Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

10 1950


Uimhir 10 de 1950.


AN tACHT UM BEODHÍLE A hONNMHUIREOFAR (ÁRACHAS), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM EALLACH STOIC A hEASPORTÁLFAR (ÁRACHAS), 1940 AGUS 1943. [5ú Aibreán, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1943.

ciallaíonn “Acht 1943” an t Acht um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1943 (Uimh. 2 de 1943) ;

Aireacht Bhídh na Breataine.

folaíonn “Aireacht Bhídh na Breataine” aon chomhlucht comharbais a ceapfar go hoifigiúil sa Bhreatain Mhóir chun beodhíle Éireannach a cheannach agus a ndearbhóidh an tAire le hordú gur comhlucht comharbais den tsórt sin é;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 (Uimh. 25 de 1940) .

Ait chalaíochta Bhreataineach.

2. —Sna hAchta um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, agus san Acht seo, ciallaíonn an abairt “áit chalaíochta Bhreataineach” an chuid sin de phort sa Bhreatain Mhóir nó ar Oileán Mhanann (seachas aerphort) atá ceadaithe de thuras na huaire chun ainmhithe a hallmhuirítear ón Stát a chalú ann.

Cúiteamh i mbeodhíle a caillfear nó a damáisteofar ar tarchur.

3. —(1) I gcás—

(a) ainmhí d'onnmhuiriú ó phort sa Stát go dtí áit chalaíochta Bhreataineach, nó a sheachadadh sa Stát d'iompróir chun a loingsithe trí phort i dTuaisceart Éireann go dtí áit chalaíochta Bhreataineach, agus

(b) ráiteas loingseora do réir an Phríomh-Achta nó ráiteas únaera do réir Achta 1943 (pé acu é) a bheith seachadta i leith an ainmhí sin, agus

(c) an t-ainmhí sin a chailliúint nó a dhamáistiú, ar tír nó ar muir, le linn tarchuir,

beidh únaer nó ionadaí pearsanta únaera an ainmhí sin i dteideal cúiteamh d'íoc leis, faoi réim agus do réir an Phríomh-Achta arna leasú le hAcht 1943 agus leis an Acht seo, i leith na cailliúna nó an damáiste sin.

(2) Chun críocha an ailt seo measfar ainmhí a bheith ar tarchur ón tráth a cuirfear an t-ainmhí sin ar bord loinge i bport sa Stát nó, má seachadtar an t-ainmhí sin sa Stát d'iompróir chun a loingsithe trí phort i dTuaisceart Éireann, ón tráth a raghas an t-ainmhí sin isteach i dTuaisceart Éireann go dtí—

(a) i gcás an t-ainmhí sin d'onnmhuiriú chun Aireacht Bhídh na Breataine lena mharú, an tráth a ghlacfas Aireacht Bhídh na Breataine únaeracht ar an ainmhí,

(b) i gcás an t-ainmhí sin d'onnmhuiriú lena dhíol sa Bhreatain Mhóir nó ar Oileán Mhanann ar shlí seachas le hAireacht Bhídh na Breataine, dáta an chéad díolacháin (i ndiaidh a allmhuirithe) a bhféadfaí go caothúil an t-ainmhí sin a dhíol ann nó deireadh cheithre huaire ochtód a chloig ón tráth a scaoileadh é ó áit chalaíochta Bhreataineach, pé acu sin is túisce,

(c) i gcás an t-ainmhí sin d'athonnmhuiriú ó phort sa Bhreatain Mhóir chun tíre eile, an tráth a shroichfeas an t-ainmhí sin an port óna mbeidh sé le loingsiú chun na tíre eile sin nó deireadh cheithre huaire ochtód a chloig ón tráth a scaoilfear é ó áit chalaíochta Bhreataineach, pé acu sin is túisce,

(d) in aon chás eile, an tráth a shroichfeas an t-ainmhí sin an talamh sa Bhreatain Mhóir nó ar Oileán Mhanann a mbeidh beartaithe é a choimeád air nó deireadh cheithre huaire ochtód a chloig ón tráth a scaoilfear é ó áit chalaíochta Bhreataineach, pé acu sin is túisce.

(3) San alt seo ní fholaíonn an briathar “damáistiú” brú.

Cúiteamh i mbólacht ramhar a daorfar nó a laghdóidh a luach.

4. —(1) I gcás—

(a) bólacht ramhar a thabhairt mar thuairisc ar bhólacht i ráiteas loingseora nó i ráiteas únaera, agus

(b) an bhólacht sin d'onnmhuiriú an 12ú lá d'Iúil, 1948, nó dá éis, chun Aireacht Bhídh na Breataine, agus

(c) caillteanas a bhaint d'únaer na bólachta in imthosca ar bith acu seo a leanas:—

(i) go ndéanfar aon chonablach nó aon chuid de chonablach a dhaoradh, sa tsleachtlann, ar scór galar a bheith air agus go ndearbhóidh an t-údarás iomchuí é a bheith neamhoiriúnach mar bhia don duine de dheasca an ghalair sin,

(ii) go ndéanfar éileamh de dhroim an t-údarás iomchuí dá cheangal conablach a chur faoi chóireáil speisialta chun a áirithiú é a bheith oiriúnach mar bhia don duine, nó

(iii) go laghdóidh luach aon chonablaigh nó aon choda de chonablach sa tsleachtlann mar gheall ar a bhrú,

beidh únaer nó ionadaí pearsanta únaera na bólachta sin i dteideal, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, cúiteamh d'íoc leis, faoi réim agus do réir na nAcht um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, agus an Achta seo, i leith na cailliúna sin ar choinníoll, ámh, nár tháinig aon athrú ar únaeracht na bólachta sin sar a ndearnadh an conablach nó an chuid de chonablach a ghrádú agus d'aicmiú.

(2) Ní bheidh cúiteamh faoin alt seo iníoctha ach amháin faoi choinníollacha ordaithe.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Ard-Choiste, rialacháin a dhéanamh chun feidhm a thabhairt d'aon chuid d'fhorála na nAcht um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, agus an Achta seo, maidir le hainmhithe a honnmhuireofar chun tíortha nó áiteanna seachas an Bhreatain Mhór nó Oileán Mhanann.

Teora le méid an chúitimh.

5. —Ní raghaidh méid an chúitimh is iníoctha i leith ainmhí faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo nó faoin dá alt sin thar luach dearbhaithe an ainmhí, nó, má bhíonn difríocht idir luach dearbhaithe agus luach íosta ceaptha an ainmhí, thar pé luach acu sin is mó.

Costais taistil agus liúntais chomhaltaí den Bhord agus daoine a bheas ag gníomhú don Bhord.

6. —Má ordaíonn an Bord do chomhalta nó do chomhaltaí den Bhord nó d'aon duine eile taisteal go háit laistigh nó lasmuigh den Stát ag comhlíonadh dualgas thar ceann an Bhoird, déanfar costais taistil agus liúntas cothuithe do réir pé rátaí agus ar pé scálaí a shocrós an Bord ó am go ham d'íoc as an gCiste leis an gcomhalta nó leis na comhaltaí nó leis an duine sin.

Alt 16 den Phríomh-Acht a leasú.

7. —Féadfaidh ordú faoi fho-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht céadchodáin difriúla a cheapadh d'aicmí difriúla ainmhithe.

Athscrúdú ar éilithe nó coda d'éilithe faoin bPríomh-Acht arua leasú le hAcht 1943.

8. —I gcás coiste measúnóirí a scrúdaigh éileamh ar chúiteamh faoin bPríomh-Acht arna leasú le hAcht 1943 nó leis an Acht seo do dhícheadú an éilimh go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh coiste measúnóirí, má thugann an t-éilitheoir fianaise nua ar aird laistigh de thrí mhí ó dháta an dícheaduithe, an t-éileamh nó cuid den éileamh (pé acu é) d'athscrúdú agus, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, deighleáil leis an éileamh nó leis an gcuid den éileamh amhail is nach ndearnadh an dícheadú sin.

Athghairm.

9. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Arachas), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Beodhíle a hOnnmhuireofar (Arachas), 1940 go 1950, a ghairm de na hAchta um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta um Eallach Stoic a hEasportálfar (Arachas), 1940 agus 1943.