16 1950


Uimhir 16 de 1950.


AN tACHT TALÚN, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TALAMH-CHEANNAIGH. [19ú Meitheamh, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talún, 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Talamh-Cheannaigh mar aon ní amháin agus féadfar é a lua i dteannta na nAcht sin.

An tAire.

2. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tailte.

Rialacha agus Rialacháin.

3. —(1) An chumhacht chun rialacha a dhéanamh a bheirtear le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , sroichfidh sí agus beidh sí infheidhmithe chun rialacha a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta seo (ach amháin forála a bhaineas le hairgeadas talamh-cheannaigh).

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacha agus rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do na forála den Acht seo a bhaineas le hairgeadas talamh-cheannaigh, agus féadfaidh leis na rialacha nó na rialacháin sin aon fhorála maidir le hairgeadas talamh-cheannaigh atá in aon Acht a ritheadh roimh an Acht seo a chúr in oiriúint do riachtanais an Achta seo.

(3) San Acht seo, ciallaíonn an briathar “ordú” ordú leis na rialacha nó na rialacháin iomhcuí a húdaraítear leis an alt seo.

Iocaíochta agus Caiteachais.

4. —Na híocaíochta a dhéanfas an tAire agus Coimisiún na Talún, agus na caiteachais faoina raghaid, ag tabhairt éifeachta don Acht seo agus á riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Praghas talún

5. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas i gcás praghas talún a shocrú tar éis an tAcht seo a rith faoi fho-alt (2) d'alt 25 den Acht Talún, 1923:—

(a) beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin ach na focail “is é méid a socrófar amhlaidh ná méid is ionann agus margadh-luach na talún” a chur in ionad na bhfocal “nuair a beifear ag socrú na suime sin tabharfar aire don méid is fiú an talamh, le ceart, do Choimisiún na Talún agus don únaer faoi seach”,

(b) más é tuairim na gCoimisinéirí Tuatha nó an Bhinse Achomhairc (pé acu é) go mbeadh sé neamhchothrom Coimisiún na Talún do thógaint na talún ar phraghas a socrófaí do réir an mhargadh-luacha, féadfaidh na Coimisinéirí Tuatha nó an Binse Achomhairc (pé acu é), nuair a bheas an praghas á shocrú acu, cúiteamh don únaer i ndíshocraíocht d'áireamh ann, agus féadfaid freisin, má bhíd sásta go ndéanfar dochar don únaer tríd an talamh a thógaint mar go gcuireann san isteach ar úsáid talún eile aige nó go ndéanann dochar ar shlí eile don talamh eile sin, cúiteamh sa dochar sin d'áireamh ann.

(2) I gcás—

(a) praghas talún neamhthionóntaithe a thóg nó a cheannaigh Coimisiún na Talún a chinneadh, roimh an Acht seo a rith, trí chomhaontú nó trína shocrú faoi fho-alt (2) d'alt 25 den Acht Talún, 1923, agus

(b) Coimisiún na Talún do ghlacadh seilbhe ar an talamh an 1ú lá de Nollaig, 1949, nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith, nó do ghlacadh seilbhe ar an talamh tar éis an tAcht seo a rith,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(i) féadfar iarratas a dhéanamh chun Coimisiún na Talún, laistigh de shé mhí tar éis an tAcht seo a rith, á iarraidh praghas na talún d'athchinneadh,

(ii) ar an iarratas sin a dhéanamh go cuí, cinnfear praghas na talún athuair agus is amhlaidh a cinnfear é trí chomhaontú nó, cheal comhaontuithe, tríd an bpraghas a shocrú (amhail ar an dáta a cinneadh an praghas cheana) faoi fho-alt (2) d'alt 25 den Acht Talún, 1923, agus faoi fho-alt (1) den alt seo,

(iii) más mó an praghas a cinnfear amhlaidh ná an praghas a cinneadh cheana, beidh éifeacht aige in ionad an phraghais dheiridh sin,

(iv) i gcás inarb iomchuí é, déanfaidh Coimisiún na Talún airleacan breise agus eiseoidh bannaí talún breise (ar a mbeidh an ráta céanna úis a bhí ar na bannaí talún a heisíodh nó a cinneadh d'eisiúint cheana) chun an talamh a cheannach, agus air sin beidh iníoctha ag Coimisiún na Talún, leis an bpearsa a bhí i dteideal cíos agus brabús na talún díreach sar ar ghlac nó sar a nglacfaidh Coimisiún na Talún seilbh air, suim is ionann agus ús (lúide cáin ioncaim) ar na bannaí talún breise a heisíodh amhlaidh ón dáta a dílsíodh an talamh i gCoimisiún na Talún nó ón dáta a ghlacfas Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh (pé acu is déanaí) go dtí dáta eisiúna na mbannaí talún breise agus gabhfaidh an tsuim sin ionad pé úis (más ann dó) is iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Talún, 1923,

(v) ní tuigfear, chun críocha fo-ailt (1) d'alt 8 den Acht seo, gur tar éis an tAcht seo a rith a rinneadh an comhaontú nó socrú an phraghais de bhuaidh an fho-ailt seo.

Praghas tógainte nó athghabhála i gcás seilbh a ghlacadh ar thalamh faoi Airteagal 38 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939.

6. —I gcás—

(a) seilbh a ghlacadh, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, ar aon talamh faoi Airteagal 38 den Ordú Cumhachta Práinne, 1939 (R. & O. R., Uimh. 224 de 1939), agus

(b) luach na talún a mhéadú trí aon oibreacha a dhéanamh ar an talamh ar chostas Aire Stáit, shean-Bhord na Móna Teoranta, nó Bhord na Móna i rith na tréimhse a coimeádadh seilbh ar an talamh faoin Airteagal sin 38, agus

(c) an talamh a thógaint nó d'athghabháil faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh laistigh de chúig bliana tar éis seilbh air faoin Airteagal sin 38 d'fhorceannadh,

ansin, nuair a beifear ag socrú an phraghais nó an chúitimh ar an talamh a thógaint nó d'athghabháil faoi na hAchta sin agus d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó d'aon Acht eile, ní tabharfar aon aird ar aon mhéadú luacha den tsórt sin ná ní lamhálfar aon chúiteamh ina leith.

Praghas tógainte nó athghabhála i gcás talamh nó ceart a thógaint nó d'fheidhmiú faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 310), 1944.

7. —I gcás—

(a) aon talamh nó aon cheart ina leith a thógaint nó d'fheidhmiú, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, ag aon phearsa de bhun an Orduithe Chumhachta Práinne (Uimh. 310), 1944 (R. & O. R., Uimh. 51 de 1944), agus

(b) luach na talún nó an chirt a mhéadú trí aon oibreacha a dhéanamh ar an talamh ar chostas na pearsan sin, ceadúnaí don phearsa sin nó Aire Stáit i rith na tréimhse dár tógadh nó dár feidhmíodh an talamh nó an ceart, agus

(c) an talamh a thógaint nó d'athghabháil, faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, laistigh de chúig bliana tar éis forceannadh na tógainte nó an fheidhmithe,

ansin, nuair a beifear ag socrú an phraghais nó an chúitimh ar an talamh a thógaint nó d'athghabháil faoi na hAchta sin agus d'ainneoin aon fhorála de na hAchta seo nó d'aon Acht eile, ní tabharfar aon aird ar aon mhéadú luacha den tsórt sin ná ní lamhálfar aon chúiteamh ina leith.

Deireadh le fuascailt blianacht ceannaigh i gcásanna áirithe.

8. —(1) In aon chás ina ndéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, comhaontú nó socrú ar phraghas talún a cheannós nó a thógfas Coimisiún na Talún, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas más rud é go mbeadh feidhm ag alt 14 den Acht Talún, 1923, agus fo-alt (1) d'alt 6 den Acht Talún, 1936, maidir leis an gcás sin, d'éagmais an fho-ailt seo:

(a) ní bheidh feidhm amhlaidh ag an alt ná ag an bhfo-alt sin,

(b) i gcás blianacht chistiúcháin a bheith de mhuirear ar an talamh—

(i) fuasclófar an bhlianacht chistiúcháin as airgead ceannaigh na talún trí oiread de na bannaí talún a ionadaíos an t-airgead ceannaigh sin a dhíol agus a íocfas praghas fuascailte na blianachta cistiúcháin, agus

(ii) fionnfar praghas fuascailte na blianachta cistiúcháin do réir ailt 22 den Acht Talún, 1933,

(c) i gcás aon tsuim ar bith a bheith, nó a theacht chun bheith, dlite do Choimisiún na Talún i leith na talún, in aghaidh aon tréimhse a chríochnós an lá, nó roimh an lá, a ghlacfas Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh, áireofar an tsuim sin (lena n-áirítear costais agus caiteachais, más ann dóibh, faoina raghfar go cuí á gnóthú) agus deighleálfar léi mar éileamh a ghabhas le hairgead ceannaigh na talún. Chun críocha na míre seo, i gcás aon bhlianacht cheannaigh, suim bhliantúil nó íocaíocht eile a bheith iníoctha faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i leith na talún agus gan an dáta a ghlacfas Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh a bheith ina lá gála, déanfar an bhlianacht cheannaigh, an tsuim bhliantúil nó an íocaíocht eile sin a chionroinnt suas go dtí an dáta sin agus measfar í d'fhaibhriú ó lá go lá.

(2) Ní bheidh feidhm ag an méid d'alt 56 den Acht Talún, 1927, a leanas na focail “chun aisíoca an réamhíoca bhunaidh d'fhuascailt” in aon chás ina ndéanfar an comhaontú a luaitear san alt sin tar éis an tAcht seo a rith.

Blianachta míntírithe d'fhuascailt.

9. —I gcás aon talamh, is talamh a bhfuil blianacht mhíntírithe de mhuirear air faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 (Uimh. 25 de 1949) , a thógaint, d'athghabháil nó a cheannach (ar shlí seachas trína cheannach faoi alt 23 den Acht seo) ag Coimisiún na Talún, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas d'ainneoin aon fhorála den achtachán seo nó d'aon achtachán eile:—

(a) déanfar an bhlianacht mhíntírithe, pé acu atá nó nach bhfuil sí ar comhdhlúthú le blianacht cheannaigh do réir fo-ailt (4) d'alt 3 den Acht sin, d'fhuascailt as airgead ceannaigh na talún nó as an bpraghas athghabhála (do réir mar is iomchuí);

(b) más i mbannaí talún a bheas an t-airgead ceannaigh nó an praghas athghabhála sin iníoctha, déanfar an fhuascailt trí oiread de na bannaí talún a ionadaíos an t-airgead ceannaigh nó an praghas athghabhála sin a dhíol agus a íocfas praghas fuascailte na blianachta míntírithe.

Airleacain chun tailte a cheannach i gcásanna áirithe.

10. —(1) I gcás aon talamh ar a bhfuil blianacht cheannaigh, nó suim bhliantúil is ionann agus blianacht cheannaigh, a thógaint nó a cheannach ag Coimisiún na Talún nó a dhílsiú ann, féadfaidh Coimisiún na Talún, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, airleacan a dhéanamh le ceannaitheoir na talún sin nó aon choda dhe.

(2) Aon airleacan a déanfar de bhun an ailt seo aisíocfar é trí bhlianacht cheannaigh arna ríomh do réir an ráta ordaithe, agus déanfar an bhlianacht cheannaigh sin a chomhdhlúthú (do réir na bhforál ordaithe), a mhéid is féidir sa chás, leis an mblianacht cheannaigh láithreach (más ann di) nó leis an gcuid chionroinnte dhi is iomchuí.

(3) Déanfar blianacht cheannaigh in aisíoc airleacain a rinneadh faoin alt seo, nó in aisíoc pé méid de bhlianacht cheannaigh chomhdhlúite is inchurtha i leith airleacain a rinneadh faoin alt seo, a dhiúscairt mar ordós an tAire Airgeadais.

(4) Beidh ag Coimisiún na Talún chun aon íocaíocht a ghnóthú a bheas dlite ó aon cheannaitheoir dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo na leighis chéanna atá acu chun tráthchoda neamhíoctha de bhlianachta ceannaigh a ghnóthú.

Iocaíochta áirithe a scor.

11. —(1) I gcás—

(a) talamh a bheith arna thógaint nó arna cheannach ag Coimisiún na Talún nó arna aistriú chuige nó arna dhílsiú ann,

(b) an talamh a bheith faoi réir íocaíochta le Coimisiún na Talún nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, agus

(c) Coimisiún na Talún dá ordú, le toiliú (ginearálta nó sonrach) an Aire Airgeadais, go scoirfidh an íocaíocht amhail ar lá sonraithe agus ón lá sin,

scoirfidh an íocaíocht amhail ar an lá agus ón lá a sonrófar amhlaidh agus beidh an talamh ar urscaoileadh uaithi dá réir.

(2) Aon uair a bhéarfar ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar an íocaíocht lena mbainfidh an t-ordachán a chionroinnt, más iomchuí é, suas go dtí an lá a bheas sonraithe san ordachán agus measfar í d'fhaibhriú ó lá go lá chun críocha na forála seo.

(3) Ní bheidh easnamh i gciste na n-iasacht áitiúla, i gciste na mblianacht ceannaigh ná i gciste na mbannaí talún, de dhroim aon íocaíocht a scor faoi fho-alt (1) den alt seo, ina mhuirear ar an gciste ráthaíochta.

(4) Déanfar easnamh in aon chuntas nó ciste (seachas ciste na mblianacht ceannaigh), de dhroim aon íocaíocht a scor faoi fho-alt (1) den alt seo, a shlánú don chuntas nó don chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé trátha agus i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(5) I gcás—

(a) talamh d'urscaoileadh faoi fho-alt (1) den alt seo ó aon íocaíocht, agus

(b) aon bhlianacht nó suim bhliantúil a bhunú ina dhiaidh sin i leith na talún, ansin, aon íocaíochta a déanfar le Coimisiún na Talún i leith na blianachta nó na suime bliantúla sin cuirfear chun feidhme iad mar ordós an tAire Airgeadais.

Feidhmiú cumhacht ag an Aire, etc.

12. (1) Is abhair eiscithe chun críocha an ailt seo na habhair seo a leanas:—

(a) cinneadh ar na pearsain a ndéanfar talamh a thógaint nó d'athghabháil uathu;

(b) cinneadh ar na tailte áirithe a tógfar nó a hathghabhfar;

(c) cinneadh ar an bpraghas a híocfar ar thalamh a tógfar nó a hathghabhfar amhlaidh;

(d) cinneadh (seachas aon chinneadh a éireos i scéim athshocraíochta nó is cuid de scéim athshocraíochta) ar na pearsain a roghnófar mar leithrannaithe aon talún;

(e) cinneadh (seachas aon chinneadh a éireos i scéim athshocraíochta nó is cuid de scéim athshocraíochta) ar an bpraghas ar a ndíolfar talamh le haon leithrannaí den tsórt sin;

(f) cinneadh ar cé acu bheadh nó nach mbeadh tionónta nó dílseánach i dteideal a cheangal ar Choimisiún na Talún iomlán a thailte d'athghabháil nó a thógaint agus gabháltas nua a sholáthar dó, agus cinneadh ar an ngabháltas nua a soláthrófar do thionónta nó do dhílseánach a ndéanfaidh Coimisiún na Talún a thalamh d'athghabháil nó a thógaint;

(g) cinneadh ar cé acu bhí nó nach raibh gabháltas á úsáid ag a thionónta nó a dhílseánach mar ghnáthfheirm do réir mhodhanna cearta feirmeoireachta;

(h) cinneadh ar mhéid aon bhlianachta ceannaigh caighdeánaí;

(i) a chinneadh an ndílseoidh aon ghabháltas áirithe talún tionóntaithe nó aon dáileacht áirithe thalún neamhthionóntaithe i gCoimisiún na Talún an lá ceaptha;

(j) cinneadh ar na cearta spóirt, na cearta iascaigh agus na hiascaigh a dílseofar i gCoimisiún na Talún, na praghsanna a híocfar orthu, na pearsain lena n-athdhíolfar na cearta iascaigh agus na hiascaigh, agus na praghsanna a héileofar orthu;

(k) cinneadh ar na héasúintí agus na cearta a bhéarfar, a míneofar, a leathnófar nó a múchfar agus ar aon cheisteanna cúitimh a bhaineas leo sin;

(l) cinneadh ar na portaigh a ndéanfar rialacháin mhóinchirt ina leith agus déanamh na rialachán;

(m) cinneadh ar an tairiscint is airde a dhéanfas Coimisiún na Talún i gcás ceannaigh bheartaithe faoi alt 27 den Acht seo;

(n) cinneadh ar cé acu atá nó nach bhfuil aisce le n-íoc faoi alt 29 den Acht seo agus, má bhíonn sí le n-íoc, cad é a méid.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “scéim athshocraíochta” scéim chun athshocrú a dhéanamh ar thailte a sealbhaítear ar roinndáil nó ina míreanna idirmheasctha i dteannta nó d'éagmais tailte eile a dháil chun an athshocraíocht sin d'urasú, na tailte eile sin a bheith tadhlach le haon cheann de na tailte a sealbhaítear ar roinndáil nó ina míreanna idirmheasctha nó gan bheith thra trí mhíle ó aon cheann de na tailte roinndála sin nó na míreanna idirmheasctha sin.

(2) Aon chumhacht nó dualgas a bheas dílsithe de thuras na huaire le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo) i gCoimisiún na Talún nó sna Coimisinéirí Tuatha féadfar, ach amháin maidir le habhair eiscithe, í d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh—

(a) ag an Aire, nó

(b) ag aon oifigeach don Aire nó do Choimisiún na Talún a bheas údaraithe de thuras na huaire, go sonrach nó trí thagairt d'aicme oifigeach den tsórt sin, ag an Aire chuige sin.

(3) Nuair a bheas Coimisiún na Talún ag feidhmiú agus ag comhlíonadh na gcumhacht agus na ndualgas a bheas dílsithe ann de thuras na huaire le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo), agus nuair a bheas na Coimisinéirí Tuatha ag feidhmiú agus ag comhlíonadh na gcumhacht agus na ndualgas a bheas dílsithe go sonrach iontu de thuras na huaire le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo), gníomhóidh Coimisiún na Talún agus na Coimisinéirí Tuatha faoi seach, ach amháin maidir le habhair eiscithe, faoi réim agus do réir ordachán an Aire, pé acu ginearálta nó sonrach iad, agus beidh ag an Aire agus beidh infheidhmithe aige, más cuí agus a mhéid is cuí leis, cumhacht iomlán gan srian chun rialáil agus rialú a dhéanamh ar gach feidhmiú nó comhlíonadh nó ar aon fheidhmiú nó comhlíonadh a dhéanfas Coimisiún na Talún nó na Coimisinéirí Tuatha (pé acu é) ar aon chumhacht nó dualgas den tsórt sin nach mbainfidh le habhair eiscithe agus, fós, cumhacht chun go bhforcoimeádfaidh aige féin cearta aontuithe agus neamhaontuithe nó athbhreithnithe, athruithe agus daingnithe maidir le gach gníomh nó aon ghníomh a dhéanfas Coimisiún na Talún nó na Coimisinéirí Tuatha agus nach mbainfidh le habhar eiscithe nó a dhéanfas aon oifigeach agus é ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhachta nó dualgais de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo.

(4) Gach cumhacht agus dualgas a bheas dílsithe de thuras na huaire le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo) i gCoimisiún na Talún nó sna Coimisinéirí Tuatha maidir le habhar eiscithe, feidhmeofar agus comhlíonfar í ar gach slí amhail is nár hachtaíodh an t-alt seo ná alt 6 den Acht Talún, 1933, ach amháin—

(a) gur chun an Bhinse Achomhairc a déanfar aon achomharc a féadfar a dhéanamh do réir dlí ó chinneadh ní eiscithe, agus

(b) go bhféadfaidh an tAire, aon uair agus a mhéid is cuí leis, socrú a dhéanamh, do réir na haicme nó na n-aicmí cáis nó do réir an chontae nó na gcontaethe ina bhfuil an talamh áirithe, chun a n-obair maidir leis na habhair eiscithe a roinnt ar na Coimisinéirí Tuatha, ach gan sin a dhéanamh i slí go ndáilfear d'aon Choimisinéirí Tuatha áirithe aon chás nó talamh áirithe.

(5) Aon uair a dhéanfas an tAire nó oifigeach aon chumhacht nó dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh sé an chumhacht nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh—

(a) ina ainm féin, nó

(b) in ainm Choimisiún na Talún nó na gCoimisinéirí Tuatha.

(6) Aon uair a dhéanfas an tAire nó oifigeach cumhacht nó dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, beidh feidhmiú nó comhlíonadh na cumhachta nó an dualgais, agus aon ní a déanfar sa bhfeidhmiú nó sa chomhlíonadh sin, chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an chumhacht nó an dualgas arna fheidhmiú nó arna chomhlíonadh nó an ní arna dhéanamh ag (do réir mar is iomchuí) Coimisiún na Talún, na Coimisinéirí Tuatha nó, i gcás iná bhféadfaidh líon áirithe de Choimisinéirí Tuatha (lena n-áirítear Coimisinéir amháin ag gníomhú ina aonar) an chumhacht nó an dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh nó an ní a dhéanamh, ag an líon sin de Choimisinéirí Tuatha, agus, go háirithe, ní bheidh sé inchonspóidithe ná incheistithe trí agóid, achomharc ná eile ar an bhforas nár comhthoilíodh nó nár toilíodh le feidhmiú nó comhlíonadh na cumhachta nó an dualgais nó déanamh an ní nó nach raibh eolas ina thaobh, pé acu ag Coimisiún na Talún, ag na Coimisinéirí Tuatha nó ag aon duine díobh, nó ag aon phearsa eile é.

(7) Aon deimhniú faoi shéala an Aire a dheimhneos gur fheidhmigh nó gur chomhlíon an tAire nó oifigeach a bhí údaraithe de bhun an ailt seo ag an Aire cumhacht nó dualgas a bhí de thuras na huaire dílsithe le dlí (lena n-áirítear an tAcht seo) i gCoimisiún na Talún nó sna Coimisinéirí Tuatha, nó go ndearnadh ní sa bhfeidhmiú nó sa chomhlíonadh sin, beidh sé ina fhianaise prima facie ar na nithe a deimhneofar ann.

(8) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le scéimeanna chun athshocrú a dhéanamh ar thailte a sealbhaítear ar roinndáil nó ina míreanna idirmheasctha i dteannta nó d'éagmais tailte eile a dháil chun an t-athshocrú sin d'fhurasú:—

(a) ní ceadófar aon scéim den tsórt sin de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo ach ag oifigeach;

(b) ní dhéanfaidh an tAire oifigeach d'údarú de bhun an fho-ailt sin chun aon scéim den tsórt sin a cheadú murab oifigeach do Choimisiún na Talún nach ísle céim ná Cigire Sinsireach an t-oifigeach sin.

(9) I gcás—

(a) ina ndéanfaidh an tAire nó oifigeach cumhacht nó dualgas d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, agus

(b) ina dtarlóidh, i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh na cumhachta nó an dualgais, gur gá aon doiciméad a shéalú le gnáthshéala Choimisiún na Talún,

féadfaidh an tAire nó an t-oifigeach sin (pé acu é) a chur faoi ndear an doiciméad a shéalú mar adúradh.

(10) Gan dochar do mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo, ní bhainfidh aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo leis an gCoimisinéir Breithiúnais ná leis an mBinse Achomhairc ná ní thabharfaidh aon chumhacht ná urlámhas d'aon tsórt don Aire ar fheidhmiú, ná maidir le feidhmiú, feidhmeanna an Choimisinéara Bhreithiúnais nó an Bhinse Achomhairc.

(11) Athghairmtear leis seo alt 6 den Acht Talún, 1933.

Córam de Choimisinéirí Tuatha.

13. —(1) Faoi réir an tsriain a chuireas fo-alt (2) den alt seo, beidh de chumhacht ag an Aire a ordú cad é an líon de Choimisinéirí Tuatha ar gá comhthoiliú uathu chun aon chumhacht nó dualgas den tsórt a luaitear i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 12 den Acht seo d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh nó chun aon ní eile a dhéanamh agus, go háirithe, beidh de chumhacht aige a ordú go bhféadfaidh Coimisinéir Tuatha amháin, ag gníomhú dhó ina aonar, aon chumhacht nó dualgas den tsórt sin d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh nó aon ní den tsórt sin a dhéanamh.

(2) An chumhacht a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo don Aire beidh sí faoi réir an tsriain sháraithigh gur gá toiliú ó bheirt Choimisinéirí Tuatha ar a laghad chun aon ní a dhéanamh is abhar eiscithe chun críocha ailt 12 den Acht seo.

(3) Aon fheidhmiú nó comhlíonadh a déanfar ar aon chumhacht nó dualgas den tsórt a luaitear i bhfo-alt (3) nó i bhfo-alt (4) d'alt 12 den Acht seo agus aon ní eile a déanfar tar éis an tAcht seo a rith, ní bheidh sé, má feidhmítear nó má comhlíontar an chumhacht nó an dualgas sin nó má déantar an ní sin le comhthoiliú ón líon Coimisinéirí Tuatha a sonraíodh chuige sin in ordachán a tugadh nó a meastar a tugadh ón Aire faoin alt seo nó, má d'ordaigh an tAire amhlaidh go dleathach, ó Choimisinéir Tuatha amháin ag gníomhú dhó ina aonar, inchonspóidithe ná incheistithe trí agóid, achomharc ná eile ar an bhforas nár chomhthoiligh leorlíon de Choimisinéirí Tuatha leis an bhfeidhmiú nó leis an gcomhlíonadh sin nó le déanamh an ní sin.

(4) Aon uair a bhéarfar breith ó thromlach de na Coimisinéirí Tuatha a bheas páirteach sa bhreith, measfar, chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo, an mionlach easaontach de na Coimisinéirí Tuatha sin do chomhthoiliú leis an mbreith sin, agus forléireofar dá réir sin an briathar “comhthoiliú” sna fo-ailt sin den alt seo.

(5) Athghairmtear leis seo fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 14 den Acht Talún, 1939, ach—

(a) aon ordachán a tugadh faoi fho-alt (2) den alt sin agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, measfar gur ordachán faoi fho-alt (1) den alt seo é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, agus

(b) leanfaidh fo-alt (4) den alt sin d'éifeacht a bheith aige maidir le feidhmiú nó comhlíonadh aon chumhachta nó dualgais, nó le déanamh aon ní, den tsórt dá dtagartar sa bhfo-alt sin agus a tharla roimh an Acht seo a rith.

(6) Féadfar ordachán a bheas tugtha, nó a measfar a bheith tugtha, faoin alt seo, a chúlghairm nó d'athrú le hordachán ina dhiaidh sin ón Aire.

(7) Ní déanfar aon ní san alt seo nó in aon ordachán a bheas tugtha, nó a measfar a bheith tugtha, faoin alt seo, d'fhorléiriú mar ní a bheir gur gá comhthoiliú aon Choimisinéirí Tuatha nó aon Choimisinéara Tuatha i gcás an tAire nó oifigeach d'fheidhmiú nó do chomhlíonadh aon chumhachta nó dualgais de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 12 den Acht seo, nó i gcás aon ní a dhéanamh sa bhfeidhmiú nó sa chomhlíonadh sin.

Athrú ar chomhdhéanamh an Bhinse Achomhairc.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Breithiúnais, lá a cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo agus ní bheidh an lá a ceapfar amhlaidh níos luaithe ná dhá mhí i ndiaidh an lae a déanfar an t-ordú sin.

(2) An lá ceaptha agus dá éis, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ní bheidh ar an mBinse Achomhairc ach an Coimisinéir Breithiúnais;

(b) beidh alt 7 den Acht Talún, 1933, arna leasú—

(i) trí na focail “agus beirt Choimisinéirí Tuatha a bheidh ainmnithe chuige sin ag an Ard-Chomhairle, ina mbinse,” a scrios as fo-alt (1), agus na focail “ina bhinse” a chur ina n-ionad, agus

(ii) trí fho-ailt (2), (3), (4) agus (5) a scrios;

(c) beidh an abairt “Coimisinéirí Tuatha (seachas na baill den Bhinse Achomhairc)”, gach áit a bhfuil sí san Acht Talún, 1936, nó san Acht Talún, 1939, arna leasú trí na focail “(seachas na baill den Bhinse Achomhairc)” a scrios.

(3) I gcás Coimisinéir Tuatha a scor, de dhroim na bhforál roimhe seo den alt seo, de bheith ina chomhalta den Bhinse Achomhairc, beidh seilbh aige, faoi réir ailt 16 den Acht seo, ar a oifig mar Choimisinéir Tuatha faoin tionacht chéanna faoina bhfuil seilbh ag Breitheamh den Chúirt Chuarda ar a oifig mar Bhreitheamh den tsórt sin.

Scor de bheith i seilbh oifige i gcás Coimisinéirí Tuatha todhchaí.

15. —I gcás—

(a) duine a ceapfar ina Choimisinéir Tuatha tar éis an tAcht seo a rith do shlánú chúig bliana seascad d'aois, agus

(b) é a bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir Tuatha an lá a shlánós sé an aois sin,

ansin, d'ainneoin aon achtacháin eile, scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin i ndeireadh an lae sin.

Scor de bheith i seilbh oifige i gcás Coimisinéirí Tuatha láithreacha.

16. —(1) Baineann fo-alt (2) den alt seo le duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith—

(a) i seilbh oifige mar Choimisinéir Tuatha, agus

(b) faoi bhun bliain agus seachtó d'aois,

pé acu bhí nó nach raibh sé an uair sin ina chomhalta den Bhinse Achomhairc.

(2) I gcás—

(a) duine lena mbaineann an fo-alt seo do shlánú dhá bhlian seachtód d'aois, agus

(b) é a bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir Tuatha an lá a shlánós sé an aois sin,

scoirfidh sé de sheilbh na hoifige sin i ndeireadh an lae sin.

(3) Baineann fo-alt (4) den alt seo le duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith—

(a) i seilbh oifige mar Choimisinéir Tuatha (pé acu bhí nó nach raibh sé tráth ina chomhalta den Bhinse Achomhairc), agus

(b) gan bheith faoi bhun bliain agus seachtó d'aois.

(4) I gcás duine lena mbaineann an fo-alt seo a bheith i seilbh oifige mar Choimisinéir Tuatha an t-ochtú lá fichead i ndiaidh an lae a rithfear an tAcht seo, scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin i ndeireadh an lae sin.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé cúiteamh a mheasfas an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a bheith réasúnach d'íoc, i leith a scortha de bheith i seilbh oifige, le duine a scoirfeas faoi fho-alt (4) den alt seo de bheith i seilbh oifige.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon achtacháin eile.

An líon uasta de Choimisinéirí Tuatha.

17. —Ar an naoú lá fichead tar éis an tAcht seo a rith agus ón lá sin amach is ceathrar an líon uasta de Choimisinéirí Tuatha.

Coimisinéir Tuatha gníomhach.

18. —Aon uair a bheas an Rialtas sásta go bhfuil Coimisinéir Tuatha éagumasach go sealadach, de dheasca breoiteachta, toisc é a bheith as láthair ar saoire, nó ar aon leorchúis eile, ar a dhualgais mar Chomisinéir Tuatha a chomhlíonadh, féadfaidh an Rialtas, d'ainneoin ailt 17 den Acht seo, duine a cheapadh chun gníomhú mar Choimisinéir Tuatha ar feadh an éagumais shealadaigh sin.

Alt 39 den Acht Talún, 1923, a leasú agus leathnú.

19. —(1) I gcás gabháltas a dhílsiú tráth ar bith i gceannaitheoir faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh agus sin, i dteannta aon talún eile nó aon oidhreachtáin neamhchorpraigh nó i dteannta aon talún eile agus aon oidhreachtáin neamhchorpraigh, faoi réir uasleasa nó muirir (lena n-áirítear muirear a meastar, de bhuaidh ailt 45 den Acht Talún, 1939, nó de bhuaidh an ailt sin arna leasú leis an Acht seo, alt 39 den Acht Talún, 1923, do bhaint leis), beidh feidhm, ag alt 39 den Acht Talún, 1923, chun an t-uasleas nó an muirear nó aon leas is uaise ná sin, nó pé méid de a cionroinnfear ar an ngabháltas, d'fhuascailt. Beidh cumhacht ag an gCoimisinéir Breithiúnais chun an chionroinnt sin a dhéanamh agus, más cuí leis é, féadfaidh sé iomlán an uasleasa nó an mhuirir nó aon leasa is uaise ná sin a mhuirearú ar an ngabháltas amháin.

(2) Cuirfear cóip d'ordú cionroinnte arna dhéanamh de bhun fo-ailt (1) den alt seo chun an údaráis chláraitheachta faoi na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus, ar í d'fháil, cuirfidh an t-údarás cláraitheachta sin faoi ndeara na sonraí iomchuí a chlárú faoi na hAchta sin.

(3) Ní bheidh aon táille iníoctha i leith aon imeacht i gClárlann na Talún faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) In aon iarratas faoi alt 39 den Acht Talún, 1923, nó faoin alt sin arna leathnú le haon Acht eile (lena n-áirítear an tAcht seo), murab ionann an méid d'íoc an t-iarratasóir iarbhír agus an méid a forcoimeádadh i leith an uasleasa nó an mhuirir agus gurb é tuairím an Choimisinéara Bhreithiúnais, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, go ndearnadh an méid d'íoc an t-iarratasóir iarbhír d'íoc agus a ghlacadh in ionad an mhéid a forcoimeádadh i leith an uasleasa nó an mhuirir, measfar gurb é an méid a híocadh iarbhír amhlaidh an méid a forcoimeádadh i leith an uasleasa nó an mhuirir chun críocha an iarratais sin agus an ailt seo.

(5) I gcás iarratas (pé acu roimh an Acht seo a rith a lóisteáladh nó dá éis sin a lóisteálfar é) a dheonadh, tar éis an tAcht seo a rith, faoi alt 39 den Acht Talún, 1923, nó faoin alt sin arna leathnú le haon Acht eile (lena n-áirítear an tAcht seo), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) ar an airleacan a dhéanamh, cuirfear, le praghas fuascailte an mhéid nó an mhéid chionroinnte (pé acu é) a forcoimeádadh i leith an uasleasa nó an mhuirir, suim (dá ngairmtear riaráistí comhdhlúite sa bhfo-alt seo) is ionann agus chúig seachtód faoin gcéad de pé riaráistí acu seo a leanas is mó de riaráistí an mhéid sin (nó, más mar a chéile iad, de na riaráistí acu a céadluaitear), is é sin le rá:—

(i) na riaráistí a bheas, ar dháta an airleacain, faibhrithe chun bheith dlite i leith aon tréimhse nó tréimhsí a thosnós an lá agus i ndiaidh an lae is lá gála deiridh roimh an iarratas a lóisteáil, agus

(ii) na riaráistí, nach mó ná riaráistí trí bliana, a bheas faibhrithe chun bheith dlite ar dháta an airleacain,

maraon le cúig seachtód faoin gcéad de ghála cionroinnte an mhéid sin ón lá gála deiridh roimh dháta an airleacain suas go dtí an dáta sin mura lá gála an dáta sin, agus, ach amháin mar adúradh, ní ceanglófar aon íocaíocht a dhéanamh i leith riaráistí an mhéid sin,

(b) i gcás aon íocaíocht, tar éis an t-iarratas a lóisteáil nó i leith aon tréimhse nó tréimhsí a thosnós an lá agus i ndiaidh an lae is lá gála deiridh roimh an iarratas a lóisteáil, a dhéanamh de bhun an mhéid nó an mhéid chionroinnte (pé acu é) a forcoimeádadh i leith an uasleasa nó an mhuirir, measfar riaráistí d'fhaibhriú agus beidh feidhm ag an mír roimhe seo amhail is nach ndearnadh aon íocaíocht den tsórt sin, ach déanfar gach íocaíocht den tsórt sin (nó pé cuid di is iomchuí ag féachaint d'aon chionroinnt) d'áireamh mar íocaíocht a rinneadh i leith na riaráistí comhdhlúite agus beidh an méid de gach íocaíocht den tsórt sin (nó den chuid sin di), a bheas de bhreis ar na riaráistí comhdhlúite, inaisghabhála mar éileamh in aghaidh an phraghais fhuascailte,

(c) aon mhéid de na riaráistí comhdhlúite a cuirfear mar adúradh leis an bpraghas fuascailte íocfar é, as an méid a hairleacadh, leis an duine a bheadh i dteideal na riaráistí comhdhlúite a ghlacadh chun a úsáide féin, ach déanfar an cháin ioncaim, más ann di, a bheas dlite i leith an ghabháltais, a bhaint den mhéid a cuirfear amhlaidh leis an bpraghas fuascailte ar an méid a hairleacadh a bheith á dháil.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “dáta an airleacain” an dáta a cuirtear na bannaí talún iomchuí chun creidiúna an abhair iomchuí.

(6) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 39 den Acht Talún, 1923, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, d'ainneoin iarratas faoin alt sin 39 a dhéanamh agus a dhiúltú, roimh an Acht seo a rith, sa chás áirithe a bheas i gceist.

Alt 37 den Acht Talún, 1939, a leasú.

20. —(1) Leasaítear leis seo alt 37 den Acht Talún, 1939, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (b), (c) agus (d) d'fho-alt (1):—

“(a) ar an airleacan a dhéanamh, cuirfear, le praghas ceannaigh an ghabháltais nó na coda de ghabháltas nó na dáileachta sin, suim (dá ngairmtear riaráistí comhdhlúite sa bhfo-alt seo) is ionann agus chúig seachtód faoin gcéad de pé riaráistí acu seo a leanas is mó de riaráistí an chíosa is iníoctha i leith an ghabháltais nó na coda de ghabháltas nó na dáileachta sin (nó, más mar a chéile iad, de na riaráistí acu a céadluaitear), is é sin le rá:—

(i) na riaráistí a bheas, an lá ceaptha, faibhrithe chun bheith dlite i leith aon tréimhse nó tréimhsí a thosnós an lá agus i ndiaidh an lae is lá gála deiridh roimh na sonraí sin a thabhairt nó an t-iarratas sin a lóisteáil (pé acu é), agus

(ii) na riaráistí, nach mó ná riaráistí trí bliana, a bheas faibhrithe chun bheith dlite an lá ceaptha,

maraon le cúig seachtód faoin gcéad de ghála cionroinnte an chíosa sin ón lá gála deiridh roimh an lá ceaptha suas go dtí an lá sin mura lá gála an lá sin, agus, ach amháin mar adúradh, ní ceanglófar aon íocaíocht a dhéanamh i leith riaráistí an chíosa sin,

(b) i gcás aon íocaíocht, tar éis na sonraí sin a thabhairt nó an t-iarratas sin a lóisteáil (pé acu é) nó i leith aon tréimhse nó tréimhsí a thosnós an lá agus i ndiaidh an lae is lá gála deiridh roimh na sonraí sin a thabhairt nó an t-iarratas sin a lóisteáil (pé acu é), a dhéanamh de bhun an chíosa sin, measfar riaráistí d'fhaibhriú agus beidh feidhm ag an mír roimhe seo amhail is nach ndearnadh aon íocaíocht den tsórt sin, ach déanfar gach íocaíocht den tsórt sin d'áireamh mar íocaíocht a rinneadh i leith na riaráistí comhdhlúite agus beidh an méid de gach íocaíocht den tsórt sin, a bheas de bhreis ar na riaráistí comhdhlúite, inaisghabhála mar éileamh in aghaidh an phraghais cheannaigh.”

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chás ar ceapadh an lá ceaptha ina leith roimh an Acht seo a rith.

Alt 44 den Acht Talún, 1931, agus alt 47 den Acht Talún, 1939, a leasú.

21. —(1) Más rud é, ar éisteacht iarratais faoi alt 44 den Acht Talún, 1931, nó faoin alt sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán, go gcinnfear nárbh é leas na tíre é, ag féachaint do cháilíocht nó d'úsáid na dáileachta talún neamhthionóntaithe agus d'imthosca uile an cháis, an t-iarratas a dheonadh, diúltófar don iarratas.

(2) Leasaítear leis seo alt 47 den Acht Talún, 1939, tríd an méid seo a leanas a scrios as mír (b)—

(I) na focail “d'ainneoin gan mír (b) den fho-alt sin (1) den alt sin 44 (arna leasú amhlaidh) a bheith á comhlíonadh,” agus

(II) an focal “agus” i ndeireadh fo-mhíre (i), agus

(III) fo-mhír (ii).

Alt 37 den Acht Talún, 1936, a leasú.

22. —(1) Más rud é, ar éisteacht iarratais faoi alt 37 den Acht Talún, 1936, nó faoin alt sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán, go gcinnfear nárbh é leas na tíre é, ag féachaint do cháilíocht nó d'úsáid na dáileachta talún neamhthionóntaithe agus d'imthosca uile an cháis, an t-iarratas a dheonadh, diúltófar don iarratas.

(2) Leasaítear leis seo alt 37 den Acht Talún, 1936, tríd an méid seo a leanas a scrios—

(I) an focal “agus” i ndeireadh míre (b) d'fho-alt (1), agus

(II) míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (1), agus

(III) míreanna (b) agus (d) d'fho-alt (3).

Leasú breise ar alt 44 den Acht Talún 1931, agus ar alt 37 den Acht Talún, 1936.

23. —(1) I gcás iarratas a dheonadh faoi alt 44 den Acht Talún, 1931, nó faoin alt sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán—

(a) beidh Coimisiún na Talún i dteideal an dáileacht a chur isteach in aon liosta de ghabháltais dílsithe a foilseofar faoi alt 9 den Acht Talún, 1931, amhail is gur tugadh na sonraí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt sin, agus

(b) gach foráil a rinneadh leis na hAchta Talamh-Cheannaigh nó fúthu agus is infheidhme maidir le gabháltais a bheas i liosta den tsórt sin, beidh feidhm aici maidir leis an dáileacht a mhéid nach mbeidh an fhoráil sin aimhréireach nó neamhréireach le haon fhoráil áirithe a bhaineas leis an dáileacht.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1931, a rith.

(3) I gcás iarratas a dheonadh faoi alt 37 den Acht Talún, 1936, nó faoin alt sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán—

(a) beidh Coimisiún na Talún i dteideal an dáileacht a chur isteach in aon liosta de ghabháltais dílsithe a foilseofar faoi alt 9 den Acht Talún, 1931, amhail is gur tugadh na sonraí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt sin, agus

(b) gach foráil a rinneadh leis na hAchta Talamh-Cheannaigh nó fúthu agus is infheidhme maidir le gabháltais a bheas i liosta den tsórt sin, beidh feidhm aici maidir leis an dáileacht a mhéid nach mbeidh an fhoráil sin aimhréireach nó neamhréireach le haon fhoráil áirithe a bhaineas leis an dáileacht.

(4) Measfar fo-alt (3) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1936, a rith.

Cosaint d'fheidhm ailt 37 den Acht Talún, 1933, agus leasú ar an alt sin.

24. —(1) Beidh feidhm ag alt 37 den Acht Talún, 1933, maidir le gabháltas nó cuid de ghabháltas ar a mbeidh muirear aon airleacain faoi na Land Purchase Acts, 1881 to 1889, d'ainneoin aon ní in alt 14 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) .

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935, a rith.

(3) Déanfar easnamh a thiocfas sa chiste iasacht áitiúla de bhuaidh an ailt seo a shlánú don chiste iasacht áitiúla as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé trátha agus i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 37 den Acht Talún, 1933, trí na focail “ina dhiaidh sin” a scrios agus na focail “amhail ó pé dáta a sonrófar chuige sin san ordú sin” a chur ina n-ionad.

(5) Measfar fo-alt (4) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Talún, 1933, a rith.

Alt 24 den Acht Talún, 1939, a leathnú.

25. —I dteannta na feidhme atá acu faoi láthair, beidh feidhm freisin ag fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 24 den Acht Talún, 1939, maidir le haon talamh—

(a) i gcás a iomlán nó scair neamhroinnte nó scaireanna neamhroinnte dhe a bheith ceannaithe faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh nó a bheith faoi réir chomhaontuithe cheannaigh a rinneadh nó a measfar a rinneadh faoi na hAchta sin nó a bheith ceannaithe faoin Acht Foraoiseachta, 1946 (Uimh. 13 de 1946) , agus

(b) i gcás é a bheith ar seilbh ag dhá phearsa nó níos mó i gcoiteannas, pé acu mar nasc-thionóntaí nó mar thionóntaí i gcoiteannas é agus pé acu a bheas nó nach mbeidh sé ceannaithe nó faoi réir chomhaontuithe cheannaigh mar adúradh i dteannta aon talún eile,

agus, dá réir sin, sna fo-ailt sin folóidh aon tagairt d'únaeraí i gcoiteannas tagairt don dá phearsa nó níos mó adúradh agus folóidh aon tagairt do ghabháltas lena mbaineann an t-alt sin 24 tagairt don talamh sin.

Alt 45 den Acht Talún, 1939, a leasú.

26. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 45 den Acht Talún, 1939, déanfar na focail “an morgáiste nó an muirear sin,” sa dá áit a bhfuilid, d'fhorléiriú, i gcás aon mhorgáiste nó muirear (dá ngairmtear an morgáiste nó an muirear malairtithe san alt seo) a bheith tugtha, i dtuairim an Choimisinéara Bhreithiúnais, ag duine ar bith go substainteach i malairt an mhorgáiste nó an mhuirir a thug an ceannaitheoir, mar fhocail a fholaíos an morgáiste nó an muirear malairtithe.

(2) Féadfar iarratas a dhéanamh, tar éis an tAcht seo a rith, faoi alt 39 den Acht Talún, 1923, i leith an mhorgáiste nó an mhuirir mhalairtithe, d'ainneoin iarratas faoin alt sin ina leith a dhéanamh agus a dhiúltú roimh an Acht seo a rith.

Talamh a tairgfear le díol a cheannach.

27. —(1) Aon uair—

(a) a tairgfear le díol aon leas i dtalamh, agus

(b) a bheas ceart chun seilbh ghlan na talún ag gabháil leis an leas, agus

(c) a bheas an talamh ag teastáil ó Choimisiún na Talún chun gabháltais nua a sholáthar d'imircigh nó chun athshocrú ar thailte atá ar seilbh ar roinndáil nó ina míreanna idirmheasctha d'úrasú,

féadfaidh Coimisiún na Talún an leas sin a cheannach ar airgead.

(2) Aon tsocrú a déanfar maidir le riaráistí rátaí i leith talún a gceannófar leas ann faoin alt seo, féadfaidh sé, d'ainneoin aon achtacháin eile, bheith do réir mar chomhaontós an díoltóir agus Coimisiún na Talún.

(3) I gcás aon tsuim ar bith i leith talún, a gceannófar leas ann faoin alt seo, a bheith nó a theacht chun bheith dlite do Choimisiún na Talún ón díoltóir, i leith aon tréimhse a chríochnos an lá nó roimh an lá a ghlacfas Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh, féadfaidh Coimisiún na Talún, d'ainneoin aon ní in aon chonradh, an tsuim sin (lena n-áirítear costais agus caiteachais, más ann dóibh, faoina ndeachthas go cuí á gnóthú) a bhaint den phraghas ceannaigh. Chun críocha an fho-ailt seo, i gcás aon bhlianacht cheannaigh, suim bhliantúil nó íocaíocht eile a bheith iníoctha faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh i leith na talún agus gan an dáta ghlacfas Coimisiún na Talún seilbh ar an talamh a bheith ina lá gála, déanfar an bhlianacht cheannaigh, an tsuim bhliantúil nó an íocaíocht eile sin a chionroinnt suas go dtí an dáta sin agus measfar í d'fhaibhriú ó lá go lá.

(4) Ní bheidh aon dleacht stampa inmhuirir ná iníoctha ar aon ionstraim lena ndéanfar ceannach faoin alt seo.

(5) Na cumhachta a bheirtear leis an alt seo is cumhachta iad a mhéadaíos, agus ní cumhachta iad a laghdaíos, aon chumhachta eile atá ag Coimisiún na Talún do réir dlí chun talamh a thógaint nó a cheannach nó chun gabháltais d'athghabháil.

(6) Beidh deimhniú faoi ghnáthshéala Choimisiún na Talún, á dheimhniú gur ceannaíodh leas i dtalamh faoin alt seo, ina fhianaise prima facie ar an ní a bheas deimhnithe amhlaidh.

Orduithe aistrithe, etc.

28. —(1) Aon uair tar éis ceannach leasa i dtalamh faoi alt 23 den Acht seo a bheith comhlánaithe, féadfaidh Coimisiún na Talún ordú (dá ngairmtear ordú aistrithe san alt seo) a dhéanamh do réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo i leith na talún.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú aistrithe i leith aon talún:—

(a) tiocfaidh an t-ordú i ngníomh ar pé dáta (dá ngairmtear an dáta feidhme san alt seo) a sonrófar chuige sin san ordú agus is dáta nach luaithe ná dhá mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh,

(b) déarfaidh an t-ordú go ndílsíonn sé, agus oibreoidh chun go ndílseoidh sé, an talamh i gCoimisiún na Talún chun eastáit i bhfeo simplí i seilbh—

(i) i gcás an talamh a bheith faoi réir blianachta Stáit, faoi réir na blianachta Stáit sin, agus

(ii) i gcás foráil a bheith san ordú de bhun fo-alt (4) den alt seo chun éasúint a bhuanú nó a bhunú, faoi réir na héasúna sin,

ach, lasmuigh den mhéid adúradh, saor ó gach ceart poiblí (más ann) agus ó éilimh gach duine a mbeidh leas aige sa talamh, pé acu i leith eirí nó leasa ann nó ar aon tslí eile é,

(c) maidir le gach leas a bheas sa talamh díreach roimh an dáta feidhme agus a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith faoi fho-alt (9) den alt seo—

(i) oibreoidh an t-ordú chun gach eastát, iontaobhas agus eire, a bheas ann i leith an leasa sin díreach roimh an dáta feidhme, d'aistriú chun an chúitimh sin agus a chur ag gabháil leis,

(ii) gabhfaidh an cúiteamh sin, maidir le gach ceart nó éileamh a bheas ann díreach roimh an dáta feidhme ar an leas sin nó ina choinne, ionad an leasa sin chun gach críche,

(iii) más é bhí sa leas sin, díreach roimh an dáta feidhme, talamh socruithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, is airgead caipitil chun críocha na nAcht sin a bheas sa chúiteamh sin.

(3) Beidh ag gabháil le gach ordú aistrithe léarscáil nó plean a thaispeánfas an talamh lena mbaineann an t-ordú.

(4) Féadfaidh foráil a bheith in ordú aistrithe chun éasúint láithreach sa talamh, nó thar an talamh, lena mbaineann sé, a bhuanú nó chun aon éasúint nua sa talamh, nó thairis, a chruthnú in ionad éasúna láithrí.

(5) I gcás ordú aistrithe a dhéanamh i leith aon talún, déanfaidh Coimisiún na Talún a luaithe is féidir ina dhiaidh sin—

(a) fógra (a shonrós an áit ar féidir an t-ordú aistrithe d'iniúchadh agus na trátha le haghaidh iniúchta), i dtaobh déanamh an orduithe, d'fhoilsiú trí fhógrán san Iris Oifigiúil agus in eisiúint amháin ar a laghad de nuachtán a foilsítear agus a léitear sa chontae ina bhfuil an talamh nó, mura bhfuil aon nuachtán den tsórt sin ann, de nuachtán laethúil a foilsítear sa Stát agus a léitear sa chontae sin,

(b) cóip den fhógra sin a sheirbheáil ar gach pearsa a bhfeicfear do Choimisiún na Talún aon leas a bheith acu, díreach roimh an dáta feidhme, sa talamh.

(6) I gcás aon cheart poiblí d'fhorceannadh le hordú aistrithe, féadfaidh Coimisiún na Talún, más gá leo é, socrú a dhéanamh chun ceart a bheith infheidhmithe ag an bpobal in ionad an chirt phoiblí a forceannadh.

(7) A luaithe is féidir tar éis an dáta feidhme i leith orduithe aistrithe, cuirfidh Coimisiún na Talún an t-ordú aistrithe chun an údaráis chláraitheachta faoi na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus, ar é d'fháil, cuirfidh an t-údarás cláraitheachta sin faoi ndeara Coimisiún na Talún a chlárú faoi na hAchta sin mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh do réir téarmaí an orduithe aistrithe nó, má bhíonn Coimisiún na Talún cláraithe amhlaidh cheana mar únaer i bhfeo simplí ar an talamh, cuirfidh faoi ndeara téarmaí an orduithe aistrithe a chlárú amhlaidh.

(8) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ordú aistrithe ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeacht i gClárlann na Talún faoi fho-alt (7) den alt seo.

(9) I gcás ordú aistrithe a dhéanamh i leith aon talún, dlífidh Coimisiún na Talún cúiteamh d'íoc i leith gach leasa (seachas éasúint a buanaíodh leis an ordú nó éasúint ar cruthnaíodh éasúint nua ina hionad leis an ordú) a bhí ann díreach roimh an dáta feidhme, ach ní déanfar aon éileamh ar chúiteamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta sin.

(10) I gcás ordú aistrithe a dhéanamh i leith aon talún agus an leas ann a cheannaigh Coimisiún na Talún a bheith, díreach roimh an dáta feidhme, faoi réir mhorgáiste—

(a) folóidh an tagairt i bhfo-alt (9) do gach leas a bhí sa talamh díreach roimh an dáta feidhme tagairt don leas a cheannaigh Coimisiún na Talún, agus

(b) déanfar socrú an chúitimh i leith an leasa a cheannaigh Coimisiún na Talún, agus cionroinnt an chúitimh sin amhail idir Coimisiún na Talún agus an morgáistí, do réir na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo.

(11) Beidh ag Coimisiún na Talún i leith talún (arb é an talamh go léir é, nó cuid den talamh, ina mbeid tar éis eastát i bhfeo simplí a thógaint trí cheannach faoi alt 27 den Acht seo nó trí ordú aistrithe) gach cumhacht atá acu i leith talún a ceannaítear nó a tógtar faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh.

(12) Má tharlann i gcás aon talún (arb é an talamh go léir é, nó cuid den talamh, ina mbeidh Coimisiún ná Talún tar éis eastát i bhfeo simplí a thógaint trí cheannach faoi alt 27 den Acht seo nó trí ordú aistrithe) nach mbeidh sé ag teastáil ó Choimisiún na Talún chun (do réir mar bheas) gabháltais nua a sholáthar d'imircigh nó chun athshocrú tailte a sealbhaítear ar roinndáil nó ina míreanna idirmheasctha d'urasú, féadfaidh Coimisiún na Talún an talamh sin a dhiúscairt chun aon phearsan nó comhlucht dá luaitear i míreanna (a), (c) agus (e) (arna leathnú le fo-alt (6) d'alt 30 den Acht seo) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht Talún, 1923, nó chun an Aire chun críocha foraoiseachta.

(13) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacha le haghaidh na nithe seo a leanas:—

(a) maidir le talamh lena mbaineann ordú aistrithe agus atá, i dteannta talún eile, faoi réir íocaíochta bliantúla nó blianachta Stáit, le haghaidh cionroinnt na híocaíochta nó na blianachta sin,

(b) socrú, cionroinnt (lena n-áirítear cionroinnt idir morgáisteoirí agus morgáistithe) agus íoc cúitimh (faoi réir an tsriain gurb é an Coimisinéir Breithiúnais a dhéanfas, cheal comhaontuithe, cúiteamh a shocrú),

(c) leasú orduithe aistrithe ag an gCoimisinéir Breithiúnais,

(d) Coimisiún na Talún d'íoc na gcostas a bhainfeas le teideal chun cúitimh a rianú,

(e) stiúradh imeacht faoi na rialacha,

(f) costais agus caiteachais imeacht faoi na rialacha agus fómhas agus gnóthú costas agus caiteachas den tsórt sin,

(g) seirbheáil fhógraí a bhéarfar faoi na rialacha nó faoin alt seo,

agus féadfaidh sé bheith sainráite in aon rialacha den tsórt sin go dtugaid aon chumhachta is iomchuí do na críocha dá ndéantar na rialacha agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

(14) Féadfaidh rialacha a déanfar de bhun an fho-ailt deiridh roimhe seo a fhoráil go bhféadfar, i gcás cionroinnt chúitimh a dhéanamh amhail idir aon mhorgáisteoir agus morgáistí, cionroinnt a dhéanamh i leith na príomhshuime agus an úis agus go n-áireofar an t-ús a bheith ar comhchéim leis an bpríomhshuim.

(15) Ní bheidh feidhm, ach amháin mar forálfar go sainráiteach le rialacha, ag Acht na gClásal Talún maidir le talamh a thógaint trí ordú aistrithe.

(16) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht bhliantúil nó tréimhsiúil atá de mhuirear nó atá iníoctha ar aon talamh, ach ní fholaíonn sí—

(a) aon bhlianacht Stáit, ná

(b) cíos is iníoctha le Coimisiún na Talún nó leis na Coimisinéirí faoi chonradh tionóntachta a bhfuil sainráite ann é a bheith déanta mar áis sealadach, ná

(c) ús ar morgáiste, ná

(d) muirear atá ann faoi shocraíocht;

ciallaíonn an abairt “muirear atá ann faoi shocraíocht” muirear atá ann, nó atá le teacht, faoi shocraíocht, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus nach muirear a bhfuil tosaíocht aige ar an tsocraíocht ná muirear a cruthnaíodh chun airgead a cruinníodh iarbhír d'urrú;

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

folaíonn an focal “éasúint” aon profit-á-prendre nó ceart eile lena n-áirítear gach ceart spóirt do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh) i dtalamh nó thar talamh, agus fós aon iascaigh a ghabhas le talamh do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh;

folaíonn an focal “leas”, maidir le talamh—

(a) éasúint,

(b) íocaíocht bhliantúil,

ach ní fholaíonn sé—

(c) tionóntacht ó bhliain go bliain a sealbhaítear faoi Choimisiún na Talún nó faoi na Coimisinéirí agus a bhfuil sainráite sa chonradh tionóntachta í a bheith mar áis sealadach, ná

(d) blianacht Stáit, ná

(e) morgáiste ar thalamh, ná

(f) muirear atá ann faoi shocraíocht a bhaineas leis an talamh;

folaíonn an focal “morgáiste” morgáiste cothromais, muirear chun aon tsuim chaipitil d'urrú, agus morgáiste breithiúnais, ach ní fholaíonn sé blianacht Stáit ná muirear atá ann faoi shocraíocht, agus forléireofar na focail “morgáistí” agus “morgáisteoir” dá réir sin agus folóid faoi seach pearsa a gheibheann teideal ó am go ham faoin morgáistí bunaidh agus pearsa a gheibheann teideal ó am go ham faoin morgáisteoir bunaidh;

ciallaíonn an abairt “blianacht Stáit” aon tsuim arb é atá inti—

(a) aon bhlianacht talamh-cheannaigh, blianacht chistiúcháin nó suim bhliantúil, do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh, is iníoctha le Coimisiúin na Talún, nó

(b) aon bhlianacht talamh-cheannaigh is iníoctha leis na Coimisinéirí, nó

(c) aon bhlianacht mhíntírithe faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 (Uimh. 25 de 1949) .

Aisce i leith duine a chur ó fhostaíocht ar thalamh.

29. —I gcás duine a chur, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ó fhostaíocht ar thalamh de dhruim Coimisiún na Talún do thógaint, d'athghabháil, do cheannach nó do leithroinnt na talún sin, féadfaidh Coimisiún na Talún, más cuí leo é dá roghain féin, pé aisce is réasúnach leo d'íoc leis i leith a churtha ó fhostaíocht.

Alt 20 den Irish Land Act, 1903, agus alt 18 den Irish Land Act, 1909, etc., a leathnú.

30. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 agus fo-alt (2) d'alt 20 den Irish Land Act, 1903, fo-alt (1) agus (2) d'alt 69 den Acht Talún, 1923, alt 33 den Acht Talún, 1933, agus alt 59 den Acht Talún, 1939.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile a rinneadh le haon Acht nó faoi, nó atá in aon chomhaontú arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) le Coimisiún na Talún, is é an tAire a fheidhmeos i ngach cás an chumhacht chun aon scéim a cheapadh nó a cheadú de bhuaidh ailt 20 den Irish Land Act, 1903, nó ailt 18 den Irish Land Act, 1909.

(3) Déanfar na críocha dá dtagartar in alt 4 den Irish Land Act, 1903, agus in alt 18 den Irish Land Act, 1909, a leathnú ionas go n-áireoid curaíocht, garraithe scoile, faichí spóirt, páirceanna, tailte áineasa agus faichí imeartha ar na críocha ar féidir airleacain a dhéanamh nó d'fháil chucu faoi na hailt sin, agus féadfar scéimeanna atá ann a leasú agus scéimeanna ina dhiaidh seo a cheapadh, a cheadú nó a leasú dá réir sin.

Sna fo-ailt ina dhiaidh so den alt seo gairmtear na críocha leathnaithe de na críocha sin, arna leathnú mar adúradh.

(4) Féadfaidh pé méid a cheadós an tAire bheith in airleacan de bhun ailt 4 den Irish Land Act, 1903, arna leathnú leis an alt seo.

(5) Féadfaidh Coimisiún na Talún dáileacht talún a dhíol le hiontaobhaithe, chun gach críche nó aon chríche de na críocha leathnaithe, ar airgead, pé acu i dtráthchoda nó ar shlí eile is iníoctha é, agus beidh éifeacht, i gcás inarb infheidhme iad, maidir leis an díol sin ag na forála a bhaineas le ceannach trí airleacan faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh chun gach críche nó aon chríche de na críocha leathnaithe.

(6) Folóidh na hiontaobhaithe a luaitear i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Acht Talún, 1923, iontaobhaithe chun gach críche nó aon chríche de na críocha leathnaithe.

(7) I gcás aon scéim a cheapadh nó a cheadú, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi alt 20 den Irish Land Act, 1903, nó faoi alt 18 den Irish Land Act, 1909, ansin, d'ainneoin aon fhorála eile a bheas déanta leis an scéim nó le haon Acht nó faoi, féadfaidh an tAire, le scríbhinn faoina láimh, gach cumhacht acu seo a leanas d'fheidhmiú maidir leis an scéim mar bheas sí i bhfeidhm de thuras na huaire:—

(a) aon iontaobhaí nó iontaobhaithe nua nó breise a cheapadh in imthosca ar bith,

(b) téarmaí nó iontaobhais na scéime d'athrú nó a mhéadú (lena n-áirítear aon cheann de na críocha leathnaithe a chur i malairt aon chríche láithrí sa scéim),

(c) aon iontaobhaí láithreach nó gníomhach a dhíchur,

(d) iontaobhaí eile a chur i malairt aon iontaobhaí a díchuirfear,

(e) i gcás Coimisiún na Talún a bheith sásta nach bhfuil na hiontaobhais á riaradh do réir na scéime, an scéim go léir agus a hiontaobhais go léir nó téarmaí nó iontaobhais sonraithe den scéime a chúlghairm,

(f) údarás a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha (más ann dóibh) is cuí leis an Aire d'fhorchur, chun na hiontaobhaithe do dhéanamh diúscartha, chun críocha poiblí, ar aon talamh, nó ar chuid d'aon talamh, lena mbaineann an scéim pé acu atá nó nach bhfuil an talamh sin nó an chuid sin de gan bheith ag teastáil a thuilleadh chun aon chríche de chríocha na scéime,

(g) údarás a thabhairt chun diúscairt a dhéanamh ar na fáltais as aon díol a húdaraítear faoin mír dheiridh roimhe seo.

(8) I gcás ina dtarlódh de dhroim iontaobhaí amháin nó níos mó a dhíchur faoi mhír (c) d'fho-alt (7) den alt seo an líon iontaobhaithe a bheith faoi bhun a lín bhunaidh nó faoi bhun triúr (pé acu sin is lú), ní díchuirfear é nó iad mura gcuirtear iontaobhaí nó iontaobhaithe eile ina mhalairt nó ina malairt faoi mhír (d) den fho-alt sin ionas nach dtarlóidh sin.

(9) I gcás aon scéim a cheapadh nó a cheadú, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi alt 20 den Irish Land Act, 1903, nó faoi alt 18 den Irish Land Act, 1909, féadfaidh Coimisiún na Talún, d'ainneoin aon fhorála eile a bheas déanta leis an scéim nó le haon Acht nó faoi, na cumhachta seo a leanas d'fheidhmiú:—

(a) údarás a thabhairt, faoi réir pé coinníollacha (más ann dóibh) is cuí le Coimisiún na Talún d'fhorchur, chun na hiontaobhaithe do dhéanamh diúscartha, chun críocha seachas críocha poiblí, ar aon talamh, nó ar chuid d'aon talamh, lena mbaineann an scéim, i gcás gan an talamh sin nó an chuid sin de a bheith, i dtuairim Choimisiún na Talún, ag teastáil a thuilleadh chun aon chríche de chríocha na scéime,

(b) údarás a thabhairt chun diúscairt a dhéanamh ar na fáltais as aon díol a húdaraítear faoin mír dheiridh roimhe seo.

(10) I gcás ina ndearna aon Aire Stáit aon uair roimh an Acht seo a rith aon chumhachta dá luaitear i bhfo-ailt (7) agus (9) den alt seo d'fheidhmiú, beidh an feidhmiú sin, agus measfar é a bheith riamh, chomh bailí agus bheadh dá mba go raibh an t-alt seo i bhfeidhm an uair sin agus go ndearna an tAire nó Coimisiún na Talún (do réir mar is iomchuí) an feidhmiú sin do réir an ailt seo.

(11) I gcás aon scéim a chúlghairm faoin alt seo—

(a) oibreoidh an chúlghairm chun aon talamh lena mbaineann an scéim a dhílsiú i gCoimisiún na Talún i bhfeo simplí faoi réir aon bhlianachta ceannaigh, blianachta cistiúcháin nó suime bliantúla a bheas air agus aon mhuirir a bheas air faoi Achta na nOibreacha Poiblí nó faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 (Uimh. 25 de 1949) , ach é saortha agus urscaoilte, ach amháin mar adúradh, ó iontaobhais na scéime agus ó gach eastát, éileamh nó eire ag gach uile phearsa ag a mbeidh leas sa talamh sin,

(b) beidh Coimisiún na Talún i dteideal dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 19 den Acht Talún, 1927, agus

(c) déanfar na cistí iontaobhais más ann dóibh, a dhiúscairt mar ordós an tAire.

(12) I gcás aon talamh a dhiúscairt de bhuaidh údaráis faoi mhír (f) d'fho-alt (7) nó mír (a) d'fho-alt (9) den alt seo—

(a) oibreoidh an diúscairt chun an talamh a dhílsiú sa phearsa chun a ndiúscarfar é i bhfeo simplí faoi réir aon bhlianachta ceannaigh, blianachta cistiúcháin, suime bliantúla nó íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún na Talún ina leith agus faoi réir aon mhuirir a bheas air faoi Achta na nOibreacha Poiblí nó faoin Acht um Míntíriú Talún, 1949 (Uimh. 25 de 1949) (lena n-áirítear aon riaráistí den bhlianacht cheannaigh, den bhlianacht chistiúcháin, den tsuim bhliantúil, den íocaíocht nó den mhuirear sin), ach é saortha agus urscaoilte, ach amháin mar adúradh, ó iontaobhais na scéime agus ó gach eastát, éileamh nó eire ag gach uile phearsa ag a mbeidh leas sa talamh,

(b) más é Coimisiún na Talún an phearsa chun a ndiúscarfar an talamh, beidh Coimisiún na Talún i dteideal dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 19 den Acht Talún, 1927.

(13) Aon talamh a dílseofar i gCoimisiún na Talún de bhun fo-ailt (11) nó fo-ailt (12) den alt seo beidh sé faoi réir forál an Achta Talún, 1923, arna leasú le hAchta ina dhiaidh sin (lena n-áirítear an tAcht seo), maidir le dáileachta talún a sholáthar do na pearsain nó na comhluchta a luaitear in alt 31 den Acht Talún, 1923, arna leasú mar adúradh.

(14) Ar iomlán scéime agus iontaobhais uile na scéime a chúlghairm faoin alt seo, nó ar aon téarmaí nó iontaobhais de chuid aon scéime a chúlghairm, d'athrú nó a mhéadú (lena n-áirítear aon cheann de na críocha leathnaithe a chur i malairt aon cheann de chríocha láithreacha na scéime), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfar fógra i dtaobh na cúlghairme, an athruithe, an mhéaduithe nó an mhalairtithe a thabhairt sa tslí ordaithe don iontaobhaí nó do na hiontaobhaithe agus d'aon phearsain eile a bhfeicfear do Choimisiún na Talún sin do bhaint leo;

(b) aon uair laistigh de shé mhí tar éis an fógra sin a thabhairt—

(i) féadfaidh aon tairbhí faoin scéim nó faoi na hiontaobhais dá dtarla, mar thairbhí den tsórt sin, caillteanas de dheasca na cúlghairme, an athruithe, an mhéaduithe nó an mhalairtithe, agus

(ii) i gcás cúlghairme, féadfaidh aon phearsa a ndearnadh, de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (11) den alt seo, an talamh lenar bhain an scéim agus na hiontaobhais a shaoradh agus d'urscaoileadh óna eastát, óna éileamh nó óna eire agus a dtarla caillteanas dó de dheasca an tsaortha agus an urscaoilte sin,

iarratas a dhéanamh chun Coimisiún na Talún á iarraidh orthu cúiteamh d'íoc sa chaillteanas sin.

(15) Ar aon talamh a dhiúscairt faoi údarás a tugadh faoi mhír (f) d'fho-alt (7) nó mír (a) d'fho-alt (9) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) déanfar fógra i dtaobh an diúscartha a thabhairt sa tslí ordaithe do gach pearsa (seachas iontaobhaithe na scéime) a bhfeicfear do Choimisiún na Talún sin do bhaint leo;

(b) aon uair laistigh de shé mhí tar éis an fógra sin a thabhairt—

(i) féadfaidh aon tairbhí faoin scéim nó faoina, hiontaobhais dá dtarla, mar thairbhí den tsórt sin, caillteanas de dheasca an diúscartha, agus

(ii) féadfaidh aon phearsa a ndearnadh de bhuaidh míre (a) d'fho-alt (12) den alt seo an talamh a shaoradh agus d'urscaoileadh óna eastát, óna éileamh nó óna eire agus a dtarla caillteanas dó de dheasca an tsaortha agus an urscaoilte sin,

iarratas a dhéanamh chun Coimisiún na Talún á iarraidh orthu cúiteamh d'íoc sa chaillteanas sin.

(16) Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha faoi fho-alt (14) nó fo-alt (15) den alt seo—

(i) in aon chaillteanas is cailliúint seans roghnuithe mar fháltaí sochar faoin scéim nó faoi na hiontaobhais, ná,

(ii) in aon chaillteanas a ndeimhneoidh Coimisiún na Talún ina thaobh, faoi shéala, gur tairgeadh don iarratasóir ar chúiteamh, nó gur soláthraíodh nó go soláthrófar dó, aon cheart, leas nó cothromas sonraithe, a bhfuil Coimisiún na Talún sásta nach 1ú a luach dó ná luach a bhfuil caillte aige.

(17) Gach ceist a éireos faoi fho-alt (14), fo-alt (15) nó fo-alt (16) den alt seo (lena n-áirítear aon cheist i dtaobh cirt chun cúitimh nó méid cúitimh), déanfar, cheal comhaontuithe, í a bhreithniú ag na Coimisinéirí Tuatha, ach beidh ceart achomhairc chun an Bhinse Achomhairc agus is breith chríochnaitheach breith an Bhinse Achomhairc ach amháin go luífidh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí ar cheisteanna dlí.

(18) I gcás aon chumhacht a tugtar leis an alt seo nó le ceachtar den dá alt díreach ina dhiaidh seo d'fheidhmiú maidir le talamh a bheas cláraithe faoi na hAchta um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, déanfar, nuair is iomchuí sin, an feidhmiú sin d'fhógairt don údarás cláraitheachta faoi na hAchta sin agus, ar an bhfógra sin d'fháil, cuirfidh an t-údarás cláraitheachta sin faoi ndear na sonraí iomchuí a thaifeadadh sa bhfólio iomchuí.

(19) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoin alt seo nó faoi cheachtar den dá alt díreach ina dhiaidh seo ná ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeacht i gClárlann na Talún faoi fho-alt (14) den alt seo.

(20) San alt seo, folaíonn aon tagairt do dhiúscairt chun críocha poiblí diúscairt chun Coimisiún na Talún agus diúscairt chun críocha a bhaineas le hoideachas, siamsa nó caitheamh aimsire a thabhairt d'aon ghrúpa, comhlachas nó aicme daoine.

(21) Leasaítear leis seo fo-alt (2) agus fo-alt (3) d'alt 32 den Acht Talún, 1933, agus mír (a) d'fho-alt (6) d'alt 39 den Acht Talún, 1939, trí na focail “i gcóir áititheoirí sráid-bhailte, bailte nó cathracha nó i gcóir scoileanna” a scrios.

(22) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) d'alt 69 den Acht Talún, 1923, d'fho-alt (1) den alt sin d'fhorléiriú mar thagairt don alt seo.

(23) Chun amhrais a sheachaint agus gan dochar don Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , achtaítear leis seo mar leanas:—

(a) aon tagairt (sonrach nó eile) atá in aon fhoráil arna déanamh in aon Acht, nó faoi aon Acht, seachas an tAcht seo, do leasú nó leathnú de bhuaidh ailt 33 den Acht Talún, 1933, forléireofar í mar thagairt do leasú nó leathnú de bhuaidh an ailt seo, agus

(b) ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar ná difir d'aon abhar ná imeacht a bhaineas le haon achtachán dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bheas ar feitheamh tráth an Achta seo a rith ná d'aon deimhniú a bheas tugtha roimh an Acht seo a rith maidir leis an abhar nó leis an imeacht.

Forála maidir le hiontaobhais áirithe.

31. —(1) I gcás—

(a) aon iontaobhas a bhunú, roimh an Acht seo a rith, chun aon chríche de na críocha dá dtagartar in alt 4 den Irish Land Act, 1903, agus in alt 18 den Irish Land Act, 1909, arna leathnú le halt 30 den Acht seo, pé acu d'fholaigh nó nár fholaigh an t-iontaobhas aon chríoch nach dtagartar di amhlaidh, agus

(b) nach iontaobhas é ar ceapadh nó ar ceadaíodh scéim ina leith faoi alt 20 den Irish Land Act, 1903, nó faoi alt 18 den Irish Land Act, 1909, agus

(c) ionstraim bhunuithe an iontaobhais dá fhoráil aon fheidhm áirithe a bheith le feidhmiú ag Coimisiún na Talún, agus

(d) an tAire a bheith sásta, ag féachaint do chineál an iontaobhais, gur ceart forála an ailt seo a theacht i ngníomh maidir leis an iontaobhas,

beidh éifeacht ag na forála a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo d'ainneoin aon ní in ionstraim bhunuithe an iontaobhais nó in aon fhoráil eile arna déanamh le haon Acht nó faoi.

(2) Is iad seo a leanas na forála dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:—

(a) féadfaidh Coimisiún na Talún, trí fhógrán san Iris Oifigiúil agus in eisiúint amháin ar a laghad de nuachtán a foilsítear agus a léitear sa chontae ina bhfuil an talamh lena mbaineann an t-iontaobhas nó mura bhfuil aon nuachtán den tsórt sin ann, de nuachtán laethúil a foilsítear sa Stát agus a léitear sa chontae sin, fógra d'fhoilsiú á rá—

(i) go mbeartaítear feidhm a thabhairt maidir leis an iontaobhas d'fhorála ailt 30 den Acht seo, agus

(ii) go bhféadfaidh aon duine a mbeidh agóid aige i gcoinne an bheartuithe ráiteas ar a agóid a thabhairt do Choimisiún na Talún aon uair roimh dháta sonraithe (nach luaithe ná mí tar éis foilsiú an fhógra a bheith críochnaithe),

(b) gach agóid den tsórt sin a déanfar go cuí, breithneoidh na Coimisinéirí Tuatha í agus bhéarfaid breith uirthi ach beidh ceart achomhairc chun an Bhinse Achomhairc agus is breith chríochnaitheach breith an Bhinse Achomhairc ach amháin go luífidh achomharc chun na Cúirte Uachtaraí ar cheisteanna dlí,

(c) i gcás gan aon agóid den tsórt sin a dhéanamh nó i gcás gach agóid a déanfar a tharraingt siar nó, ar an gcinneadh críochnaitheach a thabhairt uirthi, a dhiúltú, féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm a thabhairt maidir leis an iontaobhas d'fhorála ailt 30 den Acht seo le pé modhnuithe (más ann dóibh) is cuí leis, agus, chuige sin, measfar gur scéim a ceapadh nó a ceadaíodh faoi alt 20 den Irish Land Act, 1903, an t-iontaobhas.

An tAire do cheapadh iontaobhaithe nua.

32. —(1) I gcás—

(a) aon iontaobhas nó scéim, seachas scéim lena mbaineann alt 30 den Acht seo, a bhunú, roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, faoi aon fhoráil de na hAchta, Talamh-Cheannaigh nó ar shlí eile, agus

(b) ionstraim bhunuithe an iontaobhais nó na scéime dá fhoráil aon fheidhm áirithe maidir le ceapadh iontaobhaithe a bheith le comhlíonadh ag an Aire nó ag Coimisiún na Talún,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, d'ainneoin aon fhorála eile arna déanamh le hionstraim chruthnuithe an iontaobhais nó leis an scéim nó le haon Acht nó faoi:—

(i) féadfaidh an tAire le scríbhinn faoina láimh aon iontaobhaí nó iontaobhaithe nua a cheapadh chun críocha an iontaobhais nó na scéime,

(ii) oibreoidh an scríbhinn sin, pé acu bheas nó nach mbeidh aon dearbhú dílsithe inti, chun gach eastát nó leas in aon talamh nó airnéis a bheas faoi réir an iontaobhais nó na scéime, agus chun gach ceart gnóthuithe agus glactha aon fhéich nó abhair i gcaingean a bheas faoina réir sin, a dhílsiú sa phearsa nó sna pearsain a bheas ceaptha ina iontaobhaí nua nó ina n-iontaobhaithe nua mar nasc-thionónta nó nasc-thionóntaí maraon leis an iontaobhaí láithreach nó leis na hiontaobhaithe láithreacha (nó, mura bhfuil aon iontaobhaí láithreach ann, sna pearsain sin mar nasc-thionóntaí) agus chun críocha an iontaobhais nó na scéime.

(2) Má rinne nó má d'airbheartaigh Coimisiún na Talún, le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh an Acht seo a rith, aon iontaobhaí nó iontaobhaithe nua a cheapadh, beidh ag an ionstraim, agus measfar go raibh riamh aici, an éifeacht chéanna a bheadh aici dá mbeadh an t-alt seo tagtha i ngníomh sar ar forghníomhaíodh an ionstraim agus dá mba é an tAire d'fhorghníomhaigh í.