9 1949


Uimhir 9 de 1949.


AN tACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE INA bhFÉADFAR IASACHTA A DHEONADH NÓ A RÁTHÚ FAOIN ACHT IASACHT TRÁDÁLA (RÁTHAÍOCHT), 1939. [18ú Bealtaine, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Ias acht Trádála (Ráthaíocht), 1939 (Uimh. 5 de 1939) .

Faidiú na tréimhse chun iasachta a dheonadh nó a ráthú faoin bPríomh-Acht

2. —(1) Ní deonfar ná ní ráthófar iasacht faoin bPríomh-Acht tar éis cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fógra d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil á rá nach nglacfaidh sé, tar éis dáta (is giorra ná cúig bliana tar éis dáta an Achta seo a rith) a sonrófar sa bhfógra sin, aon iarratas á iarraidh iasacht a ráthú nó a dheonadh faoin bPríomh-Acht.

(3) Nuair a bheas fógra foilsithe ag an Aire faoi fho-alt (2) den alt seo, ní ghlacfaidh an tAire aon iarratas a déanfar tar éis an dáta a sonrófar sa bhfógra sin á iarraidh iasacht a ráthú nó a dheonadh faoin bPríomh-Acht.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht Ias acht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1944 (Uimh. 15 de 1944) .

Gearrtheideal agus lua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iasacht Trádála (Ráthaíocht) (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iasacht Trádála (Ráthaíocht), 1939 agus 1949, a ghairm den Phríomh Acht agus den Acht seo le chéile.