An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cuntais Bhord Coimeadaithe.) Ar Aghaidh (CUID IV. Fineala agus Forgheilleadh.)

18 1949

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1949

CUID III.

Ratai ar Iascaigh.

Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 , a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 13 (a bhaineas le rátaí ar iascaigh) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , arna leasú le halt 1 den Acht Iascaigh, 1937 ( Uimh. 35 de 1937 ), a leasú mar leanas—

(a) i bhfo-alt (6) cuirfear na focail “de na hocht mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “de sna trí bliana fichead”,

(b) i bhfo-alt (7) cuirfear na focail “naoi mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “cheithre bliana fichead”,

(c) i bhfo-alt (9) cuirfear na focail “de na hocht mbliana tríochad” in ionad na bhfocal “de sna trí bliana fichead”.