|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Sochar.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Daoine Árachaithe agus Rannóoca. | |
[EN] |
Daoine árachaithe. |
4. —(1) Faoi réir forál an Achta seo— |
[EN] | (a) is ranníocóir fostaithe chun críocha an Achta seo gach duine os cionn sé bliana déag d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin a bheas, ar an lá ceaptha nó dá éis, ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nach fostaíocht a sonraítear i gCuid II den Sceideal sin, agus | |
[EN] | (b) gach duine a thiocfas chun bheith ina ranníocóir fostaithe den chéad uair, beidh sé dá chionn sin árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh dá éis sin ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh. | |
[EN] | (2) Faoi réir forál an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir fostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ar a laghad céad, caoga agus sé ranníoca fostaíochta íoctha ina leith, beidh teideal aige, ar é dá iarraidh sin sa tslí ordaithe agus laistigh den tréimhse ordaithe, bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníoc faoin Acht seo go saorálach (dá ngairmtear ranníocóir saorálach san Acht seo). | |
[EN] | (3) Scoirfidh ranníocóir saorálach de bheith ina ranníocóir saorálach má thagann sé chun bheith ina ranníocóir fostaithe. | |
[EN] | (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar mar ranníocóirí fostaithe daoine a bheas ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (5) Féadfar a fhoráil le rialacháin— | |
[EN] | (a) go ndéanfar fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta d'eisiamh ó na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó | |
[EN] | (b) go gcuirfear leis na fostaíochtaí a sonraítear amhlaidh fostaíochtaí áirithe nó aon aicmí fostaíochta, | |
[EN] | agus, más dóigh leis an Aire gurb iomchuí aon mhodhnuithe a dhéanamh ar an Acht seo ag féachaint chun na críche dá ndéantar na rialacháin, féadfaidh na rialacháin na modhnuithe sin a dhéanamh. | |
[EN] | (6) Má beartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fo-ailt (4) nó fo-ailt (5) den alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Foráil ghinearálta maidir le hairgead le haghaidh sochar, etc. |
5. —Chun airgead a sholáthar faoi chomhar an chaiteachais ar shochar agus chun aon íocaíochtaí eile d'íoc a bheas le n-íoc faoin Acht seo as an gCiste, déanfar— |
[EN] | (a) ranníoca (dá ngairmtear ranníoca fostaíochta san Acht seo) i leith ranníocóirí fostaithe, arb é a bheas i ngach ranníoc acu ranníoc ón ranníocóir fostaithe agus ranníoc (dá ngairmtear an ranníoc fostóra san Acht seo) ó fhostóir an ranníocóra fhostaithe, | |
[EN] | (b) ranníoca (dá ngairmtear ranníoca saorálacha san Acht seo) i leith ranníocóirí saorálacha, agus | |
[EN] | (c) íocaíochtaí as airgead a sholáthrós an tOireachtas. | |
[EN] |
Ranníoca i gcoitinne. |
6. —(1) Is ranníoca seachtainiúla na ranníoca fostaíochta agus beid le n-íoc ag ranníocóirí fostaithe agus ag fostóirí ranníocóirí fostaithe do réir na rátaí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Is ranníoca seachtainiúla na ranníoca saorálacha agus beid le n-íoc ag ranníocóirí saorálacha, atá faoi bhun aoise inphinsin, do réir scilling agus sé pingne in aghaidh seachtaine ranníoca, pé acu fir nó mná na ranníocóirí saorálacha. | |
[EN] | (3) Déanfar ranníoca fostaíochta agus ranníoca saorálacha d'íoc isteach sa Chiste. | |
[EN] | (4) Beidh ranníoc fostaíochta iníoctha in aghaidh gach seachtaine ranníoca a raibh ranníocóir fostaithe ar fostú ag fostóir ar a feadh nó ar feadh coda dhi, ach— | |
[EN] | (a) má bhíonn ranníoc amháin íoctha i leith ranníocóra fhostaithe in aghaidh aon tseachtaine den tsórt sin, ní bheidh aon ranníoc eile iníoctha ina leith in aghaidh na seachtaine sin, agus | |
[EN] | (b) mura bhfuarthas aon luach saothair in aghaidh aon tseachtaine den tsórt sin, agus murar thug ranníocóir fostaithe aon tseirbhísí lena linn, nó murar thug ranníocóir fostaithe aon tseirbhísí i rith aon tseachtaine den tsórt sin agus go bhfuair an ranníocóir fostaithe sochar míchumais nó liúntas máithreachais in aghaidh na seachtaine sin go léir nó in aghaidh coda dhi, ní dhlífidh an fostóir aon ranníoc d'íoc thar a cheann féin ná thar ceann an ranníocóra fhostaithe in aghaidh na seachtaine sin. | |
[EN] | (5) Beidh an fostóir, maidir le haon ranníoc fostaíochta, faoi dhliteanas, ar an gcéad ásc, an ranníoc fostóra a háirítear ann agus fós, thar ceann agus d'eisiamh an ranníocóra fhostaithe, an ranníoc a háirítear ann agus atá iníoctha ag an ranníocóir sin d'íoc. | |
[EN] | (6) Beidh teideal, faoi réim agus do réir rialachán, ag fostóir méid aon ranníoca a ghnóthú ó ranníocóir fostaithe a bheas íoctha nó le n-íoc aige thar ceann an ranníocóra sin agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfar a údarú, le rialacháin chun críocha an fho-ailt seo, é a ghnóthú trína bhaint as luach saothair an ranníocóra fhostaithe, ach forálfar le haon rialacháin den tsórt sin— | |
[EN] | (a) mura bhfaigheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, nach mbeidh teideal ag an bhfostóir méid aon ranníoca den tsórt sin a ghnóthú uaidh, agus | |
[EN] | (b) má gheibheann an ranníocóir fostaithe aon luach saothair in airgead ón bhfostóir, nach mbeidh teideal ag an bhfostóir aon ranníoc den tsórt sin a ghnóthú uaidh ar shlí seachas trí asbhaintí. | |
[EN] | (7) D'ainneoin aon chonartha contrártha dhó sin, ní bheidh teideal ag fostóir an ranníoc fostóra i leith duine ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin ná a ghnóthú uaidh ar aon tslí eile. | |
[EN] | (8) Measfar aon tsuim a bhainfeas fostóir as luach saothair faoi rialacháin chun críocha an ailt seo a bheith curtha ar a iontaoibh chun an ranníoc ar ina leith a baineadh í d'íoc. | |
[EN] | (9) Féadfar le rialacháin athrú a dhéanamh ar rátaí na ranníoc fostaíochta nó na ranníoc saorálacha, ach, má beartaítear rialacháin den tsórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Eisceadh ó dhliteanas i leith ranníoc, agus creidiúnú ranníoc. |
7. —Féadfar a fhoráil le rialacháin— |
[EN] | (a) go ndéanfar eisceachtaí ón dliteanas chun ranníoca d'íoc in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, agus | |
[EN] | (b) go gcreidiúnófar ranníoca do dhaoine árachaithe in aghaidh aon tréimhsí sonraithe, lena n-áirítear go go háirithe— | |
[EN] | (i) tréimhsí dá ndéantar eisceacht, de bhuaidh mire (a) den alt seo, ón dliteanas chun ranníoca d'íoc, agus | |
[EN] | (ii) an tréimhse ó thosach na bliana ranníoca deiridh roimh bhliain a dteachta chun bheith ina ndaoine árachaithe go dtí a dteacht faoi árachas. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le ranníoca d'íoc. |
8. —(1) Faoi réir forál an Achta seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin maidir le haon nithe a bhaineas le híoc agus bailiú ranníoc agus go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) ranníoca d'íoc trí stampaí greamaitheacha (dá ngairmtear stampaí árachais san Acht seo) a ghreamú de chártaí (dá ngairmtear cártaí árachais san Acht seo) nó ar shlí eile, agus rialú a dhéanamh i dtaobh an mhodha, na dtráth, agus na gcoinníollacha chun stampaí árachais a ghreamú nó íocaíochtaí a dhéanamh ar shlí eile; | |
[EN] | (b) cártaí árachais d'eisiúint, a choimeád, a thabhairt ar aird, agus a thabhairt suas, agus cártaí árachais a sholáthar in ionad cinn a cailleadh, a díthíodh, nó a haghloiteadh; | |
[EN] | (c) ranníoca a híocfar tar éis na ndátaí dlite d'áireamh, chun críche aon chirt chun sochair, mar ranníoca a híocadh ar na dátaí sin nó ar pé dátaí a hordófar, agus is déanaí ná iad sin, nó mar ranníoca nár híocadh; | |
[EN] | (d) ranníoca a ghnóthú (gan dochar d'aon leigheas eile) trí inchúisimh a tionscnófar faoin Acht seo nó dá bhuaidh, | |
[EN] | (2) Aon rialacháin chun críocha an ailt seo a dhéanfas foráil maidir le ranníoca d'íoc, de roghain na ndaoine a dhlífeas iad d'íoc,— | |
[EN] | (a) trí stampaí árachais, nó | |
[EN] | (b) ar mhodh éigin eile, a bhéarfas níos mó caitheachais riaracháin ar na ranna Stáit iomchuí ná mar bheadh orthu dá mba trí stampaí árachais a híocfaí na ranníoca, féadfaidh foráil a bheith iontu go mbeidh na táillí ordaithe le n-íoc leis an Aire ag aon duine a ghlacfas aon mhodh eile den tsórt sin agus go mbeid inghnóthuithe ag an Aire. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo agus baileofar agus glacfar gach táille den tsórt sin i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir treoracha an Aire sin. | |
[EN] |
Suimeanna a híocadh de dhearmad mar ranníoca d'aischur. |
9. —Forálfar le rialacháin go ndéanfar aon tsuimeanna a híocadh de dhearmad mar ranníoca d'aischur, faoi réir aon choinníollacha, srianta, agus asbhaintí a sonrófar sna rialacháin. |
[EN] |
Ullmhú agus eisiúint stampaí árachais, etc. |
10. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo déanfar stampaí árachais d'ullmhú agus d'eisiúint i pé slí a threoros na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin a dhéanfaid, a fhoráil go mbeidh feidhm, faoi réir an oiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais, ag gach ceann nó aon cheann de na forála, lena n-áirítear forála pionósacha, atá sna hachtacháin seo a leanas, is é sin le rá, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, agus féadfaid, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, socrú a dhéanamh chun stampaí Arachais a dhíol trí Oifig an Phoist. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas a fhoráil le hordú gurb é an tAire Poist agus Telegrafa, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim, a fheidhmeos agus a chomhlíonfas aon chumhachta agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le stampaí árachais, agus féadfaidh aon fhorála a bheith in aon ordú den tsórt sin a chífear don Rialtas a bheith riachtanach nó oiriúnach chun lán-éifeacht a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbainfidh an t-ordú sin sa tslí a forálfar leis an ordú sin. | |
[EN] |
Daoine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin, etc. |
11. —(1) Maidir le daoine— |
[EN] | (a) atá ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin in aon tseachtain ranníoca, nó | |
[EN] | (b) a oibríos faoi rialú nó bainistí ginearálta duine éigin seachas a ngar-fhostóir, | |
[EN] | agus maidir le haon chásanna eile ar dóigh leis an Aire gur gá socrú speisialta ina dtaobh, féadfar a fhoráil le rialacháin go n-áireofar, chun críocha an Achta seo, gurb é duine a hordófar a bhfostóir. | |
[EN] | (2) Féadfaidh na rialacháin a déanfar de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh cearta an duine a n-ordófar gurb é an fostóir é, cearta an ghar-fhostóra agus cearta na ndaoine ar fostú a choigeartú idir na daoine sin. | |
[EN] |
Modhnuithe i gcás daoine i bhfostaíochtaí áirithe. |
12. —(1) Féadfar le rialacháin forála an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás— |
[EN] | (a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a sonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6 agus 7 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó | |
[EN] | (b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil, | |
[EN] | (c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó | |
[EN] | (d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meán-scoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó | |
[EN] | (e) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm. | |
[EN] | (2) Is forála gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Acht seo i dtaobh rialachán forála an ailt seo. | |
[EN] |
Modhnuithe i gcás daoine árachaithe lasmuigh den Stát. |
13. —(1) Féadfar le rialacháin forála an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás daoine atá nó a bhí lasmuigh den Stát le linn bheith árachaithe faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Na modhnuithe a féadfar a dhéanamh le rialacháin chun críocha an ailt seo folóid, go háirithe, na focail “sa Stát” a scrios as mír 1 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Is forála gan dochar do ghinearáltacht aon fhorála eile den Acht seo i dtaobh rialachán forála an ailt seo. |