|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Deontais i Leith Tithe Conaithe ar Tosnaiodh ar a dTogail an 1u Samhain, 1947, no da eis.) |
[EN] | ||
Uimhir 4 de 1949. | ||
[EN] |
ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT), 1929, AGUS ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934 , AGUS CHUIGE SIN d'ATHGHAIRM ACHTA NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1939 . [9ú Márta, 1949.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929) ; | |
[EN] | na tagairtí do dheontais agus d'iasachta is tagairtí iad do dheontais agus d'iasachta faoi Acht 1929. | |
[EN] | (2) Léireofar mar aon ní amháin Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus an tAcht seo. | |
[EN] |
Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a mhéadú. |
2. —Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht thar naoi gcéad míle punt. |
[EN] |
Teoranta le méideanna na ndeontas. |
3. —(1) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith aon tógála, feabhsúcháin nó leathnuithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, nó dá éis— |
[EN] | (a) i gcás deontais foirgnimh—thar an suim iomchuí a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, | |
[EN] | (b) i gcás deontais feabhsúcháin—thar ochtó punt. | |
[EN] | (2) Ní raghaidh méid aon deontais aonair i leith tógáil tí chónaithe a tosnaíodh an 1ú lá de Shamhain, 1945, nó dá éis, ach nár háitíodh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ná roimhe, thar an suim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) iarratas a dhéanamh roimh an 1ú lá de Shamhain, 1947, ag lorg deontais aonair i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe, agus | |
[EN] | (b) an feabhsú nó an leathnú do thosnú ach gan é do chríochnú roimh an dáta sin, | |
[EN] | ní raghaidh méid an deontais thar seasca punt. | |
[EN] | (4) Na teoranta a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 11 d'Acht 1929 agus fo-alt (1) d'alt (3) d' Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934 (Uimh. 29 de 1934) , le méideanna na ndeontas, ní bheidh feidhm acu in aon chás lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] |
Teoranta le méideanna na n-iasacht. |
4. —Ní raghaidh iasacht i leith tógáil tí chónaithe nua thar céad punt agus ní raghaidh iasacht i leith feabhsú nó leathnú tí chónaithe thar ceathracha punt. |
[EN] |
Deireadh le deontais i leith cróite cearc agus cróite muc. |
5. —Tar éis an tAcht seo a rith, ní ceadófar aon deontais eile faoi alt 4 ná alt 5 d'Acht 1929. |
[EN] |
Athghairm. |
6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
7. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1949, a ghairm d' Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus den Acht seo le chéile. |