An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Oifigigh agus Seirbhisigh an Bhoird.) Ar Aghaidh (CUID VI. Forala Airgeadais.)

27 1950

ACHT NA nALTRAN, 1950

CUID V.

Altranas.

Clár na n-altran.

41. —(1) Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, clár d'altraí a choimeád a roinnfear sna ranna a sonrófar sna rialacha sin agus beidh ar na ranna sin roinn a bhainfeas le mná cabhartha.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do chlár na n-altran, measfar, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, go bhfolaíonn sí tagairt d'aon roinn den chlár agus léireofar na focail “cláraithe” agus “clárú” dá réir sin.

(3) Foilseoidh an Bord clár na n-altran nó aon roinn nó ranna den chlár sin pé tráthanna agus i pé slí a ordós an tAire.

(4) Aon athrú a déanfar ar ainm nó seoladh altran, cuirfidh an altra in iúl don Bhord é.

(5) Déanfaidh an Bord pé bearta is dóigh leo is gá ó am go ham chun a áirithiú go bhfuil ainmneacha agus seolta daoine atá cláraithe i gclár na n-altran go cruinn sa chlár sin.

Clárú i gclár na n-altran.

42. —(1) Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, gach duine a chlárú i gclár na n-altran a chruthós chun sástachta an Bhoird go gcomhlíonann sé na coinníollacha ordaithe maidir leis an gclárú sin.

(2) Féadfaidh an Bord, faoi réir na gcoinníoll a bheas ordaithe, duine a chlárú i níos mó ná roinn amháin de chlár na n-altran.

Daoine áirithe a hoileadh lasmuigh den Stát a chlárú.

43. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, duine a chlárú i gclár na n-altran a chruthós chun sástachta an Bhoird go ndeachaigh sé, lasmuigh den Stát, faoi pé cúrsaí oiliúna, agus gur ghnóthaigh pé scrúduithe, a sonrófar chun críocha an ailt seo san rialacha.

Rialacha maidir le deimhnithe cláruithe a dheonadh, le suaitheantais agus éidí altran, agus le deimhnithe cláruithe agus deimhnithe a heisíodh faoi Acht 1944 a thabhairt thar n-ais agus a chealú.

44. —Féadfaidh an Bord, le rialacha, socrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas —

(a) deimhnithe (dá ngairmtear deimhnithe cláruithe san alt seo) d'eisiúint chun daoine atá cláraithe i gclár na n-altran,

(b) na héidí agus na suaitheantais a fhéadfas altraí atá cláraithe in aon roinn de chlár na n-altran a chaitheamh, agus

(c) deimhnithe cláruithe agus deimhnithe a heisíodh faoi Acht 1944 a thabhairt thar n-ais agus a chealú.

Ainm a bhaint de chlár na n-altran.

45. —(1) Féadfaidh an Bord, do réir rialacha agus faoi réir ailt 46 den Acht seo, ainm duine a bhaint de chlár na n-altran, nó de roinn nó ranna de chlár na n-altran, agus, i gcás ainm mná cabhartha a bhaint de, cuirfid sin in iúl do gach údarás maoirseachta áitiúil agus don Aire.

(2) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo forálfaid, go háirithe, go ndéanfar, i gcás ina mbeartófar ainm duine ar bith a bhaint de roinn de chlár na n-altran, seachas roinn na mban cabhartha, imeachta chuige sin a thionscnamh os comhair an Bhoird, agus go mbeidh caoi ag an gcosantóir, sna himeachta sin, ar fhreagra a thabhairt ar na líomhaintí a rinneadh i gcoinne an chosantóra.

(3) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo ordóid na fátha ar a bhféadfar, agus na coinníollacha faoin bhféadfar, ainm altran a bhaint de roinn de chlár na n-altran, seachas roinn na mban cabhartha, agus féadfar rialacha difriúla a dhéanamh faoin alt seo maidir le hainmneacha a bhaint de ranna difriúla de chlár na n-altran.

Ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha.

46. —(1) Féadfaidh an Coiste, do réir rialacha, a mholadh don Bhord go mbainfear ainm mná cabhartha de roinn na mban cabhartha agus bhéarfaidh an Bord éifeacht don mholadh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord, ach amháin ar mholadh an Choiste, ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha.

(3) Na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo forálfaid, go háirithe, go ndéanfaidh an Coiste, sar a bhfeidhmeoid a gcumhachta faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le bean chabhartha, caoi a thabhairt don bhean chabhartha ar na cúisimh a rinneadh ina coinne d'fhreagairt os a gcomhair.

(4) Faoi réir forál an Acht seo, ordóidh na rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo na fátha ar a bhféadfaidh, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh, an Coiste a mholadh go mbainfear ainm mná cabhartha de roinn na mban cabhartha.

(5) Má mholann an Coiste ainm mná cabhartha a bhaint de roinn na mban cabhartha, féadfaid a mholadh freisin don Bhord go bhfeidhmeoidh an Bord a gcumhachta faoi fho-alt (1) d'alt 30 d'Acht 1944 agus feidhmeoidh an Bord na chumhachta sin dá réir sin.

Ainm a chur thar n-ais i gclár na n-altran.

47. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha agus faoi réir ailt 48 den Acht seo, ainm duine ar baineadh a ainm de chlár na n-altran a chur thar n-ais i gclár na n-altran ar aon chúis is leor leo.

Ainm a chur thar n-ais i roinn na mban cabhartha.

48. —(1) Féadfaidh an Coiste a mholadh don Bhord go gcuirfear ainm duine thar n-ais i roinn na mban cabhartha agus bhéarfaidh an Bord éifeacht don mholadh sin.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ainm duine a chur thar n-ais i roinn na mban cabhartha ach amháin ar mholadh an Choiste nó de bhun míre (c) d'fho-alt (3) d'alt 49 den Acht seo.

Achomhairc ón mBord nó ón gCoiste.

49. —(1) Má déantar, faoin Acht seo, ainm duine a bhaint de chlár na n-altran, nó má dhiúltaíonn an Coiste a mholadh go gcuirfear ainm duine thar n-ais i roinn na mban cabhartha nó má dhiúltaíonn an Bord ainm duine a chlárú i gclár na n-altran nó má dhiúltaíonn ainm duine a chur thar n-ais i gclár na n-altran, féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh i gcoinne breithe an Bhoird nó an Choiste, pé acu é, chun na hArd-Chúirte nó chun an Aire (ach ní fhéadfaidh chucu araon) laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a cuirfear in iúl don duine gur baineadh an ainm den chlár amhlaidh nó gur tugadh diúltú amhlaidh, pé acu é.

(2) Beidh an bhreith ón Ard-Chúirt nó ón Aire (pé acu é) ar achomharc faoin alt seo ina breith chríochnaitheach.

(3) Má éiríonn le hachomharc faoin alt seo—

(a) i gcás achomhairc chun na hArd-Chúirte, féadfaidh an chúirt costais a dhámhachtain i gcoinne an Bhoird,

(b) bhéarfaidh an Bord (más chun na hArd-Chúirte a rinneadh an t-achomharc) fógra don Aire i dtaobh toradh an achomhairc, agus má ba bhean chabhartha an t-achomharcóir bhéarfaid fógra i dtaobh toradh an achomhairc do gach údarás maoirseachta áitiúil lena mbainfidh,

(c) déanfaidh an Bord, do réir mar is gá sa chás, ainm an achomharcóra a chur thar n-ais i gclár na n-altran nó ainm an achomharcóra a chlárú i gclár na n-altran, agus

(d) féadfaidh an Bord, más oiriúnach leo é, pé suim d'íoc leis an achomharcóir a mheasfaid a bheith ina cúiteamh réasúnach in aon chailliúint chleachta a bhain don achomharcóir idir dáta na breithe ón mBord agus dáta an achomhairc a chinneadh.

Rialacha i gcóir cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

50. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir nó i dtaobh na gcúrsaí oiliúna agus na scrúduithe a dhéanfas iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran agus féadfaid a ordú cad é an modh ar a dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin,

(b) i dtaobh na gcoinníollacha iontrála chun na scrúduithe, agus

(c) i dtaobh deimhnithe a dheonadh do dhaoine a dhéanfas na cúrsaí agus a ghnóthós na scrúduithe.

Rialacha i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí.

51. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha, socrú a dhéanamh i gcóir nó i dtaobh cúrsaí oiliúna agus scrúduithe d'altraí agus i dtaobh deimhnithe nó diplómanna a dheonadh d'altraí a dhéanfas na cúrsaí sin agus a ghnóthós na scrúduithe sin agus féadfaid a ordú cad é an modh ina dtabharfar oiliúint agus cad iad na coinníollacha faoina dtabharfar í, agus, go háirithe, féadfaidh na rialacha sin socrú a dhéanamh—

(a) i dtaobh an Bord do cheadú léachtóirí agus múinteoirí chun críocha na rialacha sin, agus

(b) i dtaobh na rialacha iontrála chun na scrúduithe.

Scrúduithe a chur ar siúl, etc.

52. —(1) Féadfaidh an Bord na scrúduithe a chur ar siúl a mbeidh socrú déanta ina gcóir le rialacha, agus féadfaid, leis na rialacha sin, modh stiúrtha na scrúduithe sin a rialáil.

(2) Ceapfaidh an Bord na scrúdóirí (agus ní bheidh aon duine acu ina chomhalta den Bhord) ag gach scrúdú a cuirfear ar siúl faoin alt seo, agus beidh ag na scrúdóirí sin pé cáilíochta agus pé taithí maidir le haltranas is cuí leis an mBord, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir scála a cheapfas an Bord le ceadú an Aire.

An Bord do cheadú ospidéal agus foras a bheas ciriúnach chun oríocha oiliúna.

53. —(1) Más deimhin leis an mBord, ar iarratas chuige sin a dhéanamh chucu, ospidéal nó foras a bheith oiriúnach chun altraí, nó iarrthóirí ar chlárú sa chlár d'altraí, d'oiliúint ann, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras sin le haghaidh na hoiliúna sin.

(2) Chun éifeacht a thabhairt d'fhorála fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, le rialacha, coinníollacha oiriúnachta a shonrú d'ospidéil agus d'fhorais.

(3) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ceadú faoin alt seo i leith ospidéil nó forais a tharraing siar.

(4) Aon ospidéal nó foras a ndiúltóidh an Bord é a cheadú, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Aire á iarraidh air a ordú don Bhord é a cheadú agus má dhéanann an tAire, tar éis fíorais an cháis a bhreithniú, an t-ordú sin a dheonadh, ceadóidh an Bord an t-ospidéal nó an foras.

Cóiríocht i bhforas nó i mbrú nó in áit eile a sholáthar.

54. —Féadfaidh an Bord, ar pé téarmaí agus coinníollacha a cheadós an tAire, cóiríocht i bhforas, i mbrú nó in áit eile a sholáthar do dhaoine a bheas ag freastal cúrsaí oiliúna agus is altraí, nó iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

Scoláireachta.

55. —Féadfaidh an Bord, do réir rialacha arna ndéanamh le ceadú an Aire Airgeadais, scoláireachta a sholáthar, nó socrú a dhéanamh le comhluchta eile chun scoláireachta a sholáthar, d'altraí nó d'iarrthóirí ar chlárú i gclár na n-altran.

An teideal altra chláraithe, nó bean chabhartha, a ghabháil go mícheart, etc.

56. —(1) Duine ar bith—

(a) nach duine atá cláraithe i gclár na n-altran, a ghlacfas nó a úsáidfeas an ainm nó an teideal altra chláraithe nó bean chabhartha, go haonraic nó maraon le focail nó litreacha ar bith eile, nó aon ainm, teideal, fuilleamh, tuairisc, éide, deimhniú nó suaitheantas, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cláraithe i gclár na n-altran nó go bhfuil an duine sin aitheanta do réir dlí mar altra chláraithe nó mar bhean chabhartha nó, ach amháin i gcás lia-chleachtóra chláraithe, á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cáilithe go speisialta in asaoideacht, nó

(b) is duine a bhfuil a ainm in aon roinn den chlár agus a ghlacfas nó a úsáidfeas aon ainm, teideal, fuilleamh, tuairisc, éide, deimhniú nó suaitheantas, nó a dhéanfas ar aon tslí eile aon ghníomh d'aon tsaghas á thabhairt le tuiscint go bhfuil an duine sin cláraithe in aon roinn eile de chlár na n-altran nach bhfuil ainm an duine sin inti, nó

(c) a dhéanfas, le hintinn mealltóireachta, úsáid d'aon deimhniú arna eisiúint faoin Acht seo chun an duine sin nó chun duine ar bith eile,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air, i gcás an chéad chiona, agus fíneáil nach mó ná caoga punt i gcás an dara ciona nó aon chiona ina dhiaidh sin.

(2) Má dhéanann duine ar bith, nó má bheireann go ndéanfar, go toiliúil, aon fhalsú ar aon ní a bhaineas leis an gclár, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil chéad punt a chur air.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe.

Gairm a ghabhas eisan altranas

57. —(1) Más deimhin leis an Aire i gcás aon ghairme áirithe gur seach-ghairm í a ghabhas leis an altranas, féadfaidh sé, le hordú, a shocrú go bhféadfar clár na n-altran a leathnú chun an ghairm sin a thabhairt faoina réim agus féadfaidh, leis an ordú sin, a cheangal ar an mBord coiste a cheapadh i leith na gairme sin.

(2) I gcás ordú a dhéanamh faoin alt seo—

(a) féadfaidh an Bord, le rialacha, roinn den chlár a choimeád i leith na gairme lena mbaineann an t-ordú, agus

(b) beidh feidhm maidir leis an ngairm sin, ag forála na Coda seo den Acht seo le pé modhnuithe (más ann) a sonrófar sna rialacha sin.