|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1950. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1950. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ A MHAITHEAMH), 1940. [23ú Márta, 1950.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940, a leasú. |
1. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) — |
[EN] | (i) tríd an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1949”, a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1948 (Uimh. 14 de 1948) , a scrios as a míniú ar an abairt “an tréimhse ordaithe” agus an dáta “an 31ú lá de Mhárta, 1951”, a chur in a ionad, agus | |
[EN] | (ii) trí mhír (e), a cuireadh ann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1943 (Uimh. 6 de 1943) , a scrios as an míniú ar an abairt “áit chónaithe” agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad— | |
[EN] | “(e) aon teach a ndearnadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a ndéanfar dá éis deontas a thabhairt ina leith faoi Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1949, nó faoi Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) , nó faoin Acht sin arna leasú le haon achtachán pé acu achtachán a ritheadh roimh dháta an Achta seo a rith nó achtachán a rithfear ina dhiadh sin é;” | |
[EN] | (2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) . | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1950 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1950, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Rátaí a Mhaitheamh), 1940 go 1948, agus den Acht seo le chéile. |