5 1949


Uimhir 5 de 1949.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI CEATHRACHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD AGUS CAOGA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CISTE CONTRAPHÁIRTEACH NA hIASACHTA MEIRICEÁNAÍ A BHUNÚ. [31ú Márta, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£1,705,226 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1949.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Milliún Seacht gCéad agus Chúig Mhíle Dhá Chéad Fiche agus Sé Puint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad a naoi ceathrachad.

£22,937,830 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1950.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Fiche agus Dhá Mhilliún Naoi gCéad Tríocha agus Seacht Míle Ocht gCéad agus Tríocha Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad agus caoga.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £24,643,056 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Fiche agus Ceithre Milliúin Sé Chéad Ceathracha agus Trí Mhíle Caoga agus Sé Puint d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear bunairgid agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Príomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Ciste Contrapháirteach na hIasachta Meiriceánaí.

4. —(1) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith bunóidh an tAire Airgeadais ciste dá ngairmfear Ciste Contrapháirteach na hIasachta Meiriceánai (dá ngarimtear “an Ciste” san alt seo).

(2) Is i leabhair Bhanc Ceannais na hÉireann a coimeádfar cuntas airgid an Chiste.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, mar is oiriúnach leis, airgead a bheas de thuras na huaire chun creidiúnais don chuntas a bunaíodh faoi fho-alt (4) d'alt 2 den Acht Leithreasa, 1948 ( Uimh. 13 de 1948 ), d'íoc isteach sa Chiste.

(4) Aisíocfar as an gCiste leis an bPríomh-Chiste aon tsuimeanna a híocfar ó am go ham as an bPríomh-Chiste chun íoctha bun-tsuime agus úis airgid a bheas faighte ag an Aire Airgeadais ó Rialtas Stát Aontaithe Meirice nó ó aon ghníomhaireacht don Rialtas sin.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, mar is oiriúnach leis, airgead a bheas de thuras na huaire chun creidiúnais don Chiste d'ineistiú ar aon tslí a n-údaraítear de thuras na huaire le dlí airgead Bainc Taisce an Phoist d'ineistiú, agus féadfaidh aon ineistíocht den tsaghas san a réadú.

(6) Ullmhófar cuntas ar an gCiste i leith gach bliana airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é agus leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1949 , a ghairm den Acht seo.