An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Leasuithe ar na hAchta um Chunamh Difhostaiochta, 1933 go 1940.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Leasuithe ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.)

17 1948

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948

CUID VI.

Leasuithe ar na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhilleachtaithe, 1935 go 1947.

Caibidil I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Tosach feidhme Caibidil II, III agus IV de Chuid VI.

36. —(1) Tiocfaidh Caibidil II den Chuid seo i ngníomh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.

(2) Tiocfaidh Caibidil III den Chuid seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.

(3) Tiocfaidh Caibidil IV den Chuid seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1949.

Léiriú Coda VI.

37. —(1) Sa Chuid seo—

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1947;

pinsean ranníocach.

ciallaíonn an abairt “pinsean ranníocach” pinsean is pinsean (ranníocach) baintrí nó pinsean (ranníocach) dílleachtaí;

pinsean neamhranníocach.

ciallaíonn an abairt “pinsean neamhranníocach” pinsean is pinsean (neamhranníocach) baintrí nó pinsean (neamhranníocach) dílleachtaí;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935) .

(2) Léireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus na hAchta.

Liúntas (ranníocach) linbh d'íoc i gcásanna áirithe.

38. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchta, i gcás—

(a) baintreach fhir d'athphósadh, agus

(b) leanbh leis an bhfear sin a bheith ar feadh aon tréimhse—

(i) ar coinneáil i scoil cheartúcháin nó scoil saothair, nó

(ii) faoi choimeád duine éigin seachas an bhaintreach sin, de bhun orduithe chúirte, nó

(iii) tréigthe nó fágtha ag an mbaintreach sin, nó

(iv) ina chónaí i bhforas nó curtha ar iostas ag údarás cúnaimh phoiblí,

féadfar pinsean (ranníocach) dílleachtaí d'íoc do réir na nAcht ar feadh na tréimhse sin i leith an linbh sin, ach beidh an pinsean sin ar aon-ráta leis an liúntas (ranníocach) linbh dob iníoctha dá mba nár athphós an bhaintreach sin agus go raibh an leanbh sin in éintíos léi.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchta, i gcás—

(a) baintreach fhir d'athphósadh, agus

(b) leanbh leis an bhfear sin a bheith tráth an phósta—

(i) ar coinneáil i scoil cheartúcháin nó scoil saothair, nó

(ii) faoi choimeád duine éigin seachas an bhaintreach sin, de bhun orduithe chúirte, nó

(iii) tréigthe nó fágtha ag an mbaintreach sin, nó

(iv) ina chónaí i bhforas nó curtha ar iostas ag údarás cúnaimh phoiblí, agus

(c) an bhaintreach sin d'athghlacadh coimeád an linbh ina dhiaidh sin,

féadfar aon liúntas (ranníocach) linbh is iomchuí d'íoc do réir na nAcht i leith an linbh amhail ón am a hathghlacfar coimeád an linbh.

(3) Is tuigthe an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1947.