|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1950) | Ar Aghaidh (CUID II. Cumann an Arachais Naisiunta ar Shlainte a Dhiscaoileadh.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1950 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | na hAchta. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1948; |
[EN] | Acht 1911. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1911” an National Insurance Act, 1911; |
[EN] | an coiste bainistí. |
ciallaíonn an abairt “an coiste bainistí” coiste bainistí an Chumainn; |
[EN] | feidhmeanna. |
folaíonn an focal “feidhmeanna” cumhachta agus dualgais; |
[EN] | an Ciste. |
ciallaíonn an abairt “an Ciste” Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta na hÉireann; |
[EN] | an Ciste Ráthaíochta. |
ciallaíonn an abairt “an Ciste Ráthaíochta” an ciste ráthaíochta a bunaíodh chun críocha ailt 26 d'Acht 1911; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh; |
[EN] | an ciste pinsin. |
ciallaíonn an abairt “an ciste pinsin” an ciste pinsin faoin scéim pinsin; |
an scéim pinsin. |
ciallaíonn an abairt “an scéim pinsin” an scéim pinsin a bunaíodh de thoradh na tuarascála a tugadh de bhun míre (d) d'alt 10 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 ( Uimh. 13 de 1933 ); | |
an Ciste Cúltaca. |
ciallaíonn an abairt “an Ciste Cúltaca” an Ciste Cúltaca Arachais Sláinte Náisiúnta; | |
an Cumann. |
ciallaíonn an abairt “an Cumann” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte; | |
lá an aistrithe. |
tá leis an abairt “lá an aistrithe” an bhrí a sanntar di in alt 4. | |
(2) Aon tagairt atá san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna, folaíonn sí, maidir le cumhachta, tagairt d'fheidhmiú cumhacht. | ||
(3) Aon tagairt atá san Acht seo do dhiúscairt, folaíonn sí, maidir le talamh nó áitreabh, tagairt do léas nó ligean nó deonadh a thabhairt, agus aon tagairt atá ann d'fháil, folaíonn sí, maidir le tailte nó áitreabh, tagairt do léas nó ligean nó deonadh a thógaint. | ||
(4) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta. | ||
[EN] |
Caiteachais. |
3. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Tosach feidhme Coda II. |
4. —(1) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh pé lá (dá ngairmtear lá an aistrithe san Acht seo) a cheapfas an tAire chuige sin le hordú. |
[EN] | (2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) féadfar scéala dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo a thabhairt don Aire sar a dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh, agus | |
[EN] | (b) féadfar orduithe a dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo sar a dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh, ach aon ordú a déanfar amhlaidh cumfar é le teacht i ngníomh ar an gCuid sin II a theacht i ngníomh nó dá éis sin. |