8 1948


Uimhir 8 de 1948.


AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1948.

[An tiontó oifigiúil]

ACHT D'ATHRÚ NA dTRÁTH CHUN TOGHCHÁIN A CHOMÓRADH DO CHOMHALTAÍ ÚDARÁS ÁITIÚLA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE A LEANAS AS AN ATHRÚ SIN NÓ A GHABHAS LEIS.

[4ú Meitheamh, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon chomhlucht acu seo a leanas:—

(a) comhairle chontae,

(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

(c) comhairle cheantair uirbigh,

(d) coimisinéirí baile;

an bhliain toghcháin áitiúil.

tá leis an abairt “an bhliain toghcháin áitiúil” an bhrí a bheirtear di i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo;

An tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, déanfar tagairt san Acht seo do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas údaráis áitiúil a léiriú, nuair is bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil a bhíos i gceist, mar thagairt do chruinniú, do chomhalta nó do chomhaltas den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.

Trátha toghchán d'athrú.

2. —(1) (a) Faoi réir forál an Achta seo, déanfaidh an tAire, roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1950, le hordú, lá nach déanaí ná an 30ú lá sin de Mheán Fómhair, 1950, a cheapadh, i leith gach údaráis áitiúil, chun bheith ina lá ceaptha chun toghchán a chomóradh do chomhaltaí an údaráis áitiúil sin agus comórfar an toghchán sin dá réir sin.

(b) Is sa bhliain chéanna (dá ngairmtear an bhliain toghcháin áitiúil san Acht seo) a bheas an lá ceaptha, i leith gach údaráis áitiúil.

(c) Is tuigthe gach toghchán den tsórt sin a bheith ina thoghchán trí-bhlianach agus cinnfear dá réir sin na trátha chun toghcháin trí-bhlianacha ina dhiaidh sin a chomóradh.

(2) Ní comórfar toghchán do chomhaltaí údarais áitiúil idir dháta an Achta seo a rith agus dáta an toghcháin de bhun fo-ailt (1) den alt seo, agus déanfar faidiú dá réir sin ar an téarma oifige a bheas á chaitheamh, ar dháta an Achta seo a rith, ag comhaltaí an údaráis sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , ná d'aon ordú arna dhéanamh faoin gCuid sin.

Forála i gcás comhaltaí a bheith arna gcur as oifig ar dháta an Achta seo a rith.

3. —I gcás comhaltaí údaráis áitiúil a bheith arna gcur as oifig ar dháta an Achta seo a rith agus toghchán do chomhaltaí an údaráis áitiúil a chomóradh sa bhliain 1948, ar lá arna shocrú le hordú faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin aon ní san Acht seo ná in aon Acht eile:

(a) an lá a socrófar amhlaidh, is cead gur lá ar bith nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1948, a bheas ann,

(b) is tuigthe an toghchán a comórfar sa bhliain 1948 a bheith ina thoghchán trí-bhlianach,

(c) ní gá don Aire, mura cuí leis é, lá a cheapadh, faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo, chun toghchán a chomóradh do chomhaltaí an údaráis áitiúil sin,

(d) mura gceapann an tAire lá amhlaidh, is tuigthe, chun na trátha a chinneadh do chomóradh toghchán tríbhlianach ina dhiaidh sin, an toghchán a comórfar sa bhliain 1948 a bheith arna chomóradh sa bhliain toghcháin áitiúil.

Forála i gcás coimisinéirí nua baile.

4. —I gcás an tAire dá ordú le hordú faoin alt seo, go ndéanfar an chéad toghchán faoi alt 21 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, do choimisinéirí baile a chomóradh lá éigin, sa bhliain 1948 nó 1949, a sonrófar san ordú, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon Acht eile:

(a) comórfar an toghchán an lá a sonrófar amhlaidh,

(b) is tuigthe an toghchán a bheith ina thoghchán tríbhlianach,

(c) ní gá don Aire, mura cuí leis é, lá a cheapadh, faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo, chun toghchán a chomóradh do na coimisinéirí sin,

(d) mura gceapa an tAire lá amhlaidh, is tuigthe, chun na trátha a chinneadh do chomóradh toghchán tríbhlianach ina dhiaidh sin, an chéad toghchán a bheith arna chomóradh sa bhliain toghcháin áitiúil.

Toghchán nua do chomhaltaí Bhord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath.

5. —I gcás toghchán do chomhaltaí Bhord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath a chomóradh de bhun fo-ailt (2) d'alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1945

(a) más ar laethe difriúla a toghfar na comhaltaí, tiocfaid go léir i seilbh oifige an lá i ndiaidh an lae a toghadh an té is déanaí dhíobh a toghadh,

(b) na comhaltaí a toghfar ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, sa bhliain 1948, toghfar iad ag cruinniú de Chomhairle Chathrach Bhaile Atha Cliath a comórfar laistigh de mhí i ndiaidh lae an toghcháin sa bhliain 1948 do chomhaltaí Chomhairle Chontae Bhaile Atha Cliath.

Téarma oifige comhaltaí áirithe de chomhluchta áirithe.

6. —(1) Baineann an t-alt seo leis na comhaltaí sin, de bhord nó de choiste nó de chomhlucht eile ar gá do réir dlí go gceapfadh comhairle chontae nó chontae-bhuirge gach comhalta nó aon chomhalta de i gcionn gach trí mblian, a ceapadh ag comhairle chontae nó chontae-bhuirge agus a bhfuil a dtéarmaí oifige á gcaitheamh acu ar dháta an Achta seo a rith.

(2) An téarma oifige a bheas á chaitheamh, ar dháta an Achta seo a rith, ag na comhaltaí sin lena mbaineann an t-alt seo, leanfaidh sé, i gcás ina rachadh sé in éag níos túisce mura mbeadh an t-alt seo, go dtí an lá a comórfar an chéad chruinniú bliantúil nó, i gcás contae-bhuirge, an chéad chruinniú ráithiúil, tar éis an toghcháin de bhun ailt 2 den Acht seo don chomhairle a cheap na comhaltaí sin.

(3) Gach amhras, ceist agus díospóid i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil aon chomhalta áirithe d'aon bhord, coiste nó comhlucht eile ina chomhalta lena mbaineann an t-alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus beidh a chinneadh sin air sin ina chinneadh críochnaitheach, do-sháruithe.

Cosaint ar dhícháiliú i gcásanna áirithe.

7. —Aon chomhalta d'údarás áitiúil a scoirfeas de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis de bhíthin clár nua de thoghthóirí rialtais áitiúil a theacht i bhfeidhm tar éis dáta an Achta seo a rith agus roimh dháta toghcháin do chomhaltaí den údarás de bhun ailt 2 den Acht seo, ní bheidh sé dícháilithe, de dheasca an scortha sin amháin, chun leanúint i seilbh oifige mar chomhalta den údarás go dtí an gnáthlá a rachadh comhaltaí an údaráis as oifig i ndiaidh an toghcháin sin.

An bhliain toghcháin i gcóir coistí gairm-oideachais.

8. —Athghairmtear leis seo alt 24 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo chun críocha na nAcht Gairm-Oideachais, 1930 go 1947,—

(a) maidir le gach comhairle chontae, chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh agus gach coiste gairm-oideachais, go mbeidh an bhliain toghcháin áitiúil ina bliain toghcháin agus go mbeidh gach tríú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana sin ina bliain toghcháin freisin, agus

(b) i gcás coiste ghairm-oideachais a gceaptar gach comhalta nó aon chomhalta de ag údarás áitiúil a bhfuil a chomhaltaí arna gcur as oifig ar dháta an Achta seo a rith, go mbeidh an bhliain 1948 ina bliain toghcháin freisin maidir leis an gcoiste sin agus le gach údarás áitiúil a cheapas comhaltaí den choiste sin.

An bhliain toghcháin i gcóir coistí talmhaíochta.

9. —Athghairmtear leis seo alt 25 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 14 de 1937) , agus ina ionad sin achtaítear leis seo—

(a) maidir le gach comhairle chontae agus gach coiste talmhaíochta, go mbeidh an bhliain toghcháin áitiúil ina bliain toghcháin chun críocha an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht Talmhaíochta, 1931 (Uimh. 8 de 1931) , agus go mbeidh gach tríú bliain as a chéile i ndiaidh na bliana sin ina bliain toghcháin freisin chun na gcríocha sin, agus

(b) i gcás coiste thalmhaíochta a gceaptar a chomhaltaí ag comhairle a bhfuil a comhaltaí arna gcur as oifig ar dháta an Achta seo a rith, go mbeidh an bhliain 1948 ina bliain toghcháin freisin chun na gcríocha sin maidir leis na gcoiste sin agus leis an gcomhairle sin.

An bhliain toghcháin i gcóir údarás áirithe cuain.

10. —I gcás feidhme míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 ), maidir le húdarás cuain a mbeidh Cuid II den Acht sin i ngníomh maidir leis ar dháta an Achta seo a rith, déanfar an tagairt don chéad bhliain eile ina gcomórfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae i ndiaidh na céadbhliana toghcháin a léiriú mar thagairt don bhliain toghcháin áitiúil.

Achtacháin d'oiriúnú.

11. —(1) Gach reacht, ordú agus rialachán a bhaineas le toghcháin do chomhaltaí aon údaráis áitiúil nó le cruinnithe aon údaráis áitiúil, is faoi réir forál an Achta seo a bheas éifeacht aige, agus féadfaidh an tAire, le hordú, pé oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh ar aon reacht, ordú nó rialachán acu sin is dóigh leis is gá chun go mbeidh éifeacht aige do réir an ailt seo.

(2) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 , a ghairm den Acht seo.