An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Coirp a Dhiuscairt.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID VII.

Ilghneitheach.

Saoráidí le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile.

48. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta saoráidí a chur ar fáil le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile agus chuige sin féadfaid, go sonrach, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) talamh a thógaint ina gceantar nó i gcomhgar dó,

(b) talamh a leithreasú a bheas ar seilbh acu agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun a sealbhaítear é,

(c) aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh a bhainistí iad féin,

(d) trealamh, fearais, báid, ainmhithe agus nithe eile le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire a chur ar fáil ar aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh agus táillí d'éileamh i leith úsáide na nithe sin,

(e) aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh a ligean chun aon duine lena úsáid le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile,

(f) ranníocaíocht a thabhairt, faoi réir pé coinníoll (más ann) is cuí leo, chun talamh a chur ar fáil ina gceantar nó i gcomhgar dó lena úsáid le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile agus chun trealamh a chur ar fáil le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile ar aon talamh den tsórt sin.

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun aon talamh a rialú a bheas á bhainistí acu faoin alt seo.

(3) Féadfaidh údarás sláintíochta pé laethanta is oiriúnach leo (nach mó ná dhá lá déag in aon bhliain áirithe ná cheithre lá as a chéile ar aon ócáid áirithe) aon talamh a bheas á bhainistí acu faoin alt seo nó aon chuid de a dhúnadh ar an bpobal agus úsáid an tailimh sin nó na coda sin de a dheonadh, in aisce nó ar íocaíocht, d'aon duine le haghaidh aon spóirt nó siamsa.

(4) San alt seo—

folaíonn an focal “talamh” talamh faoi uisce agus tailte taoide do réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 );

folaíonn an focal “trealamh” foirgintí agus déanmhais eile agus fós talamh a leagan amach i dtreo go mbeadh sé oiriúnach le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile.

Bacainní in aibhneacha agus in uiscechúrsai.

49. —Féadfaidh údarás sláintíochta pé bearta a dhéanamh is gá go réasúnach chun nach ndéanfar díobháil do shláinte an phobail nó do thaitneamhachta aon áite de dheasca bacainní in aon abhainn nó uisce-chúrsa.

Costais ghinearálta agus costais speisialta údaráis sláintíochta thuatha.

50. —(1) Aon chostais (seachas costais lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo nó costais a ndearbhófar leis na hAchta nó fúthu gur costais feabhsúcháin phríobháidigh iad) faoina raghaidh comhairle chontae mar údarás sláintíochta tuatha do cheantar sláinte contae nó a bheas le cruinniú agus le n-íoc amhail is dá mba mar sin a chuathas fúthu, muirearófar iad ar iomlán an cheantair shláinte chontae sin.

(2) Féadfaidh an tAire, ar chomhairle chontae dá iarraidh sin mar údarás sláintíochta tuatha do cheantar sláinte contae, a fhoráil, le hordú, go ndéanfar iomlán aon chostas nó cuid d'aon costais faoina raghaidh an chomhairle sin mar údarás den tsórt sin, chun críche áirithe, a mhuirearú ar chuid áirithe den cheantar sin agus ar an gcuid sin amháin.

(3) Aon chostais lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo gairmfear costais ghinearálta dhíobh agus aon chostais lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo gairmfear costais speisialta dhíobh.

(4) Gach tagairt do chostais speisialta atá in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhaineas le húdaráis sláintíochta, léireofar í mar thagairt do chostais lena mbaineann ordú faoi fho-alt (2) den alt seo.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, déanamh iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo.

Srian maidir le foirgint a thógáil os cionn séaraigh nó príomh-phíopa uisce.

51. —Beidh feidhm ag forála ailt 29 d'Acht 1878 i gcás duine dá chur faoi ndear foirgint d'úrthógáil os cionn séaraigh le húdarás sláintíochta tuatha nó os cionn príomh-phíopa uisce le húdarás sláintíochta, uirbeach nó tuatha, amhail mar atá feidhm acu i gcás duine dá chur faoi ndear foirgint d'úrthógáil os cionn séaraigh le húdarás sláintíochta uirbeach.

Mortabháil chruthúnais.

52. —In aon inchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo, ní gá aon chead, ceadúnas ná saoradh faoin Acht seo ná faoi aon rialacháin faoin Acht seo a fhrisnéis le fianaise, agus is ar an duine a bheas ag iarraidh tairbhiú dhe a bheas sé de mhortabháil aon chead, ceadúnas nó saoradh den tsórt sin a chruthú.

Feidhm ghinearálta ag Cuid III den Public Health Acts Amendment Act, 1890.

53. —D'ainneoin aon ní san Public Health Acts Amendment Act, 1890, beidh éifeacht ag iomlán Coda III den Acht sin (ach amháin ailt 28 agus 32 a hathghairmeadh leis an Acht Sláinte, 1947 , agus ailt 19 agus 49 a hathghairmtear leis an Acht seo) i ngach ceantar sláintíochta, pé acu ceantar tuatha nó ceantar uirbeach é, d'ainneoin nár glacadh leis faoin Acht sin sa cheantar sin.

Feidhm ghinearálta ag Coda II, III, V, VI agus X den Public Health Acts Amendment Act, 1907.

54. —D'ainneoin aon ní san Public Health Acts Amendment Act, 1907—

(a) beidh éifeacht ag Coda II, III, V, VI agus X den Acht sin (ach amháin alt 50 a hathghairmeadh leis an Acht Sláinte, 1947 , agus ailt 34, 75, 92 agus 93 a hathghairmtear leis an Acht seo) i ngach ceantar sláintíochta, pé acu ceantar tuatha nó ceantar uirbeach é, d'ainneoin nár dearbhaíodh faoin Acht sin iad a bheith i bhfeidhm sa cheantar sin,

(b) déanfar aon tagairt i gCuid III den Acht sin don dochtúir oifigiúil a léiriú mar thagairt don dochtúir oifigiúil ceantair iomchuí faoi alt 73 den Acht Sláinte, 1947 , agus

(c) déanfar aon tagairt i gCuid III den Acht sin don chigire núiseanna a léiriú mar thagairt d'aon oifigeach don údarás áitiúil a ndéanfaidh an tAire, nó an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire, gníomhú mar chigire núiseanna, a shannadh mar dhualgas dó.

Srian maidir le feidhm ailt 251 d'Acht 1878.

55. —Ní bheidh feidhm ag alt 251 d'Acht 1878 maidir le hinchúiseamh ag an Aire nó ag údarás sláintíochta i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.