An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Faoiseamh o Chanachas Dubailte: Cain Ioncaim agus Cain Bhrabus Corparaide.)

15 1951

AN tACHT AIRGEADAIS, 1951

CUID III.

Dleachta Bais.

Oibriú díolúintí áirithe.

12. —(1) San alt seo ciallaíonn “díolúine lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) díolúine sin faoi alt 47 den Finance (No. 2) Act, 1915, nó faoin alt sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leasú agus arna oiriúnú,

(b) díolúine ó chánachas faoi alt 63 den Finance Act, 1916, nó faoin alt sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leasú agus arna oiriúnú,

(c) díolúine ó chánachas de bhuaidh coinníll i leith na díolúine sin faoi fho-alt (1) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1923 (Uimh. 21 de 1923) , nó faoin bhfo-alt sin arna oiriúnú, nó

(d) díolúine ó chánachas faoi fho-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , nó faoin bhfo-alt sin arna oiriúnú.

(2) Aon díolúine lena mbaineann an t-alt seo, a mhéid a bhaineas le dleachta is intobhaigh ar bhás nó i ndáil le bás (pé acu bás é a tharlós aon uair tar éis an dáta a rithfear an tAcht seo nó bás a tharla aon uair tar éis an dáta a ritheadh an tAcht dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo maidir leis an díolúine agus roimh an dáta a rithfear an tAcht seo), beidh sí, nó measfar go raibh sí, ina díolúine de shórt d'oibreodh i ndáil le daoine a mbeidh nó a raibh, go díreach roimh an mbás, agus ní ina dhiaidh, na hurrúis iomchuí ar únaeracht tairbhiúil acu.

Athrú ar rátaí dleachta eastáit.

13. —I gcás daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine 1951, is é scála rátaí dleachta eastáit a bheas ann agus ag a mbeidh éifeacht, in ionad an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , ná an scála atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Forála a leanas as an athrú ar rátaí dleachta eastáit.

14. —(1) I gcás nach mó nó dhá mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistríos ar bhás an éagaigh, gan maoin d'áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní déanfar, chun críche dleachta eastáit, an mhaoin sin a chomhshuimiú le haon mhaoin eile, ach beidh sí ina heastát inti féin agus ní bheidh na dleachta leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó dí-thiomnacht an éagaigh i leith an eastáit sin.

(2) Ní bheidh na dleachta socra tríocha scilling agus caoga scilling, a forchuirtear le fo-alt (1) d'alt 16 den Finance Act, 1894, iníoctha ar aon eastát.

(3) Leanfaidh forála fo-ailt (2) d'alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910, d'fheidhm a bheith acu chun na criche a luaitear ann d'ainneoin nach n-éilítear go bhfuil dleacht shocair iníoctha.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 61 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “of any agricultural property comprised in an estate as respects which, if effect is given to that proviso, either the gross value thereof, exclusive of property settled otherwise than by the will of the deceased, does not exceed £500 or the net value thereof, exclusive of property settled otherwise than by the will of the deceased does not exceed £1,000” a chur in ionad “for determining the gross value or the net value of property for the purpose of section sixteen of the principal Act”.

(5) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 31 de 1931 ),—

(a) trí “maoin go raibh diúité eastáit iníoctha uirthi ar fháil bháis dó” a scrios, agus

(b) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “míle punt”.

(6) I gcás inar mó ná dhá mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a bhfuil dleacht eastáit iníoctha ina leith, gan maoin d'áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an méid atá luach glan na maoine, arna mheas chun críche dleachta eastáit, os cionn dhá mhíle punt.

(7) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine, 1951.