An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Leasuithe ar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhilleachtaithe, 1935 go 1947.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Leasú ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.)

17 1948

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948

Caibidil II.

Leasuithe ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1948.

Leasú ar alt 13 den Phríomh-Acht.

39. —I mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht cuirfear na focail “nó na gcúig mblian” i ndiaidh na bhfocal “na dtrí mblian” agus cuirfear na focail “nó na cúig bliana sin (do réir mar bheas)” i ndeireadh na míre i ndiaidh na bhfocal “trí bliana san”.

Léiriú Coda II den Phríomh-Acht.

40. —(1) Cuirfear isteach i gCuid II den Phríomh-Acht an t-alt nua seo a leanas:—

“8a.—(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn an abairt ‘líomatáiste uirbeach’ aon líomatáiste is—

(a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó

(b) ceantar uirbeach, nó

(c) baile;

ciallaíonn an abairt ‘líomatáiste tuatha’ aon líomatáiste nach líomáiste uirbeach.

(2) I gcás teach i líomatáiste tuatha a bheith ar únaeracht ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó ag comhairle cheantair uirbigh nó ag coimisinéirí baile, is tuigthe chun críocha na Coda seo gur cónaí i líomatáiste uirbeach cónaí sa tigh sin.

(3) Má bhíonn duine, lena mbeidh pinsean (ranníocach) baintrí nó pinsean (ranníocach) dílleachtaí iníoctha, ina chónaí de thuras na huaire i dtír cheaptha, is tuigthe, chun críocha na Coda seo, an duine sin a bheith ina chónaí—

(a) i gcás an duine sin a bheith ina chónaí tráth ar bith sa Stát, san áit sa Stát is déanaí a raibh cónaí ar an duine sin,

(b) in aon chás eile, san áit sa Stát is déanaí a raibh cónaí ar an duine ar i leith a árachais atá an pinsean iníoctha.

(4) (a) I gcás éagach a bheith ar feadh na tréimhse iomchuí ag gabháil de ghnáth d'fhostaíocht talmhaíochta agus ina theannta sin é a bheith de ghnáth ar feadh na tréimhse sin ina ranníocóir fostaithe do réir bhrí na nAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, is tuigthe, chun críocha na Coda seo, gurbh oibrí talmhaíochta an t-éagach sin.

(b) Má éiríonn aon cheist faoi mhír (a) den fho-alt seo i dtaobh aon duine, ar feadh na tréimhse iomchuí, a bheith ag gabháil de ghnáth d'fhostaíocht talmhaíochta nó a bheith de ghnáth ina ranníocóir fostaithe do réir bhrí na nAcht um Arachas Sláinte Náisiúnta, cuirfear an cheist faoi bhráid an Aire agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

(c) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn an abairt ‘an tréimhse iomchuí’—

(i) maidir le duine d'éag ar an dáta nó i ndiaidh an dáta a shroich sé seachtó blian d'aois, an tréimhse thrí mblian díreach roimh an dáta sin, ach nuair a beifear ag ríomh na tréimhse trí mblian sin ní tabharfar aird ar aon tréimhse neamhbhriste a chríochnaigh ar an dáta sin agus ina raibh an duine sin neamhchumasach ar obair a dhéanamh de dheasca galair shonraigh éigin nó easláine meabhrach nó coirp, agus

(ii) maidir le duine d'éag sar ar shroich sé seachtó blian d'aois, an tréimhse thrí mblian díreach roimh dháta a bháis, ach nuair a beifear ag ríomh na tréimhse trí mblian sin ní tabharfar aird ar aon tréimhse neamhbhriste a chríochnaigh ar an dáta sin agus ina raibh an duine sin neamhchumasach ar obair a dhéanamh de dheasca galair shonraigh éigin nó easláine meabhrach nó coirp.”

(2) Scoirfidh alt 7 (a mhíníos “líomatáiste uirbeach” agus “líomatáiste tuatha” agus a hathghairmtear amhail ón 7ú lá d'Eanáir, 1949, leis an Acht seo) den Phríomh-Acht d'fheidhm a bheith aige maidir le léiriú Coda II de Phríomh-Acht.

Comhdhéanamh agus rátaí pinsean (ranníocach) baintreach.

41. —Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 10—

“10.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt ‘leanbh cáilithe’, maidir le duine árachaithe, leanbh leis an duine sin atá ina bheathaidh agus atá, de thuras na huaire, faoi bhun na haoise ceaptha.

(2) Faoi réir forál an Achta seo, is mar leanas a bheas pinsean (ranníocach) baintrí is iníoctha le baintreach dhuine árachaithe (is baintreach den aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible don alt seo ag aon uimhir thagartha)—

(a) má bhíonn agus faid a bheas aon leanbh nó leanaí cáilithe leis an duine sin ann, is é a bheas sa phinsean sin—

(i) liúntas (dá ngairmtear liúntas (ranníocach) baintrí san Acht seo) i leith na baintrí do réir an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin, agus

(ii) liúntas (dá ngairmtear liúntas (ranníocach) linbh san Acht seo) i leith gach linbh cháilithe do réir an ráta atá leagtha amach i gcolún (4), (5), (6), (7), (8) nó (9) (pé acu is iomchuí) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin,

(b) mura mbíonn aon leanbh cáilithe leis an duine sin ann, is é a bheas sa phinsean sin liúntas i leith na baintrí do réir an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin.

An Taible D'Alt 10.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Ranníocach) Baintreach.

Liúntas (Ranníocach Baintrí An Ráta sa tseachtain

Liúntas (Ranníocach) Linbh

An Ráta sa tseachtain

Uimh. Thag.

Aicme

An chéad nó an t-aon leanbh cáilithe

An dara leanbh cáilithe

An tríú leanbh cáilithe

An ceathrú leanbh cáilithe

An cúigiú nó an séú leanbh cáilithe

Gach leanbh cáilithe eile

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

(9)

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

1

Baintreach ina

16

0

6

6

5

6

3

6

5

0

5

6

5

6

cónaí i líomatáiste uirbeach i gcás nárbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a árachais atá an pinsean iníoctha.

faid a bheas an liúntas (ranníocach) baintrí iníoctha. 7s. 6d. ar scor don liúntas sin.

faid a bheas an liúntas (ranníocach) baintrí iníoctha. 5s. 6d. ar scor don liúntas sin.

faid a bheas an liúntas (ranníocach) baintrí iníoctha. 5s. 6d. ar scor don liúntas sin.

2

Baintreach ina cónaí i líomatáiste uirbeach i gcás inarbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a árachais atá an pinsean iníoctha.

14

0

6

0

6

0

4

0

4

0

4

0

5

0

3

Baintreach ina cónaí i líomatáiste tuatha i gcás nárbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a árachais atá an pinsean iníoctha.

16

0

6

6

4

6

4

6

4

6

4

6

4

6

4

Baintreach ina cónaí i líomatáiste tuatha i gcás inarbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a árachais atá an pinsean iníoctha.

12

6

5

6

4

0

4

0

4

0

4

0

4

0

Rátaí pinsean (ranníocach) dílleachtaithe.

42. —Cuirfear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad ailt 12:—

“12.—An pinsean (ranníocach) dílleachtaí is iníoctha i leith linbh den aicme a luaitear i gcolún (2) den Táible don alt seo ag aon uimhir thagartha, is do réir an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé.

An Taible D'Alt 12.

Rátaí Pinsean (Ranníocach) Dílleachtaithe.

Uimh. Thag.

Aicme

An ráta seachtainiúil Pinsin

(1)

(2)

(3)

s.

d.

1

Leanbh ina chónaí i líomatáiste uirbeach i gcás nárbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a

árachais atá an pinsean iníoctha

..

..

10

0

2

Leanbh ina chónaí i líomatáiste uirbeach i gcás inarbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a

árachais atá an pinsean iníoctha

..

..

8

6

3

Leanbh ina chónaí i líomatáiste tuatha i gcás nárbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a

árachais atá an pinsean iníoctha

..

..

9

0

4

Leanbh ina chónaí i líomatáiste tuatha i gcás inarbh oibrí talmhaíochta an duine ar i leith a

árachais atá an pinsean iníoctha

..

..

7

6

Cosaint do phinsinéirí láithreacha áirithe.

43. —Duine ar bith a bhí, díreach roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1948, i dteideal pinsin ranníocaigh agus i dteideal forlíontais air sin faoi Ordú 1947, ní bhfaighidh sé, ar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1948, ná dá éis, pinsean ranníocach is lú ná mar gheobhadh sé dá mba nár ritheadh an tAcht seo agus gur lean Ordú 1947 de bheith i bhfeidhm.

Forála maidir le cúnamh teaghlaigh do dhaoine atá ag fáil pinsean ranníocach.

44. —(1) Nuair a bheas údarás cúnaimh phoiblí ag deonadh cúnaimh theaghlaigh do dhuine atá ag fáil nó atá i dteideal pinsin ranníocaigh, ní chuirfid an pinsean sin san áireamh, ach amháin sa mhéid gur mó ná deich scillinge sa tseachtain é.

(2) Scoirfidh alt 54 den Phríomh-Acht d'fheidhm a bheith aige maidir le duine atá ag fáil nó atá i dteideal pinsin ranníocaigh.