An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL. Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo Dhlithe maidir le hUsaid Teaghas Sealadach.) Ar Aghaidh (AN CEATHRU SCEIDEAL. Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo Dhlithe maidir le Folcan Snamha no Ait Folcaidh nach Udaras Slaintiochta ata a Chothabhail.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

AN TRIU SCEIDEAL.

Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo-Dhlithe maidir le Folcadh Poibli.

Alt 41.

1. Folcadh poiblí a thoirmeasc, ach amháin i líomatáistí sonraithe.

2. Folcadh poiblí a chosc laistigh de thráthanna sonraithe, go ginearálta nó maidir le haon líomatáiste nó líomatáistí sonraithe.

3. Tógáil creascán nó tealtaí folcaidh a thoirmeasc, ach amháin in áiteanna sonraithe.

4. An tslí a rialú ina bhféadfar innleáin, creascáin, nó tealtaí folcaidh d'úsáid agus na táillí a féadfar d'éileamh i leith a n-úsáidte.

5. Rialú a dhéanamh ar iompar daoine a bheas ag taithí aon líomatáiste a bheas in áirithe le haghaidh folcaidh phoiblí i rith na dtráthanna a bheas ceadaithe le haghaidh folcaidh phoiblí.

6. Rialú a dhéanamh, a mhéid is gá do réir cuibhis, ar na cultacha a chaithfeas lucht folcaidh agus daoine a bheas ag nochtadh a gcorp leis an ngréin nó leis an aer.

7. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh folcaidh ag fireannaigh.

8. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh folcaidh ag buachaillí faoi bhun ocht mbliana d'aois agus ag baineannaigh.

9. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag fireannaigh.

10. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag buachaillí faoi bun ocht mbliana d'aois agus ag baineannaigh.

11. Rialú a dhéanamh, a mhéid is gá chun nach baol nó cráiteas do lucht folcaidh é, ar loingsiú aon árthaigh phléisiúir laistigh nó i gcomhgar d'aon líomatáiste a bheas in áirithe le haghaidh folcaidh phoiblí i rith na dtráthanna a bheas ceadaithe le haghaidh folcaidh phoiblí.