7 1949


Uimhir 7 de 1949.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT FEIDHME DO NA h ACHTA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932 AGUS 1938, MAIDIR LE COMHALTAÍ DEN tSEIRBHÍS SÉIPLÍNEACHTA. [18ú Bealtaine, 1949.]

ACHTAÍTER AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932) .

Alt 1 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Leasaítear leis seo an míniú, in alt 1 den Phríomh-Acht, ar an abairt “an tArm Náisiúnta” trí na focail “ná an tSeirbhís Séiplíneachta” a chur i ndiaidh na bhfocal “Seirbhís Bhanaltrais an Airm”.

Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1), i ndiaidh míre (b):

“(bb) chun pinsin agus aiscí i gcóir na gcomhaltaí den tSeirbhís Séiplíneachta lena mbaineann an scéim sin, agus”,

(b) trí na focail seo a leanas a chur i ndeireadh fo-ailt (2):

“agus le comhaltaí den tSeirbhís Séiplíneachta”,

(c) trí na focail seo a leanas a chur i ndeireadh fo-ailt (3):

“nó, i gcás comhalta den tSeirbhís Séiplíneachta, a sheirbhís mar chomhalta den tsórt sin nó mar shéiplíneach ag an Arm Náisiúnta.”

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1949 , a ghairm don Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, a ghairm de na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, agus den Acht seo le chéile agus léireofar mar aon ní amháin iad.