20 1948


Uimhir 20 de 1948.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 . [21ú Nollaig, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , maidir le 1949-1950.

1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1950.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1948, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1947, agus den Acht seo le chéile.