|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Tithe don Lucht Oibre.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Teaghais Bheaga a Thogaint.) |
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Iostain Sclabhaithe. | |
[EN] |
Leathnú ar mhíniú na habairte“sclábhaí talmhaíochta.” |
33. —Folóidh an abairt “sclábhaí talmhaíochta” in Achta na Sclábhaithe aon fhear:— |
[EN] | (a) a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil dó, agus | |
[EN] | (b) a bhí in aontíos leis an ngaol sin, nuair a rinne sé iarratas, nó nuair a tháinig sé chun bheith ina thionónta, ar iostán a chuir comhairle chontae ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe. | |
[EN] |
Gan scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 , a dhéanamh i gcás áirithe. |
34. —(1) I gcás iostán a chuir comhairle chontae ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe a ligean chun tionónta is sclábhaí talmhaíochta do réir bhrí na nAcht sin toisc:— |
[EN] | (a) é bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil dó, agus | |
[EN] | (b) é bheith in aontíos leis an ngaol sin nuair a rinne sé iarratas, nó nuair tháinig sé chun bheith ina thionónta, ar an iostán sin, | |
[EN] | ní ullmhóidh an chomhairle sin scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh 24 de 1936) , maidir leis an iostán sin an fhaid is sclábhaí talmhaíochta an tionónta sin de bhíthin amháin é a bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil. | |
[EN] | (2) Más rud é— | |
[EN] | (a) go scoirfidh aon tionónta den tsórt sin de bheith ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh ghaoil ach mar sin féin go leanfaidh sé de bheith ina sclábhaí talmhaíochta, nó | |
[EN] | (b) go scoirfidh an t-iostán sin de bheith á áitiú ag aon tionónta den tsórt sin, | |
[EN] | féadfaidh comhairle chontae, agus déanfaid má ordaíonn an tAire é, scéim cheannaigh faoi Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) , maidir leis an iostán sin, d'ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le hiostáin a cuirfear ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe. |
35. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bainistí cheart éifeachtúil ar iostáin a cuirfear ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe, ina ndéanfar socrú maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) an uimhir uasta agus an uimhir íosta daoine a ceadófar a bheith ag áitiú iostáin ar aon ligean áirithe; | |
[EN] | (b) an modh ina roghnófar tionóntaithe agus na haicmí daoine a dtabharfar tosaíocht dóibh; | |
[EN] | (c) na téarmaí agus na coinníollacha a cuirfear in aon chomhaontú faoina gceadófar do dhuine ar bith iostán d'áitiú nó d'úsáid; | |
[EN] | (d) pé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach. | |
[EN] | (2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean iostán, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir thí atá orthu, agus, faoina réir sin, déanfar, nuair is féidir sin, an chéad rogha ar iarratasóirí:— | |
[EN] | (a) is daoine a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar formáil ar thalamh dhuine éigin eile agus arb í an obair sin a bpríomh-shlí bheatha, nó | |
[EN] | (b) is fir a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh gaolta dhóibh a bhfuilid in aontíos leo, nó | |
[EN] | (c) is tréadaithe, | |
[EN] | agus déanfar an dara rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí a bhfuil teaghlach acu agus iad ina gconaí i dteaghais aontseomra, más rud é:— | |
[EN] | (i) go bhfuil an eitinn ar dhuine nó daoine den teaghlach; nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé bliana déag slán ag duine nó daoine den teaghlach (gan na tuistí d'áireamh), nó | |
[EN] | (iii) go bhfuiltear tar éis an teaghas a dhaoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann. | |
[EN] | (3) I gcás rialacháin a dhéanamh faoin alt seo ní dleathach do chomhairle chontae lena mbaineann na rialacháin iostán lena mbaineann na rialacháin a ligean ach amháin do réir na rialachán sin. | |
[EN] |
Cumhacht chun dul isteach ar thailte a mbeidh beartaithe iad a thógaint. |
36. —(1) Má húdaraítear do chomhairle chontae, le hordú ceannaigh éigeantaigh arna dhéanamh agus arna dhaingniú faoi alt 20 d'Acht 1932, talamh a cheannach go héigeantach chun críocha Acht na Sclábhaithe, ansin, tráth ar bith tar éis an t-ordú sin a theacht i ngníomh, féadfaidh an chomhairle, ar fhógra cheithre lá déag ar a laghad a thabhairt i scríbhinn d'únaer agus d'áititheoir na talún, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar pé cuid de a sonrófar sa bhfógra gan toiliú roimh ré d'fháil ná gan comhlíonadh a dhéanamh ar na forála d'Achta na gClásal Talún, arna leasú le hAchta na Sclábhaithe, a bhaineas le dul isteach ar thailte, agus, ar aon fhógra den tsórt sin a sheirbheáil, is tuigthe an chomhairle a bheith tar éis a chur in iúl go bhfuilid ar intinn an talamh a cheannach agus dlífid an cúiteamh céanna d'íoc a dhlífidís d'íoc dá gcomhlíontaí na forála sin d'Achta na gClásal Talún, agus dlífid ús d'íoc ar an gcúiteamh sin amhail ón am a raghfar isteach amhlaidh. |
[EN] | (2) I gcás comhairle chontae a bheith tar éis a chomhaontú talamh a cheannach chun críocha Acht na Sclábhaithe faoi réir leasa shealbhóra na talún sin, agus nach mó an leas sin ná leas tionónta ar feadh bliana nó ó bhliain go bliain, ansin, tráth ar bith tar éis an comhaontú sin a dhéanamh, féadfaidh an chomhairle, tar éis fógra lae agus fiche i scríbhinn a thabhairt do shealbhóir na talún sin, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh nó ar pé cuid de a sonrófar sa bhfógra gan toiliú roimh ré d'fháil ach iad d'íoc an chúitimh chéanna le sealbhóir na talún sin, maraon le hús air mar adúradh, a bheadh iníoctha acu dá n-údaraítí don chomhairle an talamh a cheannach go héigeantach agus go gceanglófaí ar an duine sin, de bhun na cumhachta sin, seilbh d'fhágáil roimh dheireadh a théarma nó a leasa sa talamh, ach gan é bheith riachtanach comhlíonadh a dhéanamh ar na forála d'Achta na gClásal Talún, arna leasú le hAchta na Sclábhaithe, a bhaineas le dul isteach ar thalamh. | |
[EN] |
Iasachta. |
37. —(1) Féadfaidh comhairle chontae iasacht a thógaint chun aon chostais d'íoc faoina raghaid i bhfeidhmiú aon chumhacht agus dualgas dá gcuid faoi Achta na Sclábhaithe sa tslí chéanna ina bhféadfaidh údarás sláintíochta iasacht a thógaint chun costais faoi na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, d'íoc. |
[EN] | (2) Na forála de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, a bhaineas le húdarás sláintíochta do thógaint iasachta (ach amháin fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878) beidh feidhm acu, fara na modhnuithe is gá, maidir le comhairle chontae do thógaint aon iasachta faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo féadfar é a thabhairt ar iasacht do chomhairle chontae trí eisiúint as Ciste na nIasacht Áitiúla amhail is dá mba iasacht áitiúil í arna tabhairt do réir bhrí Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, agus go raibh sé údaraithe le hAcht ón Oireachtas. | |
[EN] | (4) Aon airgead a tógfar ar iasacht faoin alt seo ní háireofar é mar chuid d'fhiach iomlán comhairle contae chun críche na teorann a chuireas Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le hiasachta a thógaint. |