An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Aitribh Airithe a Rialu.) Ar Aghaidh (CUID IV. Tithe don Lucht Oibre.)

1 1948

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948

CUID III.

Forala Airgeadais.

An tAire do thabhairt deontas do dhaoine agus do chumainn fóntais phoiblí

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon duine a thógfas nó a athfhoirgneos, nó d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas, teach nó tithe más rud é—

(a) go dtosnófar ar an tógáil nó an athfhoirgniú an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin;

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht, 1932;

(c) go mbeidh an teach nó na tithe sin, ar bheith críochnaithe dhó nó dhóibh, ar áitiú

(i) más cumann fóntais phoiblí a thóg an teach nó na tithe sin—ag comhalta den chumann sin,

(ii) in aon chás eile—ag an duine a thóg nó d'athfhoirgnigh an teach sin.

(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo agus faoi alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), i leith tí.

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtoirmisctear air deontas a thabhairt ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le halt 4 d'Acht 1937.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

An tAire do thabhairt deontas do dhaoine agus do chumainn fóntais phoiblí i gcásanna áirithe.

17. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonráitear sa tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon duine nó d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe más rud é—

(a) gur tosnaíodh ar an tógáil an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin;

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932;

(c) nach raibh an teach nó na tithe sin ar áitiú an lú lá de Shamhain, 1947, nó roimhe sin;

(d) go mbeidh an teach nó na tithe sin, ar bheith críochnaithe dhó nó dhóibh, ar áitiú

(i) más cumann fóntais phoiblí a thóg an teach nó na tithe sin—ag comhalta den chumann sin,

(ii) in aon chás eile—ag an duine a thóg an teach sin.

(2) Ní raghaidh deontas faoin alt seo, i dteannta deontais faoi alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), thar an tsuim iomchuí a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtoirmisctear air deontas a thabhairt ina leith faoi fho-alt (3) d'alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le halt 4 d'Acht 1937.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Deontais faoi alt 5 (1) (h) d'Acht 1932 a mhéadú.

18. —Aon deontas is iníoctha, faoi mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, le duine a athfhoirgneos teach, féadfar é a mhéadú go dtí seasca punt más rud é—

(a) gur iarr an duine an deontas roimh an lú lá de Shamhain, 1947, agus

(b) gur tosnaíodh ar athfhoirgniú an tí roimh an lú lá de Shamhain, 1947, ach nár críochnaíodh é roimh an dáta sin.

Údaráis tithe do thabhairt deontas do dhaoine.

19. —(1) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon duine a thógfas teach nó tithe i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa dara colún den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus déanfar (faoi réir na rialachán sin) gach deontas den tsórt sin a thabhairt ina dheich dtráthchoda bliantúla as a chéile nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoi fho-alt (1) den alt seo i leith tógála tí, mura rud é:—

(a) go mbeidh an teach sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932;

(b) go dtosnófar ar an tógáil sin an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin, agus

(c) go ndéanfaidh an duine a bheas ag tógáil an tí gealltanas a thabhairt don údarás tithe á gheallúint, faoi réir pé coinníoll a hordófar le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, nach ndíolfaidh sé an teach agus go ligfidh sé an teach faoi réir pé coinníoll a hordófar amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, suim d'íoc le húdarás tithe nach mó ná dhá dtrian de dheontas arna thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ag an údarás.

(4) Ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoin alt seo i leith tí ar thug an tAire deontas ina leith faoi alt 5 d'Acht 1932 arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo) agus nár haisíocadh.

(5) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis deontas a thabhairt faoi alt 16 den Acht seo, ní thabharfaidh údarás tithe deontas faoin alt seo i leith an tí.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

An tAire agus údaráis tithe do thabhairt deontas do chumainn fóntais phoiblí.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe chun a n-áitithe ag duine den lucht oibre nó ag oibrí talmhaíochta, más rud é:—

(a) gur tosnaíodh ar thógáil an tí nó na dtithe an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin; agus

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932; agus

(c) go dtabharfaidh an cumann fóntais phoiblí sin gealltanas don Aire ná díolfaidh an cumann sin an teach nó na tithe sin agus ná ligfid an teach nó na tithe sin ach ar pé cíos agus faoi réir pé coinníoll a fhormheasfas an tAire.

(2) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon chumann fóntais phoiblí a bheas ag tógáil tí nó tithe a ndeonfaidh an tAire deontas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo, deontas i bhfoirm deontais talún mar láithreán don tigh nó do na tithe sin nó i bhfoirm deontais airgid i leith an tí nó na dtithe sin nó go páirteach i slí agus go páirteach sa tslí eile acu sin, ach ná raghaidh in an chás maidir le luach na talún sin nó méid an airgid sin nó comhshuim an luacha agus an airgid sin (do réir mar bheas) thar an tsuim iomchuí a sonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Chun deontas a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo beidh na cumhachta céanna ag údarás tithe chun airgead d'fháil ar iasacht a bheadh acu dá mba faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe a thógfaidís na tithe ar ina leith a bhéarfar na deontais.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

An tAire agus údaráis tithe do thabhairt deontas do chumainn fóntais phoiblí i gcásanna áirithe

21. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'aon chumann fóntais phoiblí a thógfas teach nó tithe chun a n-áitithe ag duine den lucht oibre nó ag oibrí talmhaíochta, más rud é—

(a) gur tosnaíodh ar an tógáil an lú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis sin, agus go gcríochnófar í an lú lá d'Aibreán, 1950, nó roimhe sin; agus

(b) go mbeidh an teach nó na tithe sin do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932; agus

(c) nach raibh an teach nó na tithe sin ar áitiú roimh an lú lá de Shamhain, 1947; agus

(d) go dtabharfaidh an cumann fóntais phoiblí sin gealltanas don Aire ná díolfaidh an cumann sin an teach nó na tithe sin agus ná ligfid an teach nó na tithe sin ach ar pé cíos agus faoi réir pé coinníoll a fhormheasfas an tAire.

(2) Faoi réir rialachán arna ndéanamh faoin alt seo, bhéarfaidh údarás tithe, d'aon chumann fóntais phoiblí a bheas ag tógáil tí nó tithe a ndeonfaidh an tAire deontas ina leith faoi fho-alt (1) den alt seo, deontas airgid nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Chun deontas a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo beidh na cumhachta céanna ag údarás tithe chun airgead d'fháil ar iasacht a bheadh acu dá mba faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó hAchta na Sclábhaithe a thógfaidís na tithe ar ina leith a bhéarfar na deontais.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

Fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 a leasú.

22. —(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1947, atá (de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1946 ( Uimh. 2 de 1946 )) i ngach ceann de na míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 a léiriú mar thagairt don lú lá d'Aibreán, 1950.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá d'Aibreán, 1947, agus ón lá sin amach.

(3) Ní thabharfaidh an tAire ná údarás tithe deontas faoi mhíreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) nó (i) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932 i leith tí ar tosníodh air an lú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis sin.

Alt 6 d'Acht 1932 a leasú

23. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1932—

(a) trí na focail “caoga blian” a chur in ionad na bhfocal “cúig bliana tríochad” i mír (a) agus i mír (b), agus

(b) trí na focail “de dheascaibh na teaghais a bhí acu a thitim nó a dhíthiú nó” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “as a n-áit”, agus na focail “nó faoi ailt 75 go 78 den Towns Improvement Clauses Act, 1847, mar corpraíodh le haon achtachán, faoi alt 20 den Dublin Improvement Acts Amendment Act, 1864, nó faoi Chuid II den Dublin Corporation Act, 1890,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “fé sna hAchtanna san” i bhfo-mhír (1) de mhír (a).

(2) Más rud é, roimh thosach feidhme an ailt seo, go ndearna an tAire—

(a) ranníocaíocht a thabhairt i leith na muirear bliantúla iasachta faoina ndeachaigh údarás tithe i leith airgid a thógadar ar iasacht chun tithe lena mbaineann alt 6 d'Acht 1932 a chur ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre nó Achta na Sclábhaithe, agus

(b) an tréimhse (dá ngairmtear “an chéad tréimhse” sa bhfo-alt seo) a chinneadh a mbeidh an ranníocaíocht sin iníoctha ar a feadh,

féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an chéad tréimhse d'fhaidiú tréimhse eile ach sin i tslí nach mó ná caoga blian in aon chás iomláine an dá thréimhse ar iad a chur le chéile.

Alt 14 d'Acht 1932 a leasú.

24. —Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht 1932 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ndeireadh an ailt sin:—

“(3) Ní dhéanfaidh an tAire, faoin Acht seo, aon rialachán ina mbeidh foráil i dtaobh íocaíocht a bheas le n-íoc ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.”

Alt 5 d'Acht 1937 a leasú.

25. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1937:—

(a) trí “£80” a chur in ionad “£40” i mír (a), agus

(b) trí na focail “an tríú” a chur in ionad na bhfocal “an ceathrú” i mír (b).

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo agus is tuigthe go raibh éifeacht aige amhail ar an lú lá de Shamhain, 1947, agus ón lá sin amach.

Teora ar dheontais faoin Acht seo, Acht 1932 agus Acht 1937.

26. —(1) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoi alt 5 d'Acht 1932, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), agus le halt 5 d'Acht 1937, thar trí mhilliún cúig chéad agus caoga míle punt.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoi Acht 1937, arna leasú le halt 25 den Acht seo, agus faoi ailt 16, 17, 18, 19, 20 agus 21 den Acht seo, thar cúig chéad agus ochtó míle punt.

Deontas i leith tithe a bheas forcoimeádta chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, d'údarás tithe a chuirfeas tithe ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme a sonrófar i rialacháin a déanfar faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 29 den Acht seo, ach ní raghaidh aon deontas den tsórt sin thar dhá chéad agus caoga punt i leith gach teaghais ar leith (pé acu teach é nó cuid de thigh) a cuirfear ar fáil amhlaidh.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a bhéarfas an tAire faoin alt seo thar trí chéad agus cúig mhíle ceathrachad punt.

Deontais áirithe d'íoc i gcás each a scor de bheith i dtuathlíomatáiste.

28. —Más rud é—

(a) gur aontaigh an tAire deontas a thabhairt chun teach a thógáil i dtuathlíomatáiste de bhun míre (c), (d), (e), (f), nó (g) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, agus

(b) go dtarlóidh, roimh an deontas sin d'íoc, go scoirfidh an teach sin de bheith i dtuathlíomatáiste toise ceantar uirbeach nua a chomhdhéanamh nó teora chontaebhuirge, nó bhuirge eile, cheantar uirbigh nó bhaile mhóir d'athrú,

féadfaidh an tAire an deontas sin d'íoc d'ainneoin an teach sin a scor de bheith i dtuathlíomatáiste.