|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Folcain, Tithe Niochain, Aiteanna Folcaidh, Etc.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghneitheach.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Coirp a Dhiuscairt. | |
[EN] |
Srian maidir leis na háiteanna 'na bhféadfar coirp diadhlacadh. |
44. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo ní dhéanfaidh duine ar bith, gan toiliú ón Aire, corp duine mhairbh d'adhlacadh in áit nach reilig chun críocha an ailt seo. |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas (agus is iad amháin) is reiligí chun críocha an ai t seo— | |
[EN] | (a) áit atá á úsáid go dleathach mar reilig agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á úsáid go dleathach mar reilig, | |
[EN] | (b) áit a ndéanfaidh an tAire, tar éis tosach feidhme an ailt seo, é d'fhormheas chun a úsáidte mar reilig, | |
[EN] | (c) reilig a bheas curtha ar fáil ag bord adhlacan faoi na hAchta. | |
[EN] | (3) Faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo ní dhéanfaidh duine ar bith corp duine mhairbh d'adhlacadh laistigh de na teoranta ar hordaíodh, le hordú faoi alt 162 d'Acht 1878, gan adhlacadh a dhéanamh a thuilleadh laistigh díobh, contrártha d'fhorála an orduithe sin. | |
[EN] | (4) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (1) nó (3) den alt seo toirmeasc le pearsa eaglaise d'adhlacadh in eaglais nó ina haice. | |
[EN] | (5) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
[EN] |
Bord adhlacan do chothabháil uagha |
45. —I gcás duine dá iarraidh ar bhord adhlacan faoi na hAchta uaigh i reilig a bheas curtha ar fáil ag an mbord a choimeád in ord mhaith, go suthain nó go ceann tréimhse teoranta, féadfaidh an bord, i gcomaoin pé íocaíochta nó íocaíocht is réasúnach leo, comhaontú chuige sin a dhéanamh leis an duine sin agus a chur i gcrích. |
[EN] |
Srian le di-adhlacadh. |
46. —(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonadh chun corp duine mhairbh a dhí-adhlacadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo lena n-áirítear, go sonrach— | |
[EN] | (a) coinníollacha á cheangal athadhlacadh a dhéanamh in áit shonraithe nó laistigh de thréimhse shonraithe, | |
[EN] | (b) coinníollacha chun a áirithiú go ndéanfar an dí-adhlacadh agus aon athadhlacadh is gá do réir na gcoinníoll go cúramach córach cuí agus i slí nach mbeidh baol ann do shláinte an phobail. | |
[EN] | (3) Féadfar ceadúnas faoin alt seo a dheonadh maidir le corp áirithe nó maidir le gach corp nó aon chorp a bheas adhlactha in áit áirithe. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh duine ar bith corp duine mhairbh a dhí-adhlacadh as reilig ach amháin faoi cheadúnas arna dheonadh faoin alt seo nó de bhun orduithe ón Aire Dlí agus Cirt faoi alt 15 den Acht Coróinéirí (Leasú), 1927 ( Uimh. 1 de 1927 ). | |
[EN] | (5) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) den alt seo nó nach ndéanfaidh, ar chorp a dhí-adhlacadh nó d'éis a dhí-adhlactha faoi údarás ceadúnais faoin alt seo, coinníoll a bheas ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
[EN] | (6) Ní leor de theideal do dhuine chun aon dí-adhlacadh nó athadhlacadh a dhéanamh ceadúnas arna dheonadh faoin alt seo a bheith aige. | |
[EN] |
Coirp a dhiúscairt ar shlí seachas trína n-adhlacadh. |
47. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le taisí daonna a dhiúscairt ar shlí seachas trína n-adhlacadh. |
[EN] | (2) Féadfar go sonrach, le rialacháin faoin alt seo, feidhm a thabhairt d'aon achtachán reachtúil nó achtachán eile, a bhaineas le hadhlacadh corp daoine marbha, maidir le diúscairt na gcorp sin ar shlí seachas trína n-adhlacadh, agus féadfar feidhm a thabhairt don achtachán amhlaidh fara modhnuithe nó gan modhnuithe. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a shárós aon rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile. | |
[EN] | (4) Ní leor ann féin rialacháin faoin alt seo a chomhlíonadh chun gur dleathach corp duine mhairbh a dhiúscairt. |