An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Scala Ratai Dleachta Eastait.)

15 1951

AN tACHT AIRGEADAIS, 1951

CUID VI.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste go dtí an Stát-Chiste.

21. —D'fhonn airgead a chur ar fáil faoi chomhair muirear ginearálta a bheas ar an bPríomh-Chiste, aistreofar agus íocfar suim trí chéad míle punt as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha i rith na bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “an bhlianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den phríomh-alt, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead, d'éis a chéile, a thosós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952, ach “£427,482” a chur in ionad “£655,432”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (5) den phríomh-alt ach “£269,828” a chur in ionad “£423,979”.

(4) Déanfar suim £653,594 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais, d'éis a chéile, a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1952.

(5) Íocfar an bhlianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon chuid den bhlianacht bhreise, nach mó ná £420,770 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

(8) Leasaítear leis seo fo-alt (4) den phríomh-alt trí “i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire” a chur in ionad “ina tráth-choda comhionanna leathbhliantúla”.

Athghairm.

23. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfas tar éis an 2ú lá de Bhealtaine, 1951.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus i dteannta na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1951, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.