An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Ratai ar Iascaigh.) Ar Aghaidh (CUID VI. Iascaigh a Chosaint.)

5 1952

ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952

CUID V.

Tratha Iascaigh agus Forala Fo-ghabhalacha.

Saosúir choiscthe agus tráth coiscthe.

28. —(1) Is é an saosúr coiscthe bliantúil i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an lú lá de Mheán Fómhair agus dár críoch an 14ú lá d'Aibreán díreach ina dhiaidh sin.

(2) Is é an saosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duánachta i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair agus dár críoch an 31ú lá d'Eanáir díreach ina dhiaidh sin.

(3) Is é an tráth coiscthe seachtainiúil i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dár críoch an 6 a chlog a.m. ar an Luan ina dhiaidh sin.

(4) Féadfar tréimhsí éagsúla d'ordú faoin alt seo i leith coda éagsúla de Líomatáiste an Fheabhail agus, i gcás tréimhse a bheith ordaithe amhlaidh do chuid áirithe den líomatáiste sin, déanfar tagairtí san Acht seo don tsaosúr coiscthe bliantúil, don tsaosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duánachta, nó don tráth coiscthe seachtainiúil, d'fhorléiriú maidir leis an gcuid sin mar thagairtí don tréimhse a bheas ordaithe amhlaidh, do réir mar is gá sa chás.

Iascach le linn saosúirí coiscthe.

29. —Duine ar bith—

(a) a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú (ach amháin le slat agus ruaim), le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil, nó

(b) a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil le haghaidh duánachta, nó

(c) a chabhrós nó a chuideos le haon ghníomh nó iarracht den tsórt sin,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Iascach le linn trátha choiscthe.

30. —Duine ar bith a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú (ach amháin le slat agus ruaim) le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, nó a chabhrós nó a chuideos le haon ghníomh nó iarracht den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Bradáin agus bric a bhacainniú.

31. —(1) Duine ar bith a chuirfeas aon bhacainn, a úsáidfeas aon tsás nó a dhéanfas aon ghníomh chun gluaiseacht bhradán nó breac a bhacainniú i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo,

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo maidir le hiascach dleathach le slat agus ruaim.

Innill sheasamhacha d'aistriú le linn an tsaosúir choiscthe agus an trátha choiscthe.

32. —(1) Cuirfidh áititheoir aon innill sheasamhaigh chun bradáin nó bric a thógáil faoi ndear, díreach tar éis tosach an tsaosúir choiscthe bhliantúil agus go dtí deireadh an tsaosúir sin, agus fós le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, go n-aistreofar an t-inneall seasamhach nó go gcuirfear é ó chumas bradáin agus bric a thógáil nó a ngluaiseacht a bhacainniú.

(2) Duine ar bith nach ndéanfaidh do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “inneall seasamhach” aon líon, acra, inneall nó feiste, a greamaítear sa talamh nó a daingnítear le hancairí nó a coinnítear leis an láimh nó a déantar fosaidh in aon tslí eile agus a húsáidtear d'aon-toisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil.

Líonta d'aistriú ó bhruacha abhann le linn an tsaosúir choiscthe.

33. —Má mhainníonn nó má fhaillíonn duine ar bith a bheas ag gabháil d'iascach bradán nó breac le líonta d'aon tsaghas nó d'aon chineál na líonta sin d'aistriú agus a thabhairt chun siúil ó aon trá nó ó bhruacha aon abhann nó ó na gaobhair le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Usáid líonta le linn an tsaosúir choiscthe nó an trátha choiscthe.

34. —Duine ar bith a dhéanfas aon ní acu seo a leanas le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúl—

(a) a chuirfeas, a ghreamós nó a cheanglós aon líon ar aon chuaille, droichead, sliús nó bual-ghlasa canálach nó ar aon tógála seasamhacha eile den tsórt sin, nó

(b) a leagfas nó a tharraingeos líon ar bith nó a dhéanfas iascach le líon ar bith,

beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.

Toirmeasc ar bhradáin agus bric a gabhadh go neamhdhleathach a dhíol, etc.

35. —(1) Duine ar bith a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina sheilbh aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric a cheannós sé, a dhíolfas sé, a thaispeánfas sé chun a dhíolta nó a gheofar ina sheilbh amhlaidh.

(2) In aon imeachta faoin alt seo, is ar an gcosantóir a bheas sé de dhualgas a chruthú gur gabhadh go dleathach an bradán nó an breac is ábhar do na himeachta.

(3) I gcás duine, is carraera coiteann, a chúiseamh i gcion faoi aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach a bheith ina sheilbh aige, is cosaint mhaith in aghaidh an chúisimh é dá chruthú—

(a) gur mar charraera coiteann agus nach in aon tslí eile a bhí an bradán nó an breac ina sheilbh aige, agus

(b) an tráth a ghlac sé an bradán nó an breac chun é d'iompar, gur sheachaid an coinsíneoir dó deimhniú i scríbhinn arna shíniú ag an gcoinsíneoir á chur i gcéill gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac.

(4) Más rud é—

(a) go gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo maidir le bradán nó breac, agus

(b) go gcruthóidh sé gnr gabhadh an t-iasc le slat agus ruaim in áit áirithe i rith tréimhse seachas an tréimhse choiscthe bhliantúil le haghaidh duánachta san áit sin, agus

(c) i gcás é a bheith toirmiscthe an t-iasc a ghabháil ach amháin do réir cheadúnais, go gcruthóidh sé gur sealbhóir ceadúnais den tsórt sin a ghabh an t-iasc.

díbhfear an cúiseamh ina choinne.

Srianta le bradáin agus bric a dhíol agus d'onnmhuiriú chun a ndíolta.

36. —(1) Beidh éifeacht ag na forála lena mbaineann an t-alt seo maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile ach—

(a) tagairtí don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do bhord coimeádaithe,

(b) tagairtí do Líomatáiste Mhagh Bhile a chur in ionad tagairtí d'aon cheantar, agus

(c) tagairtí d'oifigeach don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do chléireach bhord coimeádaithe.

(2) Déantar leis seo an Coimisiún a dhíolmhadh ó chomhlíonadh na bhforál lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Is iad seo a leanas na forála lena mbaineann an t-alt seo—

(a) Cuid III den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) , arna leasú, agus

(b) Ailt 42 agus 44 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939) .