|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN SEU SCEIDEAL. Leasuithe ar Achtacháin Áirithe.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||
[EN] |
AN SEACHTU SCEIDEAL. Rialacha Maidir le Ríomh Acmhainne. | |
[EN] | ||
[EN] | 1. Nuair a bheas acmhainn duine á ríomh, cuirfear i gcuntas na nithe seo a leanas:— | |
[EN] | (I) luach bliantúil aon mhaoine leis an duine (nach maoin a úsáideas nó a shealbhaíos an duine go pearsanta) atá infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla ar shlí eile ag an duine nó, cé go bhféadfaí í d'infheistiú nó d'úsáid go tairbhiúil, nach bhfuil infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla amhlaidh ag an duine, agus is mar leanas a ríomhfar luach bliantúil na maoine: | |
[EN] | (a) eisiafar an chéad £25 de luach caipitiúil na maoine, agus | |
[EN] | (b) glacfar gurb é luach bliantúil an chéad £375 eile de luach caipitiúil na maoine an fichiú cuid den luach caipitiúil, agus | |
[EN] | (c) glacfar gurb é luach bliantúil na coda sin de luach caipitiúil na maoine is mó ná £400 an deichiú cuid den luach caipitiúil, | |
[EN] | ach ní cuirfear i gcuntas faoi aon fhoráil eile de na Rialacha seo aon leithreasú ar an maoin chun críocha caiteachais reatha; | |
[EN] | (II) an t-ioncam go léir in airgead (lena n-áirítear, i gcás pinsean faoi na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, glan-luach airgid aon tuillimh neamhairgid as saothar pearsanta) ar réasúnach don duine súil a bheith aige leis i gcaitheamh na bliana i ndiaidh dáta an ríofa, ach ní háireofar— | |
[EN] | (a) aon ioncam i bhfoirm chúnaimh ghinearálta faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , | |
[EN] | (b) aon tsuimeanna as maoin a bheas infheistithe nó curtha chun úsáide tairbhiúla (nach maoin a úsáideas nó á shealbhaíos an duine go pearsanta), | |
[EN] | (c) aon tsuimeanna i bhfoirm pinsin, liúntais, cúnaimh nó sochair faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, na hAchta Liúntas Leanaí, 1944 agus 1946, nó Cuid III den Acht seo, | |
[EN] | (d) aon ioncam as bónas faoi scéim a riaras an tAire Oideachais chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíos sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalas bunscoileanna, | |
[EN] | (e) aon ioncam as íocaíochtaí saorálacha nó as aiscí sa mhéid nach mó é ná £52 5s. 0d. sa bhliain, | |
[EN] | (f) aon ioncam i bhfoirm íocaíaochtaí faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 ), ó údarás sláinte leis an duine nó lena chleithiúnaithe nó ina leith, | |
[EN] | (g) méid aon liúntais, liúntais speisialta, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, nó aon phinsin faoi Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1949, nó méid aon liúntas den tsórt sin agus aon-phinsean den tsórt sin i dteannta a chéile ach amháin an oiread a ghabhas an méid sin thar £80 sa bhliain, | |
[EN] | (h) i gcás daill, a thuilleamh (lena n-áirítear páigh agus brabús ó aon tsórt féin-fhostaíochta) mar dhall ach amháin má ríomhtar agus sa mhéid go ríomhfar méid bliantúil an tuillimh sin a dhul thar méid a comhaireofar mar leanas: | |
[EN] | (i) más fear an duine—£52, móide £39 má tá bean chéile ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó, más fear singil nó baintreach é, má tá baineannach os cionn sé bliana déag d'aois á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige chun aire a thabhairt do leanbh nó leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis, móide £26 i leith gach linbh cháilithe a chónaíos go rialta leis, | |
[EN] | (ii) más bean an duine—£52, móide £26 i leith gach linbh cháilithe a chónaíos go rialta léi, móide £39 má tá a fear céile á chothabháil go hiomlán nó go formhór aici agus é éagumasach ar é féin a chothú mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, | |
[EN] | (i) aon ioncam as deontas nó liúntas de bhun scéime chun leasa dall, a hullmhaíodh faoi alt 2 den Blind Persons Act, 1920, | |
[EN] | agus, in éagmais meáin eile chun é a dhéanamh amach, glacfar gurb é an t-ioncam sin an t-ioncam a fuarthas iarbhír i gcaitheamh na bliana díreach roimh dháta an ríofa; | |
[EN] | (III) luach bliantúil aon bhuntáiste a fhaibhríos chun an duine as úsáid nó seilbh mhaoine (seachas troscán agus éifeachtaí pearsanta) a úsáideas nó a shealbhaíos an duine go pearsanta. | |
[EN] | 2. (1) Faoi réir míre (2) den Riail seo, má dhealraíonn sé duine ar bith a bheith, roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, tar éis aon ioncam nó maoin a chur uaidh nó uaithi go díreach nó go neamhdhíreach chun é féin nó í féin a cháiliú chun an pinsean áirithe d'fháil, nó chun é d'fháil do réir ráta is airde ná an ráta a mbeadh teideal aige nó aici chuige mura mbeadh sin, glacfar chun críocha na Rialacha seo, gur cuid d'acmhainn an duine sin an t-ioncam sin nó luach bliantúil na maoine sin. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir fo-mhíre (b) den mhír seo, ní bhainfidh mír (1) den Riail seo le haon tsannadh— | |
[EN] | (i) is sannadh chun linbh nó leanaí leis an sannóir, agus | |
[EN] | (ii) is sannadh ar mhaoin arb é atá inti feirm thalún (i dteannta nó d'éagmais an stoic agus na hairnéise uirthi) nach mó ná £30 a luach inrátuithe (lena n-áirítear na foirgintí uirthi) agus arb é an sannóir a húnaer agus a háititheoir nó arb é a haititheoir amháin é. | |
[EN] | (b) Ní bhainfidh fo-mhír (a) den mhír seo le sannadh ag duine a bhí, aon tráth laistigh de na trí bliana a chríochnaigh an uair a rinneadh an t-éileamh iomchuí ar phinsean nó an t-iarratas iomchuí ar mhéadú pinsin, ina únaer agus ina áititheoir ar aon tailte talmhaíochta ar mó ná £30 a luach inrátuithe nó comhshuim a luach inrátuithe nó nach raibh an tráth sin ach ina áititheoir ar na tailte sin nó ina únaer agus ina áititheoir ar chuid de na tailte sin agus ina áititheoir ar an gcuid eile. | |
[EN] | (c) Sa mhír seo folaíonn “sannadh” tíolacadh, aistriú nó idirbheart eile d'aon tsórt trína scarann duine le húnaeracht nó seilbh mhaoine. | |
[EN] | 3. (1) I gcás pinsean faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas nuair a beifear ag ríomh acmhainn duine de lánú phósta a chónaíos le chéile: | |
[EN] | (a) glacfar gurb é acmhainn an duine leath acmhainne iomláine na lánúna pósta; | |
[EN] | (b) measfar teideal a bheith ag an duine chun leath na maoine uile a bhfuil teideal chuici ag an duine sin nó ag an duine eile den lánú phósta nó a bhfuil teideal chuici i gcomhpháirt ag an duine sin agus ag an duine eile den lánú phósta; | |
[EN] | (c) chun críocha na Rialach seo déanfar acmhainn gach duine den lánú phósta a chinneadh ar dtús do réir na Rialacha seo (agus gach duine acu á áireamh mar iarratasóir ar phinsean nó ar phinsean do réir ráta is airde) agus is í an acmhainn iomlán comhshuim acmhainne gach duine ar leith acu arna cinneadh amhlaidh; | |
[EN] | (d) nuair a gheobhas duine de lánú phósta bás, ní déanfar aon ní a háiríodh chun críocha pinsin, nó a háireofaí amhlaidh (dá mbeadh teideal ag an duine marbh sin chun aon phinsean d'fháil), mar acmhainn leis an duine marbh, d'áireamh amhlaidh mar acmhainn leis an marthanóir d'fhonn pinsean an mharthanóra a laghdú, má rinneadh aon íocaíocht i leith an phinsin sin roimh bhás an duine mhairbh nó má bhíonn aon íocaíocht iníoctha in aghaidh tréimhse ar caitheadh a hiomlán nó cuid di roimh an mbás sin. | |
[EN] | (2) Má bhíonn fear céile scartha óna bhean chéile, déanfar aon tsuim atá á híoc aige léi faoi ordú scarúna a bhaint as a acmhainn nuair a beifear á ríomh sin. | |
[EN] | 4. Measfar, i gcás pinsean (neamhranníocach) baintreach, go bhfuil ar áireamh in acmhainn bhaintrí— | |
[EN] | (a) má bhíonn leanbh cáilithe amháin (agus gan níos mó ná sin) ina chónaí go rialta léi—aon acmhainn leis an leanbh (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh), | |
[EN] | (b) má bhíonn beirt leanaí cáilithe (agus gan níos mó ná sin) ina gcónaí go rialta léi—aon acmhainn leis na leanaí (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh), | |
(c) má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cáilithe ina gcónaí go rialta léi—acmhainn beirte de na leanaí, á ghlacadh chun na críche seo gurb é meán-mhéid acmhainne na leanaí go léir acmhainn gach linbh ar leith acu (gan aon ioncam airgid as saothar pearsanta d'áireamh). |