An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. COMHAONTU idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe ag leasú Comhaontuithe 1926 (arna leasú le Comhaontú 1928) i dtaobh Cánach Ioncaim Dúbalta.)

12 1948

AN tACHT AIRGEADAIS, 1948

CUID IV.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

13. —D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair costas ginearálta a bheas le n-íoc as an bPríomh-Chiste, aistreofar chun an Stát-Chiste agus íocfar leis as an Ród-Chiste suim trí chéad míle punt pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1949, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

Ús ar thaiscí i mBanc Taisce an Phoist.

14. —(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “taisce” an meid iomlán a bheas de thuras na huaire chun creidiúna do chuntas taisceora i mBanc Taisce an Phoist, ach ní fholaíonn sé airgead a bheas chun creidiúna do bhanc taisce iontaobhais in ainm an Aire Airgeadais i mBanc Taisce an Phoist.

(2) Ar an 1ú lá d'Iúil, 1948, agus dá éis, is é an ráta úis ar thaisce ná a dó go leith faoin gcéad sa bhliain.

(3)  (a) Is é tréimhse íosta a ríomhfar ús ar thaisce ina leith ná mí, agus déanfar an t-ús a ríomh do réir na suime a coimeádadh i dtaisce go leanúnach ar feadh gach mí.

(b) Chun críocha na míre seo—

(i) ciallaíonn an focal “mí” aon mhí de na míosa Eanáir go Nollaig,

(ii) ní tuigthe aon tsuim a bheith arna coimeád i dtaisce go leanúnach ar feadh mí mura raibh sí i dtaisce an lá deireannach den mhí díreach roimhe sin.

(4) Is é méid íosta de thaisce a ríomhfar ús ina leith ná punt agus ní háireofar aon chuid de thaisce is lú ná punt.

(5) Chun críocha an ailt seo is tuigthe taisce nó cuid de thaisce a bheith arna tharraingt amach ar dháta eisiúna an bharántais trína mbeartaítear íocaíocht a dhéanamh.

(6) Faoi réir na bhforál roimhe seo, ríomhfar ús ar thaisce go dtí an 31ú lá de Nollaig gach bliain agus ansin cuirfear leis an mbunairgead é agus beidh sé ina chuid den chéanna.

An Ciste Forbartha Idirlinne.

15. —Is é an 31ú lá de Mhárta, 1949, an dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne d'fhorceannadh, in ionad an dáta, an 31ú lá de Nollaig, 1948, a hordaíodh i bhfo-alt (4) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).

Athghairm.

16. —Déantar leis seo gach achtachán a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) amhail ar an dáta a luaitear i gcolún (4) agus uaidh sin amach.

Orduithe a scor d'éifeacht a bheith acu.

17. —Scoirfidh gach ordú a sonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'éifeacht a bheith aige ar an dáta a luaitear i gcolún (3).

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

18. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, léiriú agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Léireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, léireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1948, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.