Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Sonrai ata le cur isteach san Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.)

33 1950


Uimhir 33 de 1950.


AN tACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1947. [27ú Nollaig, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht agus ar an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin.

2. —(1) Cuirfear na trí fo-ailt seo a leanas in alt 43 den Phríomh-Acht in ionad fo-alt (1) agus (2)—

“(1) I ngach bliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta dá éis sin, íocfaidh an t-údarás rátúcháin do líomatáiste gairm-oideachais leis an gcoiste gairm-oideachais don líomatáiste sin pé suim (dá ngairmtear an ranníoc áitiúil bliantúil san Acht seo) a éileos an coiste sin faoin gCuid seo den Acht seo i leith na bliana sin.

(2) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha le coiste gairm-oideachais i leith aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe níos lú ná suim (dá ngairmtear an dliteanas bliantúil íosta sa Chuid seo den Acht seo) is comhionann,—

(a) más comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, le méid ráta trí pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin, nó

(b) más comhairle chontae, seachas contae Chorcaighe, an t-údarás rátúcháin, le méid ráta pingin agus trí feoirlingí sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin, nó

(c) más í comhairle chontae Chorcaighe an t-údarás rátúcháin, le méid ráta dhá phingin sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin.

(2A) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás rátúcháin le coiste gairm-oideachais a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe i leith bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta dá éis sin, níos mó ná suim (dá ngairmtear an dliteanas bliantúil uasta san Acht seo) is comhionann le ráta den uimhir phingneacha sa phunt a sonraítear ag an uimhir thagartha sin i gcolún (3) den Sceideal sin, más í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, an bhliain sin, nó i gcolún (4) den Sceideal sin, más bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin an bhliain sin, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin.”

(2) Cuirfear isteach sa Phríomh-Acht, mar Thríú Sceideal leis, na sonraí atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(3) Measfar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá de Shamhain, 1950, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Cuirfear an fo-alt nua seo a leanas isteach in alt 44 den Phríomh-Acht—

“(1A) Más rud é go ndéanfaidh an scéim bhliantúil a ullmhós coiste gairm-oideachais i leith aon bhliana airgeadais áitiúla (arb í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, í) soláthar i gcóir ranníoca áitiúil bhliantúil is mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin (dá ngairmtear an bhliain roimhe sin sa bhfo-alt seo) de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomátáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, ansin, mura mbeidh an méid a bheas luaite sa scéim sin níos mó, i gcás inar comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta naoi bpingne sa phunt, nó níos mó, i gcás inar comhairle chontae an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta seacht bpingne sa phunt, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, déanfaidh an coiste sin, nuair a bheid ag cur na scéime bliantúla faoi bhráid an Aire, cóip di a thabhairt freisin don údarás rátúcháin.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1951.

Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht.

4. —(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in alt 46 den Phríomh-Acht in ionad fo-ailt (1)—

“(1) Nuair a bheas breithniú déanta ag an Aire ar scéim bhliantúil i leith bliana airgeadais áitiúla (arb í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, í) a chuir coiste gairm-oideachais faoina bhráid—

(a) eiseoidh sé chun an choiste sin deimhniú sa bhfoirm ordaithe á údarú don choiste sin éileamh a dhéanamh ar an údarás rátúcháin do líomatáiste gairm-oideachais an choiste sin ag éileamh ranníoca áitiúil bhliantúil i leith na bliana airgeadais áitiúla sin de pé méid is cuí leis an Aire a shonrú sa deimhniú sin, ag féachaint do na meastacháin chaiteachas agus fáltas atá sa scéim sin agus do na forála ina dhiaidh seo den fho-alt seo,

(b) ní bheidh an méid a sonrófar sa deimhniú níos lú ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith na bliana airgeadais áitiúla sin ná níos mó ná dliteanas bliantúil uasta an údaráis rátúcháin sin i leith na bliana airgeadais áitiúla sin,

(c) más rud é nach bhfuil méid an ranníoca áitiúil bhliantúil atá luaite sa scéim níos mó ná méid an ranníoca áitiúil bhliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin (dá ngairmtear an bhliain roimhe sin sa bhfo-alt seo) de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, nó, más rud é go bhfuil, nach bhfuil sé níos mó, i gcás inar comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta naoi bpingne sa phunt, nó níos mó, i gcás inar comhairle chontae an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta seacht bpingne sa phunt, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, ní bheidh an méid a sonrófar sa deimhniú níos mó ná pé méid den dá mhéid seo a leanas is mó—

(i) méid an ranníoca áitiúil bhliantúil atá luaite sa scéim sin,

(ii) méid an ranníoca áitiúil bhliantúil i leith na bliana roimhe sin,

(d) in aon chás nach mbaineann mír (c) den fho-alt seo leis, ní bheidh an méid a bheas le sonrú sa deimhniú níos mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana roimhe sin de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin mura rud é go ndéanfaidh an t-údarás rátúcháin, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig i ndiaidh an scéim a chur faoi bhráid an Aire, rún a rith ag ceadú an mhéid bhreise sin agus cóip den rún a chur go dtí an tAire agus, d'ainneoin an rúin sin (má ritear é), ní bheidh sé níos mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana roimhe sin de mhéid is mó ná méid ráta dhá phingin sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1951.

Leasú ar alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947.

5. —I mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 ( Uimh. 1 de 1947 ), cuirfear an focal “míle” in ionad na bhfocal “trí mhíle”.

Athghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus amhail ar na dátaí faoi seach a sonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin agus ó na dátaí sin amach.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, a ghairm de na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1947, agus den Acht seo le chéile.