2 1952


Uimhir 2 de 1952.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1951. [18ú Márta, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :-

Na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, a bhuanú.

1. —Leanfaidh an hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1953, agus raghaid in éag ansin.

Gearrtheidéal agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1951, agus féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1952, a ghairm de na hAchta sin agus den Acht seo le chéile.