An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Stampa.)

33 1947

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947

CUID II.

Custaim agus Mal.

Na dleachta custam ar ullmhóidí maisíochta, etc., d'athrú.

3. —Ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, léireofar alt 10 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , agus an Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin amhail is dá ndúblaítí gach ráta dleachta dá luaitear sa tríú colún den Sceideal sin ag uimhir thagartha 27.

Na dleachta custam ar éadaí fionnaidh, etc., d'athrú.

4. —(1) Ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, is do réir 75 faoin gcéad ad valorem in ionad an ráta dob inéilithe go dtí seo a bheas an dleacht chustam ar earraí lena mbaineann forála ailt 7 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , agus an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú, a mhéid a bhaineas na forála sin le hearraí den tsórt seo a leanas ná dearnadh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, iad a chaitheamh nó d'úsáid ar shlí eile go substainteach roimh iad d'allmhuiriú, is é sin le rá, baill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith déanta go hiomlán nó go formhór d'fhionnadh, agus compáirteanna, de bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta, a bheas déanta go hiomlán nó go formhór d'fhionnadh.

(2) Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht is inéilithe do réir fo-ailt (1) den alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus amhail is dá mbeadh na hearraí sin luaite sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1919, adúradh, sa liosta d'earraí a gcuirtear dhá dtrian den ánráta i mbaint leo mar ráta fábhair.

Na dleachta custam ar fhíon d'athrú.

5. —(1) In ionad na ndleacht custam ar fhíon a forchuireadh le halt 8 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), déanfar (faoi réir forál an ailt seo) na dleachta custam seo a leanas d'éileamh, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, ar an bhfíon go léir a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Ná beidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa

ann     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

12

0

A mbeidh thar 25 gráid ach ná beidh thar

30 grád de bhiotáille phrofa ann     ..

an galún

1

0

0

A mbeidh thar 30 grád ach ná beidh thar 42

ghrád de bhiotáille phrofa ann     ..

an galún

2

8

0

Agus in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád

thar an méid is airde a héilítear thuas,

dleacht bhreise     ..     ..     ..

an galún

0

4

0

Fíon drithleach sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

2

10

0

Fíon neamhdhrithleach ná beidh thar 25 gráid

de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

0

8

0

Fíon neamhdhrithleach a mbeidh thar 25 gráid

de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

0

16

0

(2) Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachta a forchuirtear leis an alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

(3) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gur fíon drithleach a hallmhuiríodh sa bhuidéal fíon a rinneadh drithleach nó iosmairteach agus a buidéaladh i mbanna-stóras, agus ar a sheachadadh chun a úsáidte sa Stát éileofar air an dleacht a forchuirtear ar híon drithleach leis an alt seo.

f

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir leis na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

(5) San alt seo folaíonn an focal “fíon” moirt fíona.

Na dleachta ar bhiotáille d'athrú.

6. —(1) Beidh an Finance Act, 1920, mar leasaíodh é le halt 7 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), arna leasú amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, tríd an abhar atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur isteach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1920, adúradh, in ionad an abhair a cuireadh ann leis an alt sin 7, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, adúradh.

(2) Déanfar an dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir sé puint agus seacht scillinge déag an galún (arna ríomh do réir phrofa) in ionad an ráta is inéilithe de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1946 .

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachta custam breise nó ón dleacht mháil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ná chun dochar ná difir a dhéanamh dhóibh.

Na dleachta ar thobac d'athrú.

7. —(1) Déanfar an dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir is inéilithe an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947) .

(2) Déanfar an dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí faoi seach a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir is inéilithe an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947) .

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt sin 19 den Acht Airgeadais, 1934, maidir le tobac is inchurtha faoin dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin do réir ráta a sonráitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus chun críocha na feidhme sin léireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSeú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thaghairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) An lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), is lacáiste do réir dhá scilling agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a díolfar agus a cuirfear amach chun a úsáidte sa Stát ag aon mhonaróir ceadúnaithe an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin.

An dleacht shiamsa a leasú.

8. —(1) Ar an 16ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a cuireadh ann le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947 ( Uimh. 15 de 1947 ), is é sin le rá:—

Má bhoínn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

4

gan bheith níos mó ná

0

5

..

0

3

,,    ,,

0

5

,,         ,,

0

6

..

0

4

,,    ,,

0

6

,,         ,,

0

8

..

0

6

,,    ,,

0

8

,,         ,,

1

0

..

0

9

,,    ,,

1

0

,,         ,,

1

3

..

1

0

,,    ,,

1

3

,,         ,,

1

9

..

1

6

,,    ,,

1

9

,,         ,,

2

3

..

2

3

,,    ,,

2

3

,,         ,,

3

0

..

3

0

,,    ,,

3

0

,,         ,,

4

0

..

4

0

,,    ,,

4

0

..         ..             ..         ..

..

4

0

ar

an gcéad 4s. agus 4s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

(2) Ar an 16ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a cuireadh ann le fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947 , is é sin le rá:—

Má bhoínn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

4

gan bheith níos mó ná

0

5

..

0

3

,,    ,,

0

5

,,         ,,

0

6

..

0

4

,,    ,,

0

6

,,         ,,

0

6½ 

..

0

5½ 

,,    ,,

0

6½ 

,,         ,,

0

8

..

0

8

,,    ,,

0

8

,,         ,,

0

10

..

0

10

,,    ,,

0

10

,,         ,,

1

1

..

1

3

,,    ,,

1

1

,,         ,,

1

4

..

1

8

,,    ,,

1

4

,,         ,,

1

6

..

2

0

,,    ,,

1

6

,,         ,,

1

9

..

2

6

,,    ,,

1

9

,,         ,,

2

0

..

3

0

,,    ,,

2

0

,,         ,,

3

0

..

4

6

,,    ,,

3

0

,,         ,,

4

0

..

6

0

,,    ,,

4

0

..         ..             ..         ..

..

6

0

ar

an gcéad 4s. agus 6s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

(3) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , maidir le dleacht shiamsa (do réir bhrí na ailt sin 11) a híocfar ar íocaíochta, a deanfar an an 16ú lá d'Eanáir, 1948, nó dá éis sin, as dul isteach go dtí siamsa in aon amharclainn den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin (3) amhail is dá ndéantaí na focail “cúig déag faoi gcéad den dleacht sin” a chur in ionad na bhfocal “tríocha faoin gcéad den diúité sin” (a cuireadh ann le fo-alt (3) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947 ).

Na dleachta custam ar bheoir d'athrú.

9. —(1) In ionad na ndleacht custam a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ), déanfar, amhail ar an 16ú lá Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas d'éileamh, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach agus na hullmhóidí eile go léir (pé acu giosálta nó neamh-ghiosálta dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:—

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a beidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, dhá phunt cheathrachad agus cheithre scillinge;

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a mbeidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, naoi bpuint cheathrachad, deich scillinge agus ceithre pingne.

(2) In ionad na dleachta custam a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 , déanfar, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, dleacht chustam d'éileamh, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoin dleacht a forchuirtear leis an bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát, do réir deich bpuint, aon scilling déag agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(3) In ionad na haistarrainge is iníochta faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 , lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó a loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir allmhuirithe a gcuirfear ina luí ar na Coimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le ceachtar den dá fho-alt sin roimhe seo den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpunt, aon scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoin dleacht a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (3) den alt seo iníochtha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (2) nó sa bhfo-alt sin (3) (pé acu is iomchuí), athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) i gcoibhneas leis sin.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

An dleacht mháil ar bheoir d'athrú.

10. —(1) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 ( Uimh. 33 de 1939 ), éileofar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Státe an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir deich bpunt agus aon scilling déag ar gach sé ghalún tríochad foirt de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(2) In ionad na haistarrainge is iníoctha faoi alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 , lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge beoir a gcuirfear ina luí ar na Coimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpunt, aon scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(3) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar i gcoibhneas leis sin an dleacht is inéilithe nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Na dleachta ar fheithiclí inneallghluaiste d'athrú.

11. —(1) Ar an 1ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag alt 20 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus ag an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú:—

(a) amhail is dá ndúblaítí gach ráta dleachta dá luaitear i mír 1 den Sceideal,

(b) amhail is dá gcuirtí na fo-mhíreanna seo a leanas isteach i mír 6 den Sceideal:—

“(aa) Feithiclí a húsáidtear mar fheithiclí beaga seirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ):

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£8

feithiclí thar 8 n-eachneart     ..     ..

£1 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt suas go dtí £20 ar a mhéid.

I gcás aon fheithicle lena mbaineann an fho-mhír seo agus a bhfuil thar 10 n-eachneart inti agus a bhfuil teacsaí-mhéadar feistithe uirthi agus a húsáidtear go dleathach mar fheithicil sheirbhíse sráide do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , nó chun críocha a ghabhas le húsáid den tsórt sin agus chun na gcríocha sin amháin, ní héileofar ná ní toibheofar aon dleacht de bhreis ar £10.

(bb) Aon fheithicil a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena húsáid, agus a húsáidtear d'aon fheidhm, chun inneall, ceardlann, feist nó gléas d'iompar agus ná húsáidtear chun aon ualach eile d'iompar ach amháin earraí a húsáidtear maidir leis an inneall, an cheardlann, an feist nó an gléas sin nó earraí a próisíodh nó a monaraíodh ann:

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£8

feithiclí thar 8 n-eachneart     ..

£1 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt,”

(c) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) de mhír 6 den Sceideal:—

“(c) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£12

feithiclí a bhfuil thar 8 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 9 n-eachneart iontu     ..     ..     ..

£13  10s.

feithiclí a bhfuil thar 9 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 10 n-eachneart iontu     ..     ..     ..

£15

feithiclí a bhfuil thar 10 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 11 eachneart iontu     ..     ..     ..

£18

feithiclí a bhfuil thar 11 eachneart iontu ach ná fuil thar 12 eachneart iontu     ..     ..     ..

£20

feithiclí thar 12 eachneart     ..

£20 móide £2 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt de bhreis ar 12 eachneart.”

(2) Bainfidh an proviso a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , agus a ghabhas le mír 6 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1926 (a bhaineas leis an loghaíocht i leith feithiclí a cóimeáltar sa Stát) le feithiclí lena mbaineann na forála a cuirtear isteach sa Sceideal sin le mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo agus beidh éifeacht aige maidir leis na feithiclí sin amhail mar atá éifeacht aige maidir le feithiclí lena mbaineann fo-alt (c) (a cuireadh isteach le mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo) de mhír 6 den Sceideal sin.

(3) Athghairmtear leis seo, amhail ar an 1ú lá d'Eanáir, 1948, agus ón lá sin amach, alt 23 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) .

Eisceadh ó dhleacht i gcás feithiclí a húsáidtear chun trealamh tarrthála d'iompar.

12. —(1) Ní bheidh aon dleacht iníoctha faoi alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú, i leith feithicle inneallghluaiste ná húsáidtear ach chun báid tarrthála gona bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le caomhnadh daoine agus maoine i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir d'iomlua (trí iompar nó trí tharraingt), agus ní bheidh feithicil inneallghluaiste a húsáidtear chuige sin inchurtha faoi ráta dleachta níos airde de bhíthin na húsáide sin amháin.

(2) Athghairmtear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1930 (Uimh. 20 de 1930) .