|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Forala Airgeadais.) | Ar Aghaidh (CUID V. Iostain Sclabhaithe.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Tithe don Lucht Oibre. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le tithe a cuirfear ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre. |
29. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bainistí cheart éifeachtúil ar thithe a cuirfear ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, ina ndéanfar socrú maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) an uimhir uasta agus an uimhir íosta daoine a ceadófar a bheith ag áitiú na dtithe sin ar aon ligean áirithe; | |
[EN] | (b) na tithe sin (dá ngairmtear “tithe forcoimeádta” san Acht seo) d'fhorcoimeád chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe agus an méid tithe agus an cineál tí a féadfar d'fhorcoimeád amhlaidh; | |
[EN] | (c) an modh ina roghnófar tionóntaithe agus na haicmí daoine a dtabharfar tosaíocht dóibh; | |
[EN] | (d) na téarmaí agus na coinníollacha a cuirfear in aon chomhaontú faoina gceadófar do dhuine ar bith teach den tsórt sin d'áitiú nó d'úsáid; | |
[EN] | (e) pé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach. | |
[EN] | (2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean tithe, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha, agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir thí atá orthu agus, faoina réir sin, déanfar, nuair a beifear ag ligean tithe seachas tithe forcoimeádta, an chéad rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a heasáitíodh as tithe forcoimeádta agus an dara rogha, nuair is féidir sin, ar dhaoine a bhfuil teaghlach acu agus iad ina gcónaí i dteaghais aontseomra, más rud é:— | |
[EN] | (i) go bhfuil an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach; nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé bliana déag slán ag duine nó daoine den teaghlach (gan na tuistí d'áireamh); nó | |
[EN] | (iii) go bhfuiltear tar éis an teaghas a dhaoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann. | |
[EN] | (3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint le húdaráis tithe agus le tithe i gcoitinne nó le húdarás tithe áirithe nó le haicme airithe tithe. | |
[EN] | (4) I gcás rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ní dleathach don údarás tithe lena mbaineann na rialacháin teach lena mbaineann na rialacháin a ligean ach amháin do réir na rialachán sin. | |
[EN] |
Údaráis tithe áirithe do chur tithe forcoimeádta ar fáil. |
30. —(1) Féadfaidh údarás tithe (arb é a bheas ann bardas contae-bhuirge nó bardas buirge Dhún Laoghaire) agus déanfaid, má cheanglann an tAire orthu é, tithe forcoimeádta a chur ar fáil chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe. |
[EN] | (2) Féadfaidh údarás tithe (arb é a bheas ann bardas buirge nó comhairle cheantair uirbigh ar mó ná dhá mhíle dhéag a líon daoine) tithe forcoimeádta a sholáthar chun a n-áitithe ag daoine d'aicme áirithe. | |
[EN] |
Airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Houses of the Working Classes Act, 1890, a leasú. |
31. —Leasaítear leis seo Airteagal 24 den Dara Sceideal a ghabhas leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, trí thrí puint faoin gcéad sa bhliain a chur ann in ionad cúig puint faoin gcéad sa bhliain mar ráta úis a bheas le n-íoc ag údarás tithe ar an airgead cúitimh is iníoctha acu i leith aon tailimh a ndeachthas isteach air de bhuaidh an airteagail sin. |
[EN] |
Luach saothair Aturnaethe i leith gnótha faoi Achta Tithe an Lucht Oibre. |
32. —Mura n-ordaí nó mura n-aontaí an tAire a mhalairt in aon chás áirithe, is mar leanas a rialófar na costais is iníoctha ag údarás tithe as talamh a thógaint chun críocha Achta Tithe an Lucht Oibre:— |
[EN] | (a) más talamh cláraithe do réir bhrí na nAcht um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, an talamh sin, trí fhorála na Rialacha Cláraitheachta Talún, 1937; | |
[EN] | (b) mura talamh cláraithe an talamh sin do réir bhrí na nAcht um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, trí na hOrduithe Ginearálta um Luach Saothair Aturnaethe, 1884 go 1947, ach amháin Clásal 6 agus Riail 11 i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Solicitors' Remuneration General Order, 1884. |