|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948) | Ar Aghaidh (CUID II. Siltean.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal, léiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, a ghairm de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Minithe. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | Acht 1878. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1878” an Public Health (Ireland) Act, 1878; |
[EN] | na hAchta. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948; |
[EN] | achtachán. |
folaíonn an focal “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi Acht; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil; |
[EN] | teaghas sealadach. |
ciallaíonn an abairt “teaghas sealadach”— |
[EN] | (a) aon tealta, nó | |
[EN] | (b) aon vean nó cóir iompair eile (ar rotha nó gan rotha), nó | |
(c) aon tsiúntán, creascán nó déanmhas dá shamhail, nó | ||
(d) aon árthach ar uiscí intíre, | ||
a húsáidtear chun a áitithe ag daoine nó atá arna dhéanamh nó arna oiriúnú chuige sin. | ||
árthach. |
folaíonn an focal “árthach” aon long, bád, báirse nó lictéir. | |
(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú aon fhorála, folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do shárú na forála sin trína neamhchomhlíonadh nó trí dhiúltú dá comhlíonadh. | ||
[EN] |
Tosach feidhme. |
3. —Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin alt 34) i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla. |
[EN] |
Athghairm. |
4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm sa mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878. |
5. —Beidh feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878 maidir le fo-dhlithe a déanfar faoin Acht seo. |
[EN] |
Rialacháin agus fo-dhlithe láithreacha do leanúint i bhfeidhm. |
6. —Gach rialachán nó fo-dhlí a rinneadh faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an athghairm sin, is tuigthe, ar an athghairm sin a dhéanamh agus dá éis sin, é a bheith ina rialachán nó ina fho-dhlí (pé acu é) arna dhéanamh faoin alt iomchuí den Acht seo agus beidh éifeacht aige agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin. |
[EN] |
Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais |
7. —Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin. |
[EN] |
Cúlghairm nó leasú ar ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo. |
8. —Gach cumhacht a bheirtear leis an Acht seo don Aire chun aon ordú a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun aon ordú a déanfar faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus chun ordú eile a dhéanamh in ionad aon orduithe a cúlghairmtear amhlaidh. |
[EN] |
Costais an Aire. |
9. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |