An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SLÁINTE, 1947) Ar Aghaidh (CUID II. Forais.)

28 1947

AN tACHT SLÁINTE, 1947

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Sláinte, 1947 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —(1) San Acht seo—

duine éatach.

ciallaíonn an abairt “duine éatach” duine sé bliana déag d'aois nó os a chionn;

fógraíocht.

folaíonn an focal “fógraíocht” gach aon tsórt molta ar aon ní don phobal, agus folaíonn sé go sonrach—

(a) lua ainme an ní sin nó aon bhranda, tuairisce nó sloinníochta trádála faoina ndíoltar an ní sin, más féidir le réasún an lua sin d'áireamh ina mholadh ar an ní sin don phobal,

(b) lua aon cháilíocht a bhaineas leis an ní sin, ar lipéad nó coimeádán nó cuairsceann a húsáidtear don ní sin nó i nduillín, cearcalán, paimfléad nó leabhrán a heisítear don phobal nó a heisítear ar é d'iarraidh nó a bheirtear do cheannaitheoir an ní sin,

agus déanfar focail ghaolmhara a léiriú dá réir sin;

aerárthach

tá leis an bhfocal “aerárthach” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ;

príomh-dhochtúir oifigiúil.

ciallaíonn an abairt “príomh-dhochtúir oifigiúil” dochtúir oifigiúil contae do chontae nó dochtúir oifigiúil cathrach do chontae-bhuirg;

leanbh.

ciallaíonn an focal “leanbh” duine faoi bhun sé bliana déag d'aois;

uiscí cósta.

ciallaíonn an abairt “uiscí cósta” uiscí laistigh de thrí mhíle farraige ó aon phointe ar an gcósta arna thomhas ó mharc iarthrá gnáthrabhartaí;

dífhoiriciú.

ciallaíonn an focal “dífhoiriciú” aon duine nó aon ní a ghlanadh ó sheadra agus a chosaint orthu;

dochtúir oifigiúil ceantair.

ciallaíonn an abairt “dochtúir oifigiúil ceantair” dochtúir oifigiúil sláinte faoi alt 73 den Acht seo;

áit chónaithe.

folaíonn an abairt “áit chónaithe”—

(a) cuid de thigh, agus

(b) áit chónaithe shealadach;

achtachán.

folaíonn an focal “achtachán” aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi Acht;

údarás sláinte.

ciallaíonn an abairt “údarás sláinte” comhairle chontae nó bardas contae-bhuirge;

foras sláinte.

ciallaíonn an abairt “foras sláinte” foras a cothabháltar ag údarás sláinte de bhun ailt 10 den Acht seo;

fógra i dtaobh áitribh aicídithe.

ciallaíonn an abairt “fógra i dtaobh áitribh aicídithe” fógra i scríbhinn á rá go raibh, laistigh den trí mhí díreach roimh dháta an fhógra a thabhairt, duine ina chónaí in áitreabh sonraithe nó ag áitiú ann faid a bhí galar aicídeach sonraithe air;

aicídeach, aicídiú.

folaíonn an focal “aicídeach” tógálach agus folaíonn an foca “aicídiú” tógáil;

galar aicídeach.

ciallaíonn an abairt “galar aicídeach” go príomha aon ghalar a háireofar i rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 29 pé acu go huilíoch é nó trí mhíniú ar chéim áirithe den ghalar sin, ach in aon alt i gCuid IV den Acht seo a ndéanfar, faoi fho-alt (2) den alt sin 29, galar nó céim de ghalar d'eisiamh óna fheidhm, ní fholaíonn an abairt an galar sin ná an galar sin sa chéim sin, pé acu é;

foras.

ciallaíonn an abairt “foras” ospidéal, sanatorium, teaghlach máithreachais, teaghlach eadarshláinte, urchosclann, saotharlann, clinic, slánlann, stáisiún céad-fhóirthine, íclann nó aon fhoras den tsórt sin;

seirbhísí forais.

folaíonn an abairt “seirbhísí forais”—

(a) cothabháil i bhforas,

(b) eadargnú, comhairle agus cóireáil i bhforas,

(c) fearais agus íceanna agus ullmhóidí eile,

(d) úsáid ghoiris speisialta i bhforas;

bainisteoir.

ciallaíonn an abairt “an bainisteoir”—

(a) maidir le húdarás sláinte is bardas contae-bhuirge—an bainisteoir chun críocha na nAcht a bhaineas le bainistí na buirge, agus

(b) maidir le húdarás sláinte is comhairle chontae—an bainisteoir chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942;

dochtúir oifigiúil sláinte.

ciallaíonn an abairt “dochtúir oifigiúil sláinte” príomh-dhochtúir oifigiúil, dochtúir oifigiúil contae cúnta do chontae, dochtúir oifigiúil cathrach cúnta do chontae-bhuirg nó dochtúir oifigiúil ceantair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Sláinte;

tuiste.

ciallaíonn an focal “tuiste”, maidir le leanbh, an duine ar a bhfuil cúram dlíthiúil an linbh, agus más rud é, toisc an duine sin a bheith as láthair nó ar aon chúis eile, ná fuil an leanbh ina chónaí eis an duine sin nó faoina chúram iarbhír, folaíonn sé an duine a bhfuil an leanbh ina chónaí leis nó faoina chúram iarbhír;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin a dhéanfas an Aire faoin Acht seo;

cóir iompair phoiblí.

folaíonn an abairt “cóir iompair phoiblí” cóir iompair a bhíos ar fáil chun a fostuithe go príobháideach;

údarás sláintíochta.

tá leis an abairt “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá léi sna hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931;

bainisteoir scoile.

ciallaíonn an abairt “bainisteoir scoile,” maidir le scoil nó coláiste, an duine atá ag bainistí na scoile nó an choláiste de thuras na huaire;

áit chónaithe shealadach.

ciallaíonn an abairt “áit chonaithe shealadach”—

(a) aon tealta, nó

(b) aon fhéan nó cóir iompair eile (ar rotha nó gan bheith ar rotha), nó

(c) aon tsiúntán, creascán nó déanmhas dá shamhail, nó

(d) aon árthach;

seadra, seadach.

ciallaíonn an focal “seadra” aon mhíngeacha, is traghdáin, dreancaidí, míola nó fíneoga tochais, agus folaíonn sé uibheacha, larvae agus pupae na míngeacha sin, agus déanfar an focal “seadach” a léiriú dá réir sin;

árthach.

folaíonn an focal “árthach” aon long, bád, báirse nó lictéir.

(2) (a) Chun críocha an Achta seo, folóidh líomatáiste feidhme údaráis áitiúil aon uiscí cósta atá tadhlach leis an líomatáiste feidhme sin.

(b) I gcás ina mbeidh aon uiscí cósta tadhlach le líomatáistí feidhme dhá údarás sláinte nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha míre (a) den fho-alt seo, iomlán na n-uiscí cósta sin nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí atá tadhlach le líomatáiste feidhme aon cheann áirithe de na húdaráis sláinte sin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an mír sin (a).

(3) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú aon fhorála, folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do shárú na forála sin trí gan a comhlíonadh nó trí dhiúltú dá comhlíonadh.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethanta a socrófar chuige sin, go ginearálta nó maidir le haon chríoch ó foráil áirithe, le hordú nó orduithe a dhéanfas an tAire faoin It seo, agus féadfar laethanta difriúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha difriúla agus forála difriúla.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le héinní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe.

(2) Féadfar rialacháin faoin Acht seo a chumadh i slí go mbeidh feidhm acu maidir le hiomlán an Stáit nó i slí ná beidh feidhm acu ach maidir le cuid nó coda den Stát.

(3) I gcás ina gceanglófar le rialacháin faoin Acht seo taifid a choimeád maidir le sláinte daoine áirithe, déanfar pé socrú iontu is gá nó is cuí leis an Aire chun a áirithiú go gcoimeádfar ina rún na coda de na taifid sin ina mbeidh ainmneacha na ndaoine áirithe sin agus ná foilseofar iad ach amháin le toiliú na ndaoine áirithe sin.

(4) Ní dhéanfaidh an tAire, faoin Acht seo, aon rialachán a mbeidh ann foráil maidir le híocaíocht a bheas le déanamh leis an Aire nó ag an Aire mura dtoilí an tAire Airgeadais leis an bhforáil sin.

(5) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní. a bheas déanta roimhe sin faoin rialachán sin.

Rialacháin láithreacha do leanúint i bhfeidhm.

6. —Gach rialachán a rinneadh faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an athghairm sin, is tuigthe, ar an athghairm sin a dhéanamh agus dá éis sin, é a bheith ina rialachán arna dhéanamh faoin alt iomchuí den Acht seo agus beidh éifeacht aige agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

7. —Gach cumhacht a bheirtear leis an Acht seo don Aire chun aon ordú a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun aon ordú a déanfar faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus chun ordú eile a dhéanamh in ionad aon orduithe a cúlghairmfear amhlaidh.

Airgead is iníoctha leis an Aire a chruinniú agus a dhiúscairt.

8. —(1) An t-airgead go léir is iníoctha leis an Aire faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo, cruinneofar agus glacfar é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste é nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon airgead is iníoctha leis an Aire faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo.

Costais an Aire.

9. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.