30 1951


Uimhir 30 de 1951.


AN tACHT CÓGAISÍOCHTA, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTACHÁN A BHAINEAS LE CÓGAISÍOCHT. [26ú Nollaig, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1890” an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890;

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Chumainn;

ciallaíonn “drugadóir cláraithe láithreach” duine atá, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, cláraithe sa chlár de dhrugadóirí cláraithe in Éirinn;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “an tréimhse cháiliúcháin” an tréimhse trí bliana a thosnós ar dháta thosach feidhme an Achta seo;

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gcomhairle faoi réir forál an Phríomh-Achta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Pharmacy Act (Ireland), 1875;

ciallaíonn “an cláraitheoir” cláraitheoir an Chumainn;

ciallaíonn “an Cumann” Cumann Cógaiseoirí na hÉireann.

Clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

2. —(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir clár dá ngairmfear clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

(2) Aon drugadóir cláraithe láithreach a bhfuil deimhniú an Chumainn faighte aige á dheimhniú gur ghnóthaigh sé, i rith na tréimhse cáiliúcháin, scrúdú ar a cháilíochta a rinneadh de bhun ailt 3 den Acht seo, beidh sé, ar iarratas i scríbhinn a dhéanamh chun an chláraitheora, i dteideal a chláruithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

(3) Nuair a clárófar duine i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh, bainfear a ainm de chlár na ndrugadóirí cláraithe in Éirinn.

Scrúduithe.

3. —(1) Cuirfidh an chomhairle faoi ndear, i rith na tréimhse cáiliúcháin, na scrúduithe ordaithe a dhéanamh ó am go ham chun go scrúdófar cáilíochta drugadóirí cláraithe láithreacha chun a gcláruithe faoin Acht seo.

(2) Cuirfear na scrúduithe ar siúl na trátha ordaithe agus sa tslí ordaithe agus is daoine a cheapfas an chomhairle, le haontú an Aire, a bheas ina scrúdóirí.

Srian leis an teideal cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh d'úsáid.

4. —Is neamhdhleathach do dhuine ar bith an teideal cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh d'úsáid mura bhfuil sé cláraithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh, agus aon duine a ghníomhós contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

Díol nimheanna, etc.

5. —Beidh cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe i dteideal nimheanna nó oidis liachta a dhíol nó siopa a choimeád ar oscailt chun iad a mhionreic, d'urghnamh nó a chumasc.

Deireadh le héifeacht alt 8 agus 10 d'Acht 1890.

6. —(1) Scoirfidh alt 8 d'Acht 1890 d'éifeacht a bheith aige ach amháin maidir le téarmaí seirbhíse mar phrintíseach nó cúntóir a thosnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1951.

(2) Scoirfidh alt 10 d'Acht 1890 d'éifeacht a bheith aige ach amháin maidir le printíseachta a thosnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1951.

Leasuithe agus feidhmeanna iarmartacha.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “or registered under the Pharmacy Act, 1951, as a dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “registered under this Act as a pharmaceutical chemist”, “or dispensing chemist and druggist” a chur i ndiaidh “such pharmaceutical chemist” agus “or a dispensing chemist and druggist registered as such under the Pharmacy Act, 1951” a chur i ndiaidh “registered as such under this Act”.

(2) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1890, agus na rialacháin chun críocha an fho-ailt sin, le cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe amhail is dá mbeadh sé cláraithe faoin Acht sin mar dhrugadóir cláraithe.

(3) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1890 trí “and of the register of dispensing chemists and druggists” a chur isteach i ndiaidh “register of registered druggists”.

(4) Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1890 trí “or registered dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “registered druggist” agus i ndiaidh “duly qualified pharmaceutical chemist”.

(5) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1890 trí “or of a registered dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “licentiate of the Pharmaceutical Society”.

(6) In aon fhoráil a déantar le haon Acht, nó faoi aon Acht, seachas an Príomh-Acht nó Acht 1890, forléireofar aon tagairt do dhrugadóir cláraithe mar thagairt a fholaíos tagairt do chógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe.

(7) Faoi réir an Achta seo, beidh éifeacht maidir le clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh freisin ag na forála a rinneadh leis an bPríomh-Acht maidir le Clár na gCógaiseoirí d'Éirinn.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar an tAcht Cógaisíochta, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht, Acht 1890 agus an tAcht seo a léamh le chéile agus d'fhorléiriú mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.