|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Bord Altranais.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Oifigigh agus Seirbhisigh an Bhoird.) |
ACHT NA nALTRAN, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Coiste na mBan Cabhartha. | |
[EN] |
An Coiste a bhunú. |
26. —Ar an dáta bunuithe déanfar coiste faoin mBord, dá ngairmfear agus ar a dtabharfar Coiste na mBan Cabhartha, a bhunú de bhuaidh an ailt seo. |
[EN] |
Líon comhaltaí an Choiste. |
27. —Ochtar an líon comhaltaí a bheas ar an gCoiste. |
[EN] |
Ceapadh sealadach comhaltaí den Choiste ag an Aire. |
28. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe, cúigear a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste i dteannta an triúr a luaitear in alt 29 den Acht seo. |
[EN] | (2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste— | |
[EN] | (a) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 12 den Acht seo; | |
[EN] | (b) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a bheas ag gabháil do lia-chleachtadh i scoil oiliúna mháithreachais in áit seachas i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath; | |
[EN] | (c) beidh duine acu ina lia-chleachtóir ginearálta ag a mbeidh taithí ar asaoideolaíocht; | |
[EN] | (d) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi fho-mhír (v) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo; agus | |
[EN] | (e) beidh duine acu ina dhuine a bheas ceaptha chun an Bhoird agus a ceapadh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Acht seo. | |
[EN] |
Ceapadh comhaltaí den Choiste ag an Aire. |
29. —(1) Déanfaidh an tAire, roimh an dáta bunuithe agus roimh an 31ú lá de Mhárta i ngach bliain i ndiaidh bliana toghcháin, triúr a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste. |
[EN] | (2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste— | |
[EN] | (a) beidh duine acu ina lia-chleachtóir, agus | |
[EN] | (b) beidh beirt acu— | |
[EN] | (i) i gcás daoine a ceapadh roimh an dáta bunuithe, ina ndaoine a bheas cláraithe faoi Acht 1944, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ina mná cabhartha. | |
[EN] |
Ceapadh comhaltaí den Choiste ag an mBord. |
30. —(1) Déanfaidh an Bord, roimh an 31ú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh gach bliana toghcháin, cúigear a cheapadh ina gcomhaltaí den Choiste. |
[EN] | (2) I gcás daoine a cheapadh faoin alt seo chun bheith ina gcomhaltaí den Choiste— | |
[EN] | (a) beidh duine acu ina chomhalta den Bhord a bheas ceaptha faoi fho-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo; | |
[EN] | (b) beidh duine acu ina lia-chleachtóir a bheas ag gabháil do lia-chleachtadh i scoil oiliúna mháithreachais in áit seachas i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath; | |
[EN] | (c) beidh duine acu ina lia-chleachtóir ginearálta ag a mbeidh taithí ar asaoideolaíocht; | |
[EN] | (d) beidh duine acu ina chomhalta den Bhord a bheas ceaptha faoi fho-mhír (v) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 12 den Acht seo; agus | |
[EN] | (e) beidh duine acu ina chomhalta tofa den Bhord agus í ina bean chabhartha. | |
[EN] |
Téarmaí oifige comhaltaí an Choiste. |
31. —(1) Tosnóidh téarma oifige comhalta den Choiste— |
[EN] | (a) i gcás céad-chomhalta, ar an dáta bunuithe; | |
[EN] | (b) i gcás comhalta a bheas ag líonadh corrfhoiúntais, an lá a ceapfar é; agus | |
[EN] | (c) i ngach cás eile, an lú lá d'Aibreán sa bhliain i ndiaidh na bliana toghcháin iomchuí. | |
[EN] | (2) Mura dtarlaí roimhe sin é d'éag, é d'éirí as nó é a chur as oifig, nó, i gcás comhalta is comhalta den Bhord freisin, é a theacht chun bheith dícháilithe de bhun ailt 38 den Acht seo maidir le bheith ina chomhalta den Bhord, críochnóidh téarma oifige comhalta den Choiste ar an 31ú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh na chéad bhliana toghcháin tar éis tosach a théarma oifige. | |
[EN] |
Comhaltaí den Choiste d'éirí as. |
32. —(1) Féadfaidh comhalta den Choiste nach comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den Choiste trí litir a chur leis an bpost cláraithe chun an Choiste, agus beidh éifeacht ag an éirí as i dtosach an chéad chruinnithe den Choiste a tionólfar tar éis an litir sin d'fháil, mura ndéantar an éirí as a tharraing siar roimh an gcruinniú sin. |
[EN] | (2) Cuirfidh an Coiste an éirí as sin in iúl don Bhord. | |
[EN] | (3) Cuirfidh an Coiste an éirí as sin in iúl don Aire i gcás comhalta a bheas ceaptha ag an Aire. | |
[EN] |
Cathaoirleach an Choiste. |
33. —Beidh an comhalta den Choiste a ceapadh faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 30 den Acht seo ina chathaoirleach ar an gCoiste, nó, má scoireann seisean de bheith ina chomhalta den Choiste, beidh an duine a ceapfar ina ionad ina chathaoirleach ar an gCoiste. |
[EN] |
Cruinnithe agus nós imeachta an Choiste. |
34. —(1) Tionólfaidh an Coiste cruinniú amháin ar a laghad i ngach ráithe sa bhliain, agus tionólfaid freisin pé cruinnithe eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go cuí. |
[EN] | (2) Faoi réir fo-ailt 3 den alt seo is triúr is córam do chruinniú den Choiste. | |
[EN] | (3) Le haghaidh aon tsaghas áirithe gnótha nó chun aon chríche áirithe, féadfaidh an Coiste líon is mó ná triúr a shocrú mar chóram do chruinniú. | |
[EN] | (4) Gníomhóidh cathaoirleach an Choiste mar chathaoirleach ar gach cruinniú den Choiste ag a mbeidh sé i láthair. | |
[EN] | (5) Le linn cathaoirleach an Choiste a bheith as láthair ó aon chruinniú den Choiste nó má tharlann, nuair a tionólfar aon chruinniú den Choiste, nach mbeidh aon duine i seilbh oifige mar chathaoirleach ar an gCoiste, déanfaidh na comhaltaí den Choiste a bheas i láthair duine dhíobh féin a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire agus, má tharlann ag an toghadh sin go mbeidh comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú de thuras na huaire, | |
[EN] | (6) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú den Choiste a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhoiread vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí. | |
[EN] | (8) Faoi réir forál an Achta seo, rialóidh an Coiste, le rialacha, nós imeachta an Choiste. | |
[EN] |
Corrfholúntais i gcomhaltas an Choiste. |
35. —Aon fholúntas a tharlós i gcomhaltas an Choiste de bhíthin comhalta d'éag, d'éirí as, a dhícháiliú nó a chur as oifig, líonfar é— |
[EN] | (a) i gcás an comhalta is siocair leis an bhfolúntas a bheith arna cheapadh ag an mBord, trí cheapadh arna dhéanamh ag an mBord, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, trí cheapadh arna dhéanamh ag an Aire, faoi réir na sriantachta céanna a bhain le ceapadh an chomhalta is siocair leis an bhfolúntas. | |
[EN] |
Comhalta den Choiste a chur us oifig. |
36. —Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon chomhalta den Choiste a chur as oifig. |
[EN] |
Comhairle ón gCoiste. |
37. —Bhéarfaidh an Coiste comhairle don Bhord ar pé nithe a tharchuirfeas an Bord chucu. |
[EN] |
Dícháiliú comhalta den Choiste. |
38. —I gcás comhalta den Choiste, a bheas ina chomhalta den Bhord freisin, a scor de bheith ina chomhalta den Bhord, ar shlí seachas de bhíthin a théarma oifige a chríochnú i ndeireadh bliana toghcháin, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh láithreach de bheith, ina chomhalta den Choiste. |