An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Seirbhisigh Bhunaithe.)

4 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1948

CUID II.

Oifigigh Bhunaithe.

Clár d'oifigigh bhunaithe.

8. —(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár d'oifigigh bhunaithe (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).

(2) Má thagann duine chun bheith ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, iontrálfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár.

(3) Má éiríonn aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh ó a bheith ceart ainm duine áirithe d'iontráil sa chlár, is é an tAire iomchuí a chinnfeas an t-amhras, an díospóid nó an cheist agus beidh a chinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach.

(4) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil ainm aon duine d'iontráil sa chlár ach amháin do réir an ailt seo.

(5) Déanfaidh údarás áitiúil an clár a choimeád ar oscailt ina bpríomh-oifig gach tráth réasúnach chun a iniúchta ag a n-oifigigh agus—

(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge, nó

(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.

Tuarastail, sochair oifige, agus oifigí a chur ar taifead sa chlár.

9. —(1) Cuirfidh údarás áitiúil ar taifead ó am go ham sa chlár, maidir le hainm gach oifigigh bhunaithe ann,—

(a) a thuarastal agus an luach bliantúil in airgead atá ar a shochar oifige (más ann) arna chinneadh faoi alt 35 den Acht seo,

(b) sonraí ar gach oifig ina sheilbh fúthu sin nó faoi aon údarás áitiúil eile.

Duine a scoirfeas de bheith ina oifigeach inphinsin a bhaint den chlár.

10. —(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm aon duine a scoirfeas de bheith ina oifigeach inphinsin don údarás áitiúil sin.

(2) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár á rá go bhfuiltear tar éis an ainm a bhaint de agus an dáta a baineadh de í agus féadfar ainm a chur thar n-ais sa chlár trí nóta chur sa chlár á rá go bhfuiltear tar éis an ainm a chur thar n-ais agus an dáta a cuireadh thar n-ais í.

(3) Duine ar bith ar cúis mhí-shásaimh leis údarás áitiúil do bhaint a ainme den chlár, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne a ainm a bhaint de agus féadfaidh an tAire sin, le hordú, diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a chur thar n-ais sa chlár agus, sa chás deiridh sin, cuirfidh an t-údarás áitiúil an ainm thar n-ais sa chlár.

(4) Beidh cinneadh an Aire iomchuí ar achomharc faoin alt seo ina chinneadh críochnaitheach.

Eolas a thabhairt d'údarás áitiúil ar dhuine do scor de bheith i seilbh oifige faoi údarás áitiúil eile.

11. —Má scoireann oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil d'aon oifig a shealbhú fúthu, cuirfid é sin in iúl d'aon údarás áitiúil eile faoina mbeidh aon oifig ar seilbh ag an oifigeach sin.

Gan feidhm a bheith ag achtacháin láithreacha áirithe maidir le hoifigeach bunaithe.

12. —Na forála d'aon Acht, poiblí nó áitiúil (seachas an tAcht seo), trína gcumasaítear d'údarás áitiúil liúntas nó aisce a dheonadh do dhuine ar bith ina seirbhís ar é do scor de bheith i seilbh a phoist, ní bheidh feidhm acu maidir le haon oifigeach bunaithe don údarás áitiúil sin.

Teoranta ginearálta leis an tseirbhís a bheas le háireamh ag oifigeach bunaithe.

13. —(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal d'oifigeach bunaithe aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís, beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:—

(a) aon tréimhse a mbeidh cnapshuim, liúntas nó aisce faighte aige cheana ina leith faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim maidir le haoisliúntas arna déanamh faoi aon Acht,

(b) aon tréimhse roimh ocht mbliana déag d'aois a bheith slán aige,

(c) aon tréimhse a mbeifear tar éis aon ranníocaíochta ina leith a thabhairt thar n-ais dó faoi alt 32 den Acht seo, mura mbeidh sé tar éis na ranníocaíochta sin d'aisíoc faoi alt 33 den Acht seo,

(d) aon tréimhse a mbeifear tar éis aon ranníocaíochta ina leith a thabhairt thar n-ais dó faoi alt 57 den Acht seo,

(e) aon tréimhse roimh dháta a cuireadh as oifig faoi údarás áitiúil é de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,

(f) aon tréimhse roimh dháta a fhanfas sé as láthair go toiliúil ón áit ina mbíonn a dhualgais á ndéanamh aige nó a staonfas sé óna dhualgais a dhéanamh chun a thabhairt ar an údarás áitiúil darb oifigeach é a thuarastal nó a choinníollacha seirbhíse d'athrú nó chun a thabhairt ar aon údarás áitiúil eile tuarastail, páigh nó coinníollacha seirbhíse aon oifigeach nó seirbhíseach dá gcuid d'athrú.

(2) Más rud é, ag féachaint do mhír (f) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcaillfidh oifigeach d'údarás áitiúil tréimhse sheirbhíse—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra i scríbhinn i dtaobh a cailliúna a thabhairt don oifigeach,

(b) féadfaidh an t-oifigeach, tráth nach déanaí ná mí tar eis an fógra sin a thabhairt dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne na cailliúna,

(c) féadfaidh an tAire iomchuí, le hordú, diúltú don achomharc nó a dhearbhú go dtabharfar thar n-ais iomlán na tréimhse seirbhíse nó cuid di agus, sa chás deiridh sin, beidh éifeacht ag an mír sin (f) faoi réir an dearbhuithe,

(d) beidh cinneadh an Aire iomchuí ar an achomharc ina chinneadh críochnaitheach.

Seirbhís mar oifigeach bunaithe.

14. —Beidh oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil i dteideal na tréimhsí seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís—

(a) aon tréimhse a chaith sé ina oifigeach bunaithe don údarás áitiúil sin,

(b) aon tréimhse de dhá bhliain nó níos mó a chaith sé ina oifigeach bunaithe d'aon údarás áitiúil eile,

(c) aon tréimhse faoi bhun dhá bhliain a chaith sé ina oifigeach bunaithe d'aon údarás áitiúil eile agus ar éirigh sé as oifig ar í a bheith thart le cead i scríbhinn ón údarás áitiúil eile sin agus le toiliú an Aire iomchuí.

Seirbhís oifigigh bhunaithe mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar.

15. —(1) Beidh oifigeach bunaithe i dteideal na tréimhsí seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís—

(a) aon tréimhse de dhá bhliain nó níos mó a chaith sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhairghalar agus a bhí sé i dteideal d'áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , nó aon achtacháin roimhe sin atá i gcomhréir leis an gCuid sin VIII, agus

(b) aon tréimhse faoi bhun dhá bhliain a chaith sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhairghalar agus a bhí sé i dteideal d'áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ), nó aon achtacháin roimhe sin atá i gcomhréir leis an gCuid sin VIII agus ar éirigh sé as a oifig nó ar scar sé lena fhostaíocht ar í a bheith thart le cead i scríbhinn ón údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoina raibh sé i seilbh a oifige nó a fhostaíochta agus le toiliú an Aire Shláinte,

mura rud é, má rinne sé ranníocaíochta ar feadh na tréimhse chun críocha na Coda sin VIII nó an achtacháin sin roimhe sin, gur haisíocadh na ranníocaíochta sin leis agus nár thug sé thar n-ais iad.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 91 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, maidir le hoifigeach bunaithe.

Seirbhís oifigigh bhunaithe faoi údarás cuain.

16. —Beidh oifigeach bunaithe i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís a chaith sé i seilbh poist inphinsin i seirbhís údaráis chuain.

Seirbhís mar mhúinteoir scoile.

17. —Beidh oifigeach bunaithe do choiste gairm-oideachais i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís a ceadaítear dó d'áireamh le rialacháin faoi alt 72 den Acht seo.

Seirbhís sa stát-sheirbhís.

18. —I gcás—

(a) oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil a bheith i seilbh poist bhunaithe sa stát-sheirbhís díreach roimh é a cheapadh ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, agus

(b) an tAire Airgeadais do thoiliú le feidhm a thabhairt don alt seo maidir leis, agus

(c) gan an t-údarás áitiúil ar chun a seirbhíse a ceapadh é do dhiúltú tráth an cheaptha sin toiliú le feidhm a thabhairt don alt seo maidir leis.

beidh an t-oifigeach i dteideal a sheirbhís chun críocha na nAcht Aoisliúntas roimh dháta an cheaptha sin d'áireamh mar sheirbhís.

Seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin.

19. —(1) Beidh oifigeach bunaithe do bhardas contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís is tréimhse leanúnach dar críoch an lá a chéad-tháinig sé chun bheith ina oifigeach inphinsin don bhardas sin agus a chaith sé ina sheirbhíseach inphinsin don bhardas sin.

(2) Beidh oifigeach bunaithe do bhardas buirge Dhún Laoghaire i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís is tréimhse leanúnach dar críoch an lá a chéad-tháinig sé chun bheith ina oifigeach inphinsin don bhardas sin agus a chaith sé ina sheirbhíseach inphinsin don bhardas sin.

(3) Ní tuigthe duine a bheith, chun críocha fo-ailt (1) nó (2) den alt seo, ina sheirbhíseach inphinsin do bhardas ar feadh tréimhse mura raibh sé ar feadh na tréimhse sin ina sheirbhíseach bunaithe don bhardas nó cláraithe sa chlár de bhuan-fhostaithe a bhí á choimeád acu i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo.

(4) Beidh oifigeach bunaithe i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís is tréimhse leanúnach a chríochnaigh nuair a chéadtháinig sé chun bheith ina oifigeach bunaithe d'aon údarás áitiúil agus a chaith sé ina sheirbhíseach bunaithe d'aon údarás áitiúil.

Seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh bhunaithe.

20. —(1) Chun críocha an Achta seo, is í seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh bhunaithe tráth ar bith ná an uimhir de bhlianta iomlána sa tréimhse, nó i gcomhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal an tráth sin, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán a chur san áireamh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más aon agus fiche nó níos mó ná sin an uimhir de bhlianta iomlána a bheas sa tréimhse, nó i gcomhshuim na dtréimhsí, a bheas oifigeach briogáide tóiteáin i dteideal d'áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán a chur san áireamh, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is í seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh sin ná an uimhir sin de bhlianta i dteannta na breise a bheas ag an uimhir sin de bhlianta ar fiche bliain.

Blianta a chur le seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh bhunaithe.

21. —(1) Má bhíonn deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin ag oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil agus—

(a) go gcuirfear as a oifig é ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht,

(b) go gcuirfear deireadh lena oifig, nó

(c) gur dóigh leis an Aire iomchuí a phost a bheith athraithe go abhartha chun dochair dó trí athruithe a bheith déanta ar choinníollacha an phoist gan cúis réasúnach, agus go n-éireoidh sé as a oifig le toiliú an Aire iomchuí,

cuirfidh an t-údarás áitiúil lena sheirbhís áitiúil inphinsin pé uimhir de bhlianta breise a cheadós an tAire ach nach mó ná—

(i) i gcás fiche bliain nó níos mó de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige—deich mbliana sa bhreis,

(ii) i gcás a sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith ré-uimhir de bhlianta faoi bhun fiche bliain—leath na huimhreach sin de bhlianta breise, nó

(iii) i gcás a sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith corruimhir de bhlianta faoi bhun fiche bliain—leath na céad slán-uimhreach eile faoina bhun sin de bhlianta breise.

(2) I gcás—

(a) ina scoirfidh oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig de dheasca a mhí-iompair nó a neamhoiriúnachta dá oifig agus in imthosca de shórt nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo, agus

(b) inar dóigh leis an údarás áitiúil fátha speisialta a bheith ann a bheir gur cóir blianta a chur lena sheirbhís áitiúil inphinsin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo, uimhir de bhlianta breise nach mó ná deich a chur, le toiliú an Aire, lena sheirbhís áitiúil inphinsin.

Seirbhís oifigigh bhunaithe ar a oifig d'fhorceannadh.

22. —Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is í seirbhís oifigigh bhunaithe ar a oifig d'fhorceannadh ná a sheirbhís áitiúil inphinsin i dteannta aon bhlianta breise a cuirfear léi faoi alt 21 den Acht seo.

Cnapshuim agus liúntas a dheonadh d'oifigeach bunaithe ar é do scor de bheith i seilbh oifige.

23. —(1) Más rud é—

(a) go gcoirfidh oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a oifige agus nach gceapfar chun oifige inphinsin eile é faoi údarás áitiúil ná chun bheith ina oifigeach chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé i gcoitinne san oifig sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, cnapshuim agus liúntas laghdaithe a dheonadh dhó,

deonfaidh an t-údarás áitiúil cnapshuim agus liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:—

(a) i gcás an t-oifigeach do scor de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig agus—

(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(ii) é a bheith ina oifigeach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige, nó

(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(b) i gcás an t-oifigeach a chur as a oifig ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(c) i gcás deireadh a chur le hoifig an oifigigh agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(d) i gcás inar dóigh leis an Aire iomchuí post an oifigigh a bheith athraithe go habhartha chun dochair dó trí athruithe a bheith déanta ar choinníollacha an phoist gan cúis réasúnach, agus é d'éirí as a oifig le toiliú an Aire iomchuí agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(e) i gcás an t-oifigeach do scor de bheith i seilbh a oifige toisc an teora aoise chuige sin a bheith sroichte aige agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige.

An chnapshuim a deonfar d'oifigeach bunaithe a chinneadh.

24. —Is é méid na cnapshuime a deonfar faoi alt 23 den Acht seo d'oifigeach bunaithe ná méid is ionann agus—

(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta seirbhíse a bheas aige ar a oifig d'fhorceannadh, nó

(b) oiread go leith a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is lú.

An liúntas a deonfar d'oifigeach bunaithe a chinneadh.

25. —Is é liúntas a deonfar d'oifigeach bunaithe faoi alt 23 den Acht seo ar é do scor de bheith i seilbh oifige ná—

(a) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann leis an ochtódú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta seirbhíse a bheas aige ar a oifig d'fhorceannadh, nó

(b) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann le leath a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is lú.

Cnapshuim agus liúntas oifigigh bhunaithe a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.

26. —Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 23 den Acht seo, gur cnapshuim agus liúntas laghdaithe a deonfar d'oifigeach bunaithe, déanfaid méid na cnapshuime agus ráta bliantúil an liúntais a deonfar dó faoi alt 23 den Acht seo a laghdú faoi bhun an méid agus an ráta dob iomchuí dhó sin faoi ailt 24 agus 25 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.

Aisce ghearrsheirbhíse a dheonadh d'oifigeach bunaithe.

27. —I gcás oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus faoi bhun deich mblian de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, do scor de bheith i seilbh a oifige toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buanéiglíochta meabhrach nó coirp, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aige.

Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta oifigigh bhunaithe mhairbh.

28. —(1) I gcás oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is ionann agus—

(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir (nach mó ná cúig ceathrachad) de na blianta sin de sheirbhís áitiúil inphinsin, nó

(b) a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is mó.

(2) I gcás oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus bliain ar a laghad agus faoi bhun chúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheas aige.

Aisce a dheonadh faoi alt 23 d'ionadaí dlíthiúil pearsanta deonaí mhairbh.

29. —I gcás duine dob oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil agus dar deonadh, faoi alt 23 den Acht seo, cnapshuim agus liúntas ar é do scor de bheith i seilbh oifige, d'fháil bháis sar a mbeidh iomlán na suimeanna a gheobhaidh sé ar scór na cnapshuime agus an liúntas comhionann lena luach saothair inphinsin, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin.

Aisce a dheonadh do bhan-oifigeach bunaithe ar phósadh dhi.

30. —Má scoireann ban-oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a hoifige toisc í a phósadh nó a bheith chun pósadh agus go ndéanfaidh sí, roimh trí mhí a bheith caite tar éis an scoir sin, deimhniú pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil á chruthú gur pósadh í, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—

(i) an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta seirbhíse áitiúla inphinsin a bheas aici, nó

(ii) a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is lú;

(b) má dhéanann an t-údarás áitiúil, bíodh nach dóigh leo gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, a chinneadh mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.

Ranníocaíochta ó oifigigh bhunaithe.

31. —(1) Déanfaidh oifigeach bunaithe d'údarásá itiúil ranníocaíocht leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta sa bhliain is ionann agus cúig faoin gcéad—

(a) dá thuarastal bliantúil, agus

(b) de luach bliantúil, arna chinneadh faoi alt 35 den Acht seo, a shochair oifige, más ann.

(2) An ranníocaíocht a bheas le déanamh ag oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin í d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a thuarastal, ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is dligh d'údarás áitiúil a dhéanamh as a thuarastal, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim d'aisgabháil trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon chnapshuim nó liúntas is iníoctha acu leis nó ina leith.

(3) Más rud é, faoi alt 64 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntais nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil iníoctha ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—

(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníocaíochta faoin alt seo,

(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.

Ranníocaíochta ó oifigeach bunaithe a thabhairt thar n-ais.

32. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn an abairt “na ranníocaíochta,” maidir le hoifigeach bunaithe, a gcomhshuim seo a leanas—

(a) aon ranníocaíochta a bheas déanta aige faoi alt 31 den Acht seo,

(b) i gcás aon ranníocaíochta a bheith déanta aige faoi alt 56 den Acht seo, na ranníocaíochta sin,

(c) i gcás ranníocaíochta a bheith déanta aige faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ), na ranníocaíochta sin,

(d) i gcás ranníocaíochta a bheith déanta aige faoin Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, na ranníocaíochta sin,

ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ranníocaíochta acu sin a bheas tugtha thar n-ais dó agus ná beidh aisíoctha aige.

(2) Má scoireann oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar agus nach ndeonfar aisce faoi alt 28 den Acht seo dhó, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dó.

(3) I gcás oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(4) Má scoireann oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon oifig inphinsin eile faoi údarás áitiúil agus nach mbeidh teideal aige chun cnapshuime agus liúntais faoi alt 23 den Acht seo ná chun aisce phósta d'fháil faoi alt 30 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais dó.

(5) Má cuirtear oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil as a oifig de dheasca mí-iompair, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más dóigh leo go bhfuil fátha speisialta ann chun déanamh amhlaidh, na ranníocaíochta a thabhairt thar n-ais dó.

(6) Má thugann údarás áitiúil na ranníocaíochta thar n-ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar thar n-ais suim i leith ranníocaíocht a rinne an t-oifigeach a bheas i gceist agus atá ar seilbh ag údarás áitiúil eile nó ag bord ospidéil mheabhairghalar, íocfaidh an t-údarás nó an bord sin an tsuim sin thar n-ais leis an údarás áitiúil a thug na ranníocaíochta thar n-ais.

(7) Beidh feidhm, maidir le ranníocaíochta a bhéarfar thar n-ais faoin alt seo, ag an bproviso atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

Ranníocaíochta a tugadh thar n ais d'aisíoc.

33. —Más rud é, tar éis na ranníocaíochta a bheith tugtha thar n-ais faoi alt 32 den Acht seo d'oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil ar é do scor de bheith ina oifigeach bunaithe, go mbeidh sé arís ina oifigeach bunaithe d'údarás áitiúil de bhuaidh a cheaptha iardain, beidh teideal aige, roimh dheireadh (ach ní bheidh tar éis deireadh) dhá mhí dhéag i ndiaidh an cheaptha iardain, an tsuim sin d'aisíoc leis an údarás áitiúil céadluaite a thugadar thar n-ais dó amhlaidh ionas go mbeidh ináirmhe aige mar sheirbhís áitiúil inphinsin an tréimhse sheirbhíse den tsórt sin a bhí aige roimh an scor sin agus, má aisíocann sé an tsuim sin agus go ndearna aon údarás áitiúil eile nó aon bhord ospidéil mheabhair-ghalar aon chuid di d'íoc thar n-ais, déanfaidh an t-údarás áitiúil céadluaite an méid a híocadh thar n-ais d'aisíoc leis an údarás áitiúil eile nó leis an mbord ospidéil mheabhairghalar.

Ciall an fhocail “tuarastal.”

34. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, is é ciall atá leis an bhfocal “tuarastal”—

(a) ní fholaíonn sé aon ní acu seo a leanas:—

(i) íocaíochta i leith breisaimsire,

(ii) costais taistil ná liúntais eile in aghaidh costas áirithe,

(iii) íocaíochta as gníomhú mar chléireach do choiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, nó d'fho-choiste arna cheapadh ag aon choiste den tsórt sin,

(iv) íocaíochta as gníomhú mar ard-chláraitheoir breitheanna, básanna agus póstaíocha nó mar chláraitheoir póstaíocha,

(v) íocaíochta as obair speisialta chorr-aimsireach nó shealadach nó as post a líonadh go sealadach nó mar ionadaí go dtí go ndéanfar buancheapachán;

(b) faoi réir míre (a) den fho-alt seo, folaíonn sé gach uile tháille, puntáiste agus íocaíocht eile airgid a bhéarfar chun a úsáide féin d'oifigeach i gcáil oifigigh dó.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú le hordú, maidir le híocaíochta de shaghas sonraithe is saghas a luaitear i bhfo-mhír (i) nó (v) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de thuarastal oifigigh áirithe nó de thuarastal gach oifigigh agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh an focal “tuarastal” sa Chuid seo den Acht seo, maidir leis an oifigeach sin nó le gach oifigeach (do réir mar is iomchuí), íocaíochta den tsaghas sin.

Luach saothair inphinsin oifigigh bhunaithe a ríomh.

35. —(1) Cinnfidh údarás áitiúil, ó am go ham agus aon uair a ordós an tAire amhlaidh, an luach bliantúil in airgead atá ar gach ceann (más ann) de shochair oifige oifigigh bhunaithe agus coimeádfaid ar taispeáint, i ngach oifig nó foras a bheas á chothabháil acu agus in áit fheiceálach a mbeidh teacht air ag a n-oifigigh, liosta de na luacha a cinnfear amhlaidh do shochair oifige na n-oifigeach bunaithe a bheas ar fostú san oifig nó uaithi nó san bhforas sin nó uaidh.

(2) Ní foláir cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ceadaithe ag an Aire.

(3) Má bhíonn oifigeach bunaithe ag fáil ráta áirithe tuarastail aon lá faoi leith, is é is luach saothair inphinsin dó chun críocha na Coda seo den Acht seo an lá sin ná—

(a) mura lú ná trí bliana an tréimhse, nó comhshuim na dtréimhsí, a bheas sé i dteideal faoin gCuid seo den Acht seo d'áireamh mar sheirbhís—

(i)  más rud é, ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí arb í nó arb iad na trí bliana deiridh den tréimhse nó de chomhshuim na dtréimhsí a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís, go raibh sé ag fáil tuarastail do réir an ráta áirithe sin nó go raibh sé sa ghrád céanna oifigeach—an méid tuarastail a gheobhadh sé i mbliain arna áireamh do réir an ráta áirithe sin, nó

(ii) in aon chás eile—tríú cuid de chomhshuim na méideanna a fuair sé i bhfoirm tuarastail ar feadh na tréimhse nó na dtréimhsí sin arb í nó arb iad na trí bliana sin, nó, mura raibh sé ar lán-tuarastal ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, an tríú cuid de chomhshuim na méideanna a gheobhadh sé amhlaidh dá mbeadh sé ar lántuarastal ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, nó

(b) i gcás inar lú ná trí bliana an tréimhse nó comhshuim na dtréimhsí a bheas sé i dteideal, faoin gCuid seo den Acht seo, d'áireamh mar sheirbhís—

(i) más rud é, ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, go raibh sé ag fáil tuarastail do réir an ráta áirithe sin nó go raibh sé sa ghrád céanna oifigeach—an méid tuarastail a gheobhadh sé i mbliain arna ríomh do réir an ráta áirithe sin, nó

(ii) in aon chás eile—meánaíocht mhíosúil, arna hiolrú faoi dhó dhéag, na méideanna a fuair sé i bhfoirm tuarastail ar feadh na tréimhse nó na dtréimhsí sin nó, mura raibh sé ar lántuarastal ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin, meánaíocht mhíosúil, arna hiolrú faoi dhó dhéag, na méide a gheobhadh sé amhlaidh dá mbeadh sé ar lán-tuarastal ar feadh iomlán na tréimhse nó na dtréimhsí sin,

maraon leis an luach bliantúil, arna chinneadh an tráth sin faoi fho-alt (1) den alt seo, ar a shochar oifige, más ann.

Foráil idirlinne maidir le seirbhís ag múineadh Gaeilge.

36. —(1) Beidh oifigeach bunaithe do choiste gairm-oideachais i dteideal aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís is tréimhse, maidir leis an oifigeach sin, a mbaineann an t-alt seo léi.

(2) Aon tréimhse—

(a) a thosnaigh tar éis oifigeach bunaithe do choiste gairmoideachais do shlánú bliain agus fiche d'aois agus a chríochnaigh roimh an 31ú Iúil, 1924, agus

(b) ar deimhin leis an Aire Oideachais ina taobh go ndearna an t-oifigeach sin ar feadh iomlán na tréimhse sin a chuid ama ar fad a thabhairt faoi stiúrú Chonradh na Gaeilge do mhúineadh na Gaeilge nó d'eagrú a múinte,

beidh sí, maidir leis an oifigeach sin, ina tréimhse lena mbaineann an t-alt seo má bhíonn cúig bliana nó níos mó d'fhaid inti nó más ceann í de dhá thréimhse nó níos mó den tsórt sin adúradh a bhfuil cúig bliana nó níos mó d'fhaid ina n-iomlán.

Forála idirlinne ginearálta do Chuid II.

37. —(1) Más rud é, i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo, gur oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil duine agus, ar an 1ú lá d'Eanáir, 1947, nach raibh slán aige—

(a) más oifigeach briogáide tóiteáin é, cúig bliana caogad d'aois, nó

(b) in aon chás eile, seasca bliain d'aois,

féadfaidh sé, laistigh de shé mhí ar a fhaid tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, a iarraidh i scríbhinn ar an údarás áitiúil a ainm d'iontráil sa chlár agus air sin iontrálfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár agus beidh éifeacht ag an iontráil amhail is dá ndéantaí é i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo.

(2) Más rud é, i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo, gur oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil duine, ní hiontrálfar a ainm i gclár aon údaráis áitiúil mura faoi fho-alt (1) den alt seo a déanfar an iontráil nó mura tar éis a ainm d'iontráil faoin bhfo-alt sin a déanfar sin.

(3) Duine ar bith a n-iontrálfar a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo beidh teideal aige go n-áireofaí mar sheirbhís an tseirbhís a bheas aige i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo chun críocha Coda IV d'Acht 1925 nó chun críocha aon Achta den tsórt sin a ritheadh roimh Acht 1925 agus a bhaineas le haoisliúntas agus a mbeidh feidhm aige maidir leis.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 15 den Acht seo maidir le duine a n-iontrálfar a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo amhail is dá bhfágtaí ar lár na focail “de dhá bhliain nó níos mó” i mír (a) agus iomláine mhíre (b).

(5) I gcás duine a n-iontrálfar a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith i seilbh poist bhunaithe sa stát-sheirbhís tráth a cheaptha ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, beidh feidhm ag alt 18 den Acht seo maidir leis amhail is dá bhfágtaí míreanna (b) agus (c) de ar lár.

(6) I gcás oifigeach bunaithe a bheith ina oifigeach inphinsin ar dháta an Achta seo a rith agus bliain iomlán ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige tráth a rite, déanfar, má bhíonn feidhm ag alt 24 den Acht seo maidir leis, an t-alt sin a léiriú amhail is dá bhforáladh sé go ndéanfaí an tsuim is lú a luaitear ansin a mhéadú leath faoin gcéad den tsuim sin arna hiolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána (gan aon chodán de bhliain iomlán d'áireamh) de sheirbhís áitiúil inphinsin a bhí aige tráth a rite.

(7) Ní hiarrfar aon ranníocaíocht faoi alt 31 den Acht seo ar dhuine a mbeidh a ainm iontrálta faoi fho-alt (1) den alt seo ar feadh tréimhse leanúnaí seirbhíse dar tús dáta thosach fe dhme na Coda seo den Acht seo.

(8) Ní hiarrfar aon ranníocaíocht faoi alt 31 den Acht seo ar feadh na tréimhse iomchuí ar dhuine a ceapfar tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil de thoradh scrúduithe (trí chomórtas oscailte nó ar shlí eile) a bhí ann roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo má ceapadh aon duine eile roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo chun bheith ina oifigeach inphinsin don údarás áitiúil de thoradh an scrúduithe sin.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an tréimhse iomchuí,” maidir le duine a ceapfar ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, tréimhse sheirbhíse leanúnaí an duine sin dar tosach an dáta a raghaidh i mbun dualgais tar éis a cheaptha amhlaidh.

(9) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis an 1ú lá d'Eanáir, 1947, nó dá éis sin, agus roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo,

(b) an duine sin a bheith, díreach roimh é d'fháil bháis, ina oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, agus

(c) an duine sin a bheith, dá mba nach bhfuair sé bás agus gur fhan sé i seirbhís an údaráis áitiúil, i dteideal a iarraidh go n-iontrálfaí a ainm faoi fho-alt (1) den alt seo,

beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe acu as a gcomhairle féin agus, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, nach mbeidh aon achomharc ina leith, chun an aisce chéanna (más ann) a dheonadh faoi alt 28 den Acht seo a deonfaí dá mba rud é gur tháinig an Chuid seo den Acht seo i bhfeidhm díreach roimh bhás an duine sin agus go raibh a ainm iontrálta an tráth sin faoi fho-alt (1) den alt seo.

(10) Béidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon fhorála eile sa Chuid seo den Acht seo.