An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICE CHUN CANACHAS DUBALTA A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIOMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR EASTAIT DAOINE MARBHA.)

18 1950

AN tACHT AIRGEADAIS, 1950

CUID VII.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Cuntas na Malairte Coigríche.

20. —(1) San alt seo, tá leis na habairtí “an tAire,” “an Cuntas”, “malairt choigríche,” agus “urrús coigríche” agus leis na focail “ór” agus “urrús” na bríonna atá leo faoi seach in alt 49 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ).

(2) Féadfaidh an tAire aon mhalairt choigríche ar teachtadh de thuras na huaire chun creidiúna an Chuntais d'infheistiú tríd an malairt choigríche sin a chur ar taisce ús-thorthach le foras bancaeireachta nó trí urrúis a cheannach a bheas eisithe nó ráthaithe ag Rialtas na tíre ina mbeidh an mhalairt sin ar teachtadh.

(3) Déanfar ioncam a thiocfas as aon infheistíocht faoi fho-alt (2) den alt seo a theachtadh chun creidiúna an Chuntais.

(4) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, aon tsuim d'íoc isteach sa Chuntas a gheobhas sé i leith na nglanfháltas as aon ór, malairt choigríche nó urrús coigríche a dhíol nó a dhiúscairt thar a cheann nó faoi ordachán uaidh nó faoina údarás do réir aon fhorála arna déanamh le reacht nó faoi reacht.

(5) Déanfar gach ceann de na tagairtí i bhfo-alt 10 d'alt 49 den Acht Airgeadais, 1941 , do na forála roimhe sin den alt sin d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairt do na forála roimhe seo den alt seo.

(6) Measfar fo-ailt (1) go (5) den alt seo a theacht i ngníomh ar an gCuntas a bhunú.

An Ciste Forbartha Idirlinne.

21. —(1) Is é dáta is déanaí chun an Ciste Forbartha Idirlinne d'fhorceannadh ná an 31ú lá de Mhárta, 1951, in ionad an dáta, an 31ú lá de Mhárta, 1950, a hordaíodh in alt 29 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh 13 de 1949 ).

(2) Íocfar isteach sa Chiste Forbartha Idirlinne, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, suim nach mó ná dhá mhilliún punt.

(3) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1950.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn an abairt “an Cuntas” an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla a bunófar de bhun fo-ailt (2) den alt seo;

ciallaíonn an abairt “an bhlianacht” an tsuim a muirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo;

ciallaíonn an abairt “seirbhísí caipitiúla” seirbhísí vótálta a n-íocfar astu trí iasachta.

(2) Bunófar cuntas faoi rialú an Aire dá ngairmfear an Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

(3) Déanfar suim £655,432 chun fuascailte iasacht maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951.

(4) Íocfar an bhlianacht isteach sa Chuntas ina tráthchoda comhionanna leathbhliantúla.

(5) Féadfar aon mhéid den bhlianacht, nach mó na £423,979 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(6) Déanfar iarmhéid na blianachta d'úsáid in aon tslí nó slite acu seo a leanas:

(a) chun stoc rialtais a cheannach lena chealú,

(b) chun airleacain mhodha agus mheán nó isachta sealadacha eile a gheobhas an Stát-Chiste d'aisíoc,

(c) é d'íoc isteach i bPríomh-Chuntas Cúltaca Chiste Chúltaca na gCairteacha Coigiltis,

(d) in aon tslí eile do ghlanadh an príomh-dhliteanais i leith an fhéich phoiblí,

(e) é d'infheistú in urrúis rialtais nó in aon tslí eile inar féidir airgead Bhanc Taisce an Phoist d'infheistiú.

(7) Féadfar infheistíochta a bheas ar teachtadh don Chuntas a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile agus déanfar glan-fháltais an díola nó an diúscartha d'úsaid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(8) Déanfar an t-ioncam as aon infheistíocht a bheas ar teachtadh don Chuntas d'úsáid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den alt seo.

(9) A luaithe is féidir tar éis gach bliana airgeadais, ullmhófar cuntas ar an gCuntas i leith na bliana sin agus iniúchóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste é agus leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é.

Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

23. —D'fhonn airgead a sholáthar faoi chomhair muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim trí chéad míle punt d'aistriú go dtí an Stát-Chiste agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1951, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1950, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.