|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CUIGIU SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) | Ar Aghaidh (AN SEACHTU SCEIDEAL. Rialacha Maidir le Ríomh Acmhainne.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||
[EN] |
AN SEU SCEIDEAL. Leasuithe ar Achtacháin Áirithe. | |
[EN] | ||
Cuid I. Leasuithe ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933). | ||
[EN] | 1. Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (f) d'fho-alt (3) d'alt 10 agus míre (f) d'fho-alt (1) d'alt 15:— | |
[EN] | “(f) i gcás baintrí nó mná singile nach bhfuil aon chleithiúnaí aici, gur híocadh caoga agus dhá ranníoc ar a laghad ina leith i gcaitheamh na tréimhse iomchuí. | |
[EN] | Is ranníoc chun críche na míre seo gach ranníoc acu seo a leanas agus ní hea aon ranníoc eile:— | |
[EN] | (i) ranníoc faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta 1920 go 1952, | |
[EN] | (ii) ranníoc fostaíochta do réir an ghnáth-ráta faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952. | |
[EN] | Sa mhír seo, ciallaíonn ‘ an tréimhse iomchuí ’—. | |
[EN] | (I) más sa chéad, sa dara, sa tríú nó sa cheathrú bliain ranníoca faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, do dháta an iarratais iomchuí—an tréimhse cheithre bliana a chríochnaigh díreach roimh an mbliain ranníoca sin, agus | |
[EN] | (II) in aon chás eile—an tréimhse cheithre bliana ranníoca faoin Acht sin a chríochnaigh díreach roimh an mbliain ranníoca faoin Acht sin ina bhfuil dáta an iarratais.” | |
[EN] | 2. Cuirfear an fho-mhír seo a leanas i ndiaidh fo-mhíre (vi) de mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 13:— | |
[EN] | “(vii) aon airgead a gheofar i bhfoirm shochair mhíchumais, shochair dífhostaíochta, shochair phósta nó shochair mháithreachais faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.” | |
[EN] | 3. Cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-alt (1) agus (2) d'alt 21:— | |
[EN] | “(1) Is duine a cheapfas an tAire chuige sin a bheas ina Mholtóir chun críocha an Achta seo. | |
[EN] | (2) Cinnfidh an tAire Airgeadais luach saothair an Mholtóra. | |
[EN] | (2A) Féadfair a fhoráil le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo go gceapfaidh an tAire duine chun gníomhú in ionad an Mholtóra mura féidir leis an Moltóir bheith i láthair nó má bhíonn sé éagumasach. | |
[EN] | (2B) Beidh cúirt réiteoirí chun críocha an Achta seo comhdhéanta de chomhalta amháin nó níos mó a roghnófar chun fostóirí d'ionadú, maraon leis an líon céanna de chomhaltaí a roghnófar chun daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, d'ionadú, agus le cathaoirleach a cheapfas an tAire. | |
[EN] | (2C) Féadfar a fhoráil le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo go bhféadfar, le toiliú an iarratasóra nó an duine nó an chomhlachais a mbaineann an cheist lena chás, ach nach bhféadfar gan an toiliú sin, dul ar aghaidh le haon iarratas nó ceist a tuairiscíodh nó a tarchuireadh chun cúirte réiteoirí, d'ainneoin aon chomhalta nó comhaltaí den chúirt seachas an cathaoirleach a bheith as láthair, agus in aon chás den tsórt sin measfar, d'ainneoin aon ní san Acht seo, an Chúirt a bheith comhdhéanta go cuí, agus más réidh-uimhir líon na gcomhaltaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gCathaoirleach. | |
[EN] | (2D) Ceapfaidh an tAire, do pé ceantair agus do pé cearda nó grúpa ceard is oiriúnach leis, rollaí de dhaoine a roghnófar chun fostóirí agus daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, d'ionadú faoi seach, agus déanfar na comhaltaí de chúirt réiteoirí a bheas le roghnú chun fostóirí agus daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a roghnú as na rollaí sin sa tslí ordaithe. | |
[EN] | (2E) Faoi réir a ndúradh, cinnfear comhdhéanamh cúirteanna réiteoirí le rialacháin faoin Acht seo. | |
[EN] | (2F) Féadfaidh an tAire pé luach saothair d'íoc le cathaoirleach agus comhaltaí eile cúirte réiteoirí, agus pé liúntais taistil agus liúntais eile (lena n-áirítear, faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo, cúiteamh i gcailliúint aimsire tuillimh) d'íoc le haon chathaoirleach nó comhaltaí den tsórt sin nó le haon daoine ar a gceanglófar teacht i láthair aon chúirte den tsórt sin, agus pé caiteachais eile d'íoc i ndáil le haon réiteoirí, a chinnfeas an tAire le ceadú an Aire Airgeadais: | |
[EN] | Ar choinníoll nach n-íocfar cúiteamh i gcailliúint aimsire le haon duine in aghaidh aon aimsire a bheas sé ag fáil luach saothair faoin alt seo.” | |
Cuid II. Leasú ar an Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935). | ||
[EN] | Cuirfear an focal agus an mhír seo a leanas i ndiaidh fo-mhíre (iv) de mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 9:— | |
[EN] | “nó | |
[EN] | (v) aon tsochair mhíchumais, sochair dífhostaíochta, liúntais mháithreachais nó pinsin (ranníocach) bhaintrí faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.” | |
Cuid III. Leasuithe ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942). | ||
[EN] | 1. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4) d'alt 10:— | |
[EN] | “(4) (a) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacha Cúirte chun gach achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte faoin alt seo a rialáil agus déanfaidh na rialacha sin foráil chun tórainn a chur leis an tréimhse ina bhféadfar achomharc a thionscnamh agus chun aon achomharc nó tarchur den tsórt sin a chinneadh go hachomair agus chun a cheangal go dtabharfar fógra don Aire i dtaobh aon achomhairc den tsórt sin. | |
[EN] | (b) I gcaitheamh na tréimhse idir athghairm fo-ailt (3) d'alt 10 den Unemployment Insurance Act, 1920, leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus déanamh rialacha de bhun míre (a) den fho-alt seo, beidh feidhm maidir le gach achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte faoin alt seo ag na rialacha Cúirte a raibh, díreach roimh an athghairm sin, feidhm acu de bhuaidh an fho-ailt sin chun achomharc agus tarchur chun na hArd-Chúirte a rialáil.” | |
[EN] | 2. I bhfo-alt (2) d'alt 30 cuirfear na focail “an cárta árachais reatha a heisíodh chuige faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, in ionad na bhfocal “an leabhar díomhaointis reatha bheidh tugtha amach dó fén Unemployment Insurance Act, 1920”. | |
[EN] | 3. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (4) d'alt 30:— | |
[EN] | “(4) I gcás gan cárta árachais reatha dhuine árachaithe, a heisíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, a bheith i seilbh a fhostóra lá áirithe, agus oifigeach áitiúil dá dheimhniú nár seachadadh an cárta sin in oifig áitiúil i ndáil le héileamh ar shochar dífhostaíochta faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, ná le hiarratas ar chúnamh dífhostaíochta faoin Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , in aghaidh an lae sin, measfar, chun críocha an dara coinníll reachtúil, an cárta sin a bheith i seilbh an fhostóra sin an lá sin.” | |
[EN] | 4. I bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 38 cuirfear na focail “an Achta um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933” in ionad na bhfocal “an Unemployment Insurance Act, 1920”. | |
[EN] | 5. I mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 39 cuirfear na focail “oifigeach breithiúnachta chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952” in ionad na bhfocal “oifigeach árachais chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920”. | |
[EN] | 6. I bhfo-alt (4) d'alt 43 cuirfear na focail “cárta árachais reatha (a heisíodh faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952)” in ionad na bhfocal “leabhar díomhaointis reatha (arna thabhairt amach faoin Unemployment Insurance Act, 1920)”. | |
7. In alt 44 cuirfear na focail “Acht Leasa Shóisialaigh, 1952”, agus i bhfo-alt (2) d'alt 48 cuirfear na focail “Achta Leasa Shóisialaigh, 1952”, in ionad na bhfocal “Unemployment Insurance Act, 1920”. | ||
8. I mír 1 den Chéad Sceideal cuirfear na focail “in aon oifig, post nó fostaíocht inphinsin i mbuan-fheadhmannas” in ionad na bhfocal “nó fé bhord poiblí a bheidh eiscithe de thuras na huaire ó fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú orduithe speisialta arna dhéanamh fé mhír (c) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin”. | ||
9. Scriosfar mír 2 den Chéad Sceideal. |