionscail agus Tráchtála.

5. —(1) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, na cumhachta uile a bheirtear leis an Acht seo don Aire a aistriú chun an Aire Thionscail agus Tráchtála agus a dhílsiú ann, a mhéid a bhainfeas na cumhachta sin le haon táirge nó táirgí áirithe talmhaíochta nó aon táirge nó táirgí áirithe iascaigh a sonrófar san ordú sin.

(2) Aon uair a bheas cumhachta an Aire faoin Acht seo maidir le haon táirge áirithe talmhaíochta nó aon táirge áirithe iascaigh dílsithe de thuras na huaire san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhuaidh orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, na cumhachta sin a athaistriú chun an Aire agus a athdhílsiú ann a mhéid a bhainfeas na cumhachta sin leis an táirge áirithe talmhaíochta nó an táirge áirithe iascaigh sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, le hordú, aon ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú.

(4) Aon uair agus faid a bheas na cumhachta a bheirtear don Aire leis an Acht seo, a mhéid a bhainfid le táirge áirithe talmhaíochta nó táirge áirithe iascaigh, dílsithe san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhuaidh orduithe faoin alt seo, ansin déanfar na tagairtí in ailt 2, 3 agus 4 den Acht seo don Aire Talmhaíochta a léiriú, maidir leis an táirge áirithe talmhaíochta nó an táirge áirithe iascaigh sin, mar thagairtí don Aire Tionscail agus Tráchtála.

(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná athaistriú cumhacht faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht, oibriú ná ré aon orduithe nó ní a bheas déanta i bhfeidhmiú na gcumhacht sin roimh an aistriú nó an athaistriú sin (do réir mar bheas) ag an Aire a raibh na cumhachta sin dílsithe ann de thuras na huaire, agus aon tagairtí a bheas in aon ordú den tsórt sin don Aire a rinne an t-ordú sin léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Aire a mbeidh na cumhachta sin dílsithe ann de thuras na huaire.

Costais.

6. —Na costais uile faoina raghaidh an tAire Talmhaíochta nó an tAire Tionscail agus Tráchtála faoin Acht seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

7. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947, a ghairm den Acht seo.