|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Bais.) | Ar Aghaidh (CUID V. Dleachta Stampa.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1949
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Cain Bhrabus Corparaide. | |
[EN] |
Comhaontú chun faoiseamh comharaíochta ó chánachas dúbalta a thabhairt i leith cánach brabús corparáide agus cánach brabús na Ríochta Aontaithe. |
21. —(1) Déantar leis seo an comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú sceidealta san alt seo), atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a rinneadh an 18ú lá de Bhealtaine, 1949, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe, a dhaingniú agus beidh feidhm dlí aige. |
[EN] | (2) Chun éifeacht a thabhairt don chomhaontú sceidealta, beidh éifeacht ag na forála atá leagtha amach i gCuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) I gcás tréimhsí cuntasaíochta dar tosach dáta roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, déanfar na cionranna is gá a dhéanamh chun críocha an chomhaontuithe sceidealta, agus is i gcomhréir leis an méid mí nó codán de mhí sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus sa chuid den tréimhse sin i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1948, faoi seach, a déanfar aon chionroinnt den tsórt sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh maidir le deonadh na bhfaoiseamh a sonraítear sa chomhaontú sceidealta. | |
[EN] |
Deireadh leis an méadú ar cháin bhrabús corparáide ar chuideachtana coigríche. |
22. —(1) Scoirfidh alt 31 den Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , arna leasú le halt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus le halt 35 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'éifeacht a bheith aige maidir le brabúis a thiocfas i dtréimhsí cuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1949, nó dáta dá éis, agus dá réir sin muirearófar, toibheofar agus íocfar cáin bhrabús corparáide, is inmhuirir an bhrabúis chuide-eachtan coigríche i leith aon tréimhse cuntasaíochta den tsórt sin, amhail is nár hachtaíodh alt 31 den Acht Airgeadais, 1928, ná na forála ag leasú an ailt sin atá in alt 47 den Acht Airgeadais 1932, agus in alt 35 den Acht Airgeadais, 1941 . |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le tréimhse chuntasaíochta chuideachtan coigríche, is tréimhse dar tosach dáta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1949, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis agus nach gcruthóidh an chuideachta ina taobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim, gur comhlíonadh ceann de na coinníollacha a hordaíodh le fo-alt (2) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1928, is é sin le rá: | |
[EN] | (a) déanfar na brabúis a tháinig sa tréimhse sin a chionroinnt idir an chuid den tréimhse roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, agus an chuid eile den tréimhse i gcomhréir le faid na gcoda sin faoi seach, | |
[EN] | (b) ní déanfar cáin bhrabús corparáide a mhuirearú ar an oiread de na brabúis a cionroinnfear don chuid den tréimhse roimh an lú lá d'Eanáir, 1949, a bhfuil idir é agus £2,500 an cothrom céanna atá idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag agus déanfar í a mhuirearú ar an bhfuíollach de na brabúis a cionroinnfear don chuid sin do réir a dó dhéag go leith faoin gcéad, | |
[EN] | (c) ní déanfar cáin bhrabús corparáide a mhuirearú ar an oiread de na brabúis a cionroinnfear don chuid eile den tréimhse a bhfuil idir é agus £2,500 an cothrom céanna atá idir an chuid sin agus dhá mhí dhéag agus déanfar í a mhuirearú ar an bhfuíollach de na brabúis a cionroinnfear don chuid sin do réir a a deich faoin gcéad. | |
[EN] |
Forléiriú na Coda seo den Acht seo. |
23. —Forléireofar agus léifear an Chuid seo den Acht seo agus an Cúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin. |