|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Coiste na mBan Cabhartha.) |
ACHT NA nALTRAN, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. An Bord Altranais. | |
[EN] |
Bunú an Bhoird. |
7. —(1) Ar an dáta bunuithe déanfar bord dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an Bord Altranais a bhunú de bhuaidh an ailt seo. |
[EN] | (2) Beidh an Bord ina gcomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus beidh de chumhacht acu agra a dhéanamh agus a bheith inagra faoina n-ainm chorpraithe agus talamh a theachtadh agus a dhiúscairt. | |
[EN] |
Séala an Bhoird. |
8. —(1) Soláthróidh an Bord séala dhóibh féin agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimniú le síniú uachtarán an Bhoird nó chomhalta éigin eile den Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin. |
[EN] | (2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird, agus gach doiciméad a airbheartós bheith ina ionstraim a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartós a bheith arna dhílse-dheimhniú do réir an ailt seo) an Bhoird, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb í an ionstraim sin atá ann gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthaítear a mhalairt. | |
[EN] |
Líon comhaltaí an Bhoird. |
9. —Triúr is fiche an líon comhaltaí a bheas ar an mBord. |
[EN] |
Bliain toghcháin. |
10. —Is iad is blianta toghcháin chun críocha an Achta seo— |
[EN] | (a) an dara bliain i ndiaidh na bliana ina dtitfidh an dáta bunuithe; agus | |
[EN] | (b) gach cúigiú bliain as a chéile dá éis sin. | |
[EN] |
Ceapadh sealadach comhaltaí den Bhord ag an Aire. |
11. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe, deichniúr (is daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an gclár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó daoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944) a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord i dteannta an trí dhuine dhéag a luaitear in alt 12 den Acht seo. |
[EN] | (2) Ar na daoine a ceapfar faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) beidh duine ag a mbeidh taithí ar altranas sláinte poiblí; | |
[EN] | (b) beidh beirt ina ndaoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944; | |
[EN] | (c) beidh beirt a bheas cáilithe in altranas meabhair-ghalar; | |
[EN] | (d) beidh triúr ina ndaoine a mbeidh a n-ainmneacha sa chuid ghinearálta den chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, agus taithí acu ar dhaoine d'oiliúint le haghaidh altranais; | |
[EN] | (e) beidh duine ag a mbeidh taithí ar altranas príobháideach; agus | |
[EN] | (f) beidh duine a bheas ag gabháil d'altranas in ospidéal nach ospidéal oiliúna. | |
[EN] |
Ceapadh comhaltaí den Bhord ag an Aire. |
12. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe agus roimh an 1ú lá de Nollaig i ngach bliain toghcháin, trí dhuine dhéag a cheapadh ina gcomhaltaí den Bhord. |
[EN] | (2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord— | |
[EN] | (a) (i) beidh duine acu ina dhuine atá nó a bhí ina mháistir ar ospidéal máithreachais, nó ina mháistir cúnta ar ospidéal máithreachais, | |
[EN] | (ii) beidh beirt acu ina lia-chleachtóirí a bheas ag gabháil d'oiliúint altraí in ospidéil oiliúna, | |
[EN] | (iii) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a mbeidh taithí aige i ndáil le haltranas meabhair-ghalar, | |
[EN] | (iv) beidh duine acu ionadaitheach do lia-chleachtóirí ginearálta, | |
[EN] | (v) beidh duine acu ina lia-oifigeach sláinte, | |
[EN] | (vi) beidh duine acu ina dhuine ag a mbeidh taithí speisialta ar chúrsaí oideachais, | |
[EN] | (vii) beidh duine acu ionadaitheach do chomhairlí contae, agus | |
[EN] | (viii) beidh duine acu ionadaitheach do chomhairlí contae-bhuirgí; agus | |
[EN] | (b) beidh beirt acu ina ndaoine is altraí, daoine a mbeidh a n-ainmneacha sa chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó daoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944. | |
[EN] | (3) Sar a ndéana sé na daoine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a cheapadh, raghaidh an tAire i gcomhairle le pé eagrais nó comhluchta is dóigh leis a bheith oiriúnach chun é a chomhairliú i dtaobh na gceapachán, ach más dóigh leis an Aire nach bhfuil aon eagras ná comhlucht oiriúnach ann atá cáilithe chun é a chomhairliú i dtaobh aon cheapacháin áirithe déanfaidh sé an ceapachán sin gan comhairle a ghlacadh. | |
[EN] |
Comhaltaí den Bhord a thoghadh. |
13. —(1) Déanfaidh altraí, roimh an 1ú lá de Nollaig i ngach bliain toghcháin, deichniúr (is altraí) a thoghadh ina gcomhaltaí den Bhord. |
[EN] | (2) Ar na daoine a toghfar faoi fho-alt (1) den alt seo— | |
[EN] | (a) beidh duine a bheas ina dhuine ag a mbeidh an cháilíocht nó an taithí a bheas ordaithe in altranas sláinte poiblí; | |
[EN] | (b) beidh beirt a bheas ina ndaoine ag a mbeidh an cháilíocht nó an taithí a bheas ordaithe in asaoideacht, | |
[EN] | (c) beidh beirt a bheas ina ndaoine ag a mbeidh an cháiliocht nó an taithí a bheas ordaithe in altranas meabhairghalar; | |
[EN] | (d) beidh triúr a bheas ina n-altraí oiliúna ginearálta ag a mbeidh an taithí a bheas ordaithe ar altraí d'oiliúint, | |
[EN] | (e) beidh duine ag a mbeidh an taithí a bheas ordaithe ar altranas príobháideach; | |
[EN] | (f) beidh duine a bheas ag gabháil d'altranas in ospidéal nach ospidéal oiliúna. | |
[EN] | (3) Ní foláir gach toghchán faoin alt seo a dhéanamh do réir rialacha. | |
[EN] |
Téarmaí oifige comhaltaí an Bhoird. |
14. —(1) Tosnóidh téarma oifige comhalta den Bhord— |
[EN] | (a) i gcás céad-chomhalta, ar an dáta bunuithe; | |
[EN] | (b) i gcás comhalta a bheas ag líonadh corrfholúntais, an lá a comhthoghfar nó a ceapfar é; agus | |
[EN] | (c) i ngach cás eile, an lú lá d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana toghcháin iomchuí. | |
[EN] | (2) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as nó é a chur as oifig, críochnóidh téarma oifige comhalta den Bhord an 31ú lá de Nollaig sa chéad bhliain toghcháin tar éis tosach a théarma oifige. | |
[EN] | (3) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheas ag dul as oifig nó duine a bhí ina chomhalta den Bhord bheith ina chomhalta den Bhord athuair. | |
[EN] |
Comhaltaí den Bhord d'éirí as. |
15. —Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den Bhord trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin. |
[EN] |
Uachtarán an Bhoird. |
16. —(1) Déanfaidh an Bord, ag an gcéad chruinniú a bheas acu tar éis an 1ú lá d'Eanáir gach bliain, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina uachtarán ar an mBord. |
[EN] | (2) I gcás oifig uachtarán an Bhoird a theacht chun bheith folamh ar shlí seachas trí chríochnú téarma oifige uachtaráin, déanfaidh an Bord, ag a gcéad chruinniú eile, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] | (3) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó é d'éirí as oifig an uachtaráin nó é do scor de bheith ina uachtarán faoi fho-alt (5) den alt seo, beidh gach uachtarán ar an mBord i seilbh oifige mar uachtarán go dtí an chéad toghchán eile faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (4) Féadfaidh uachtarán an Bhoird, tráth ar bith, éirí as a oifig mar uachtarán trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as í dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin. | |
[EN] | (5) Má scoireann uachtarán an Bhoird, le linn a théarma oifige mar uachtarán, de bheith ina chomhalta den Bhord, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] | (6) Má tharlann ag toghadh uachtarán an Bhoird go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] |
Cruinnithe agus nós imeachta an Bhoird. |
17. —(1) Tionólfaidh an Bord cruinniú amháin ar a laghad gach ráithe sa bhliain agus tionólfaid freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. |
[EN] | (2) Naonúr is córam do chruinniú den Bhord. | |
[EN] | (3) Gníomhóidh uachtarán an Bhoird mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Bhord ag a mbeidh sé i láthair. | |
[EN] | (4) Le linn uachtarán an Bhoird a bheith as láthair ó aon chruinniú den Bhord nó má tharlann, nuair a tionólfar aon chruinniú den Bhord, nach mbeidh aon duine i seilbh oifige mar uachtarán ar an mBord, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheas i láthair duine dhíobh féin a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire agus, má tharlann ag an toghadh sin go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó nios mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire. | |
[EN] | (5) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe, ach amháin nuair is é toghadh uachtarán an Bhoird an cheist. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí. | |
[EN] | (7) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Bord, le rialacháin, nós imeachta an Bhoird. | |
[EN] | (8) Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit an chéad chruinnithe den Bhord a shocrú. | |
[EN] |
Coistí den Bhord. |
18. —Féadfaidh an Bord, le rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir bunú, feidhmeanna agus nós imeachta (lena n-áirítear córam) coistí den Bhord, agus féadfaidh na rialacha a údarú daoine seachas comhaltaí den Bhord a cheapadh ina gcomhaltaí de na coistí, agus féadfaid socrú a dhéanamh i gcóir tarmligean aon chumhacht, feidhmeanna nó dualgas de chuid an Bhoird chun coiste nó coistí den Bhord nó chun coiste nó coistí faoin mBord. |
[EN] |
Corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird. |
19. —(1) Aon fholúntas a tharlós i gcomhaltas an Bhoird de bhíthin comhalta d'éag, d'éirí as nó a chur as oifig, líonfar é— |
[EN] | (a) i gcás an comhalta is siocair leis an bhfolúntas a bheith arna thoghadh ina chomhalta den Bhord, trí chomhthoghadh arna dhéanamh ag na daoine eile a toghadh ina gcomhaltaí den Bhord, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le toghadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, trí cheapadh arna dhéanamh ag an Aire, faoi réir na sriantacht céanna (más ann) a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas. | |
[EN] | (2) Aon duine a comhthoghfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar ina dhiaidh sin é d'áireamh, chun críocha na míre seo, mar dhuine a toghadh ina chomhalta den Bhord. | |
[EN] |
Comhalta den Bhord a chur as oifig. |
20. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Bhord a chur as oifig. |
[EN] |
Cumhacht chun rialacha a dhéanamh. |
21. —(1) Féadfaidh an Bord rialacha a dhéanamh— |
[EN] | (a) maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud is ábhar do rialacha, agus | |
[EN] | (b) go ginearálta chun an tAcht seo a chur in éifeacht, agus féadfaidh aon rialacha a déanfar amhlaidh foirmeacha d'ordú a bheas le húsáid ar na hócáidí a sonrófar iontu. | |
[EN] | (2) Ní bheidh éifeacht ag rialacha a déanfar faoin alt seo mura ndéana ná go dtí go ndéanfaidh an tAire iad a cheadú. | |
[EN] |
Tuarascáil bhliantúil ón mBord. |
22. —(1) Déanfaidh an Bord, roimh an 1ú lá d'Aibreán i ngach bliain, tuarascáil d'ullmhú agus d'fhoilsiú ar a n-imeachta sa bhliain roimhe sin (dá ngairmtear an tuarascáil san alt seo), agus beidh sa tuarascáil pé sonraí a ordós an tAire, |
[EN] | (2) Déanfaidh an Bord— | |
[EN] | (a) cóipeanna den tuarascáil a choimeád ar fáil lena gceannach nó lena n-iniúchadh ina bpríomh-oifig, | |
[EN] | (b) pé méid cóipeanna den tuarascáil a theastós ón Aire a thabhairt don Aire, agus | |
[EN] | (c) cóip den tuarascáil a thabhairt do gach údarás sláinte. | |
[EN] |
Comhaltaí an Bhoird a chur as oifig. |
23. —(1) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis nár chomhlíon an Bord aon fheidhm áirithe a ceangaltar orthu leis an Acht seo a chomhlíonadh, a cheangal ar an mBord, le hordú, an fheidhm sin a chomhlíonadh agus déanamh do réir pé ordachán a bhéarfar san ordú. |
[EN] | (2) Mura gcomhlíona an Bord, laistigh de thréimhse a shonrós an tAire, ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí an Bhoird a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Aon ordú a déanfar faoin alt seo, féadfaidh pé forála a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh d'ainneoin na comhaltaí a chur as oifig, agus féadfaidh sé, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon fhorála den Acht seo, ní oibreoidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo chun comhalta den Choiste a chur as a oifig mar chomhalta den tsórt sin mura ndéana an t-ordú go sainráite é a chur as oifig amhlaidh. | |
[EN] |
Eileamh táillí ag an mBord. |
24. —Féadfaidh an Bord, agus má ordaíonn an tAire dhóibh é déanfaid, do réir rialacha, táillí d'éileamh as aon chlárú, deimhniú, cúrsaí teagaisc, scrúduithe nó seirbhisí a húdaraítear leis an Acht seo nó a húdarófar faoi. |
[EN] |
Caiteachais chomhaltaí den Bhord, den Choiste nó d'aon choiste eile den Bhord. |
25. —Féadfaidh an Bord a chaiteachais taistil nó chothuithe d'íoc le comhalta a fhreastalós cruinniú den Bhord, den Choiste nó de choiste eile den bhord, agus beidh na híocaíochta do réir scála a cheádós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. |